English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ealaín Phoiblí

De réir chinneadh ón Rialtas i 1997, ba cheart go bhfolódh buiséid na gcomhlachtaí poiblí a sholáthraíonn tionscadail chaipitil céatadán d’ealaíon phoiblí faoi Scéim Céatadán d’Ealaín.

Is iad na teorainneacha atá leagtha síos faoin scéim – suas le 1% den bhuiséad tógála foriomlán faoi réir na dteorainneacha seo a leanas:

  • féadfaidh tionscadail tógála a chosnaíonn suas le €2,550,000 uasbhuiséad ealaíne €25,500 a fholú
  • i gcás tionscadail a chosnaíonn idir €2,550,000 agus €6,300,000, lamháiltear 1% eile (suas le €12,500) ina dtugtar uasbhuiséad ealaíne €38,000
  • i gcás tionscadal a chosnaíonn idir €6,300,000 agus €12,700,000, lamháiltear 1% eile (suas le €13,000) ina dtugtar uasbhuiséad ealaíne €51,000
  • i gcás tionscadal a chosnaíonn níos mó ná €12,700,000, lamháiltear 1% deiridh (suas le € 13,000) ina dtugtar buiséad ealaíne €64,000

Sheol an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta i nDánlann Náisiúnta na hÉireann go foirmiúil na Treoirlínte maidir le Cur i bhFeidhm Scéim Céatadán d’Ealaín, Dé Máirt, an 7 Nollaig, 2004.

Beartaíonn na Treoirlínte na daoine sin a chur ar an eolas agus cabhrú leo tríd an obair a choimisiúnú faoi Scéim Céatadán d’Ealaín.

Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait faoi Scéim Céatadán d’Ealaín, téigh i dteagmháil le:

Arts + Film and Investment

Seoladh:
New Road, Killarney, Co Kerry, V93 A49X
Ríomhphost:

arts.unit@tcagsm.gov.ie

Teileafón:
064 662 7300;
1890 273 000

Tá tuilleadh faisnéise faoi Ealaín Phoiblí agus faoi Chéatadán d’Ealaín ar fáil ar an suíomh gréasáin www.publicart.ie.