Díolacháin Cheadúnas Teilifíse
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 16 Aibreán 2024
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
Is é An Post an Gníomhaire i gcomhair díolachán Ceadúnas Teilifíse, mar a leagtar amach in Alt 145 den Acht Craolacháin.
Tá eolas maidir le díolacháin Cheadúnas Teilifíse in aghaidh na seachtaine agus na míosa, arna thuarisciú ag An Post, ar fáil sa PDF thíos. Ní mór na pointí a leanas a chur san áireamh agus na sonraí seo á léirmhíniú.
Díolacháin in aghaidh na Seachtaine
• Cé go mbíonn 5 lá de dhíolacháin i mórchuid na seachtainí, d’fhéadfadh seachtainí ag tús agus deireadh míosa a bheith níos giorra. Cuirtear an líon laethanta díolachán in iúl, chun comparáidí cruinne seachtainiúla bliain ar bhliain a éascú.
• Bíonn líon na ndíolachán luaineach ó sheachtain go seachtain, agus mar sin ní féidir brath ar chomparáid a dhéanamh ar sheachtain amháin leis féin ó bhliain go bliain.
• Déanann An Post taifead ar cheannacháin dochair dhírigh ar bhonn míosúil, agus mar sin ní thugtar na díolacháin seo san áireamh in iomláin sheachtainiúla na ndíolachán.
Díolacháin in aghaidh na Míosa
• Tá díolacháin cheadúnas agus íocaíochtaí trí dhochar díreach san áireamh sna hiomláin mhíosúla agus meastar gur comparadóirí níos fearr iad ná na díolacháin in aghaidh na seachtaine.
• Bíonn difríochtaí beaga ann de ghnáth i líon na laethanta díolachán i mí áirithe ar bith ó bhliain amháin go bliain eile, agus d’fhéadfadh go mbeadh tionchar aige seo ar chomparáidí idir bhlianta.
Eolas faoi Dhíolacháin
An eolas is déanaí maidir le díolacháin in aghaidh na seachtaine agus na míosa ó Eanáir 2022 i leith le fáil thíos. Déanfar an t-eolas seo a nuashonrú gach seachtain.