English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Deich mBliana na gCuimhneachán


Deich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023 (críochnaithe anois)

Thosaigh Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán in 2012 agus díríodh ar dtús ar an iliomad cuimhneachán suntasach a bhí ar siúl le linn na tréimhse 2012–2016. Tháinig an Clár go maith le clár leanúnach na gcomórthaí Stáit bliantúla, nuair a bhíodh imeachtaí comórtha speisialta ar siúl ar chothrom céad bliain na n-imeachtaí stairiúla.

Bhí clár Dheich mBliana na gCuimhneachán leathan agus cuimsitheach, agus leagadh béim ann ar choinníollacha eacnamaíocha agus sóisialta na tréimhse, ar na hathruithe a tháinig sna noirm chultúir agus ar thaithí na nÉireannach thar lear.

Rinne an Clár, atá anois tagtha chun deiridh:

  • Cuimsiú ar na traidisiúin éagsúla ar oileán na hÉireann;
  • Tuiscint agus meas a neartú i measc an phobail i gcoitinne maidir le himeachtaí a mbíonn tábhacht ag baint leo;
  • Chruthaigh sé deiseanna le díriú ar thaithí laethúil na ngnáthdhaoine a bhí beo le linn ré shuaithinseach, agus ar cheannairí agus phríomhghníomhaithe sna himeachtaí seo freisin;
  • Chuir sé léargas úr agus dialóg fhiúntach ar fáil;
  • Chothaigh sé comhthuiscint níos doimhne i measc daoine as na traidisiúin éagsúla.

Thug an clár deis níos mó díriú ar fhorbairt rochtain a fháil ar thaifid stairiúla agus bhunfhoinsí ón tréimhse, agus deis a bheith ag obair le comhlachtaí cultúir áitiúla agus náisiúnta chun sraith taispeántas agus pléití poiblí a chur i láthair.

D'oibrigh an roinn le páirtithe leasmhara ó chomhlachtaí ionadaíocha agus leis an earnáil pobail agus dheonach tré chéile chun tionscnaimh chomórtha faoin gclár a éascú le linn an ama.

Lean an cur chuige foriomlán chun na comórthaí a phleanáil agus a sholáthar go dtí deireadh Dheich mBliana na gCuimhneachán (2020–2023) na prionsabail a leagtar amach sa Ráiteas Tosaigh ón nGrúpa Comhairleach um Chomórthaí Céad Bliain(2013) agus Ráiteas Misin an Dara Céim den Ghrúpa Comhairleach Saineolaithe(2017) agus bhí sé bunaithe ar an Tuairisc treorach (2019) ón nGrúpa seo agus ó chomhairliúchán leis an nGrúpa Comhairliúcháin Uile-pháirtí do na Cuimhneacháin.

Bhí an Clár seo bunaithe ar chur chuige de cheithre ghné ina raibh an méid seo a leanas:

  • Gné Searmanais Stáit ina raibh líon teoranta gníomhartha siombalacha de chomóradh náisiúnta a dhírigh ar théamaí an chuimhneacháin agus an réitigh agus ar chomóradh a dhéanamh ar na daoine sin a fuair bás le linn na tréimhse seo;
  • Gné Stairiúil ina raibh réimse éagsúil gníomhaíochtaí a bhí leagtha amach chun fiosrú stairiúil faoin tréimhse seo a spreagadh agus úsáid na mbunfhoinsí cartlainne a chur chun cinn;
  • Gné Pobail, ina raibh cur chuige comhoibríoch i gceist – cur chuige atá cosúil leis an gceann a glacadh le haghaidh chuimhneacháin chéad bliain 1916 – idir an Stát, líonra na n-údarás áitiúil agus eagraíochtaí pobail, agus Tuaisceart Éireann san áireamh nuair a ba chuí;
  • Gné na Samhlaíochta Cruthaithí a spreag léiriú ealaíne agus cruthaitheach i gcomóradh imeachtaí stairiúla suntasacha na tréimhse agus i gcomóradh na ndaoine go léir a cailleadh.

Ba í an aidhmh a bhí le clár cuimhneacháin céad bliain an Stáit go dtabharfar chun cuimhne an tréimhse casta stairiúil seo go cuí agus go cóir, go measúil agus go tuisceanach.

Is féidir na foilseacháin a bhaineann leis an gClár a fháil anseo, agus is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Comórtha ag commemorations@tcagsm.gov.ie