Féilte agus Scoileanna Samhraidh Áitiúla ar Scála Beag 2025
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 4 Márta 2020
- An t-eolas is déanaí: 25 Feabhra 2025
- Intreoir
- Cuspóir/Réasúnaíocht
- Iarratais
- Incháilitheacht
- Nithe nach gcuirimid maoiniú ar fáil ina leith
- Scéim Marcála
- Pointe teagmhála
- Próiseas Achomhairc
- Spriocdhátaí
- An tAcht um Shaoráil Faisnéise
- Ráiteas Príobháideachais
- Conas iarratas a dhéanamh
Intreoir
Le linn 2025 beidh ciste ar bun ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán d’Fhéilte agus Scoileanna Samhraidh Áitiúla ar Scála Beag chun tacú le sprioc ardleibhéil na Roinne maidir le rochtain a fheabhsú ar na hearnálacha ealaíon, cultúir agus scannán agus le haitheantas a thabhairt do ról sóisialta agus eacnamaíoch na n-earnálacha sin in Éirinn.
Cuireann na tionscadail go mór le forbairt agus le cur chun cinn thurasóireacht chultúrtha inmharthana na hÉireann, chun leasa an turasóra baile agus eachtrannaigh araon agus is gné thábhachtach iad de chur i gcrích na gceangaltas turasóireachta cultúrtha i gClár an Rialtais.
Tá sé i gceist go mbeidh uasmhéid an chistithe €5,000.
Cuspóir/Réasúnaíocht
Cuidíonn an scéim seo leis an Roinn a cuspóir a bhaint amach maidir le tacaíocht a thabhairt do dhaoine aonair agus pobail chun páirt a ghlacadh sna healaíona, i gcúrsaí gcultúir agus i gcruthaitheacht agus é sin a fhorbairt, d’fhonn beatha daoine a shaibhriú trí ghníomhaíocht chultúrtha. Ní mór do thionscadail a maoineofar faoin scéim seo rochtain ar earnálacha na n-ealaíon, an chultúir agus na scannán a fheabhsú chun ról sóisialta agus eacnamaíoch na n-earnálacha sin in Éirinn a aithint.
Tá an Scéim i gcomhair Féilte agus Scoileanna Samhraidh Áitiúla ar Scála Beag forchoimeádta d’fhéilte agus scoileanna samhraidh neamhbhrabúis agus imeachtaí eile cosúil leo.
Tá an Scéim deartha chun tacú le féilte cultúir áitiúla agus le scoileanna samhraidh nach bhfuil airgead de chuid an Rialtais láir á fháil acu agus b’fhéidir nach bhfuil incháilithe faoi chritéir mhaoinithe d'imeachtaí mórscála a fhaigheann tacaíocht ó Fáilte Ireland, ón gComhairle Ealaíon agus ó chomhlachtaí den chineál céanna. Níl imeachtaí atá maoinithe ag an gComhairle Ealaíon agus ag Fáilte Ireland incháilithe.
Tá Scéim na bhFéilte Áitiúla agus na Scoileanna Samhraidh Mionscála á reáchtáil ag an Roinn seo faoi láthair. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn trí ríomhphost a sheoladh chuig f&ss@tcagsm.gov.ie . Déantar measúnú ar iarratais ar bhonn iomaíoch, agus déanann coiste measúnaithe é. Is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Choiste.
Iarratais
Ní mór d’iarratais:
• gan bheith ag fáil maoiniú ón gComhairle Ealaíon nó ó Fáilte Ireland don imeacht atá mar ábhar an iarratais. Áirítear leis sin bunmhaoiniú na Comhairle Ealaíon/Fáilte Ireland i gcás inar cuid den bhunghnó an t-imeacht. Tabhair faoi deara le do thoil go bhfíoróidh an tAonad Scéimeanna agus Tionscnaimh Chultúrtha an bhfuil maoiniú ón gComhairle Ealaíon/Fáilte Éireann i bhfeidhm do gach iarratas incháilithe.
• an cuspóir, an sprioc agus an toradh deiridh atáthar ag obair ina threo maidir leis an tionscadal beartaithe a leagan amach go soiléir;
• a mhéid is a chomhlíonann an tionscadal cuspóirí na Scéime a léiriú, le tagairt faoi leith do ghné na Scoileanna Samhraidh nó na bhFéiltí;
• costais agus ioncam uile an tionscadail a shonrú i bhformáid tábla;
• a dheimhniú nach mbíonn na comhlachtaí, na heagraíochtaí ná na forais ag feidhmiú ar mhaithe le brabús a dhéanamh; d’fhéadfadh an Roinn fianaise a lorg ar nós an Meabhrán & Airteagail Chomhlachais chun an stádas neamhbhrabúis a léiriú.
• achoimre a thabhairt ar shonraí maidir le maoiniú ó aon chomhlacht poiblí eile nó a thabhairt le fios go soiléir nach bhfuil maoiniú den sórt sin á fháil agat;
• a dheimhniú gur féidir an tionscadal a bhaint amach maidir leis an scála, leis an acmhainn chun é a sheachadadh, leis na costais, leis an gcúnamh atá á lorg, agus leis an amlíne chun é a sheachadadh;
• barántas a thabhairt go bhfuil gach uiríoll a dhéantar mar gheall ar an iarratas ar mhaoiniú cruinn agus fíor;
• na ceadúnais rialacháin riachtanacha a bheith i bhfeidhm;
• a bheith comhlíontach maidir le cúrsaí cánach- Tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir iarratais a mheasúnú gan uimhir thagartha cánach
• cóipeanna d'árachas don imeacht/ árachas dliteanais phoiblí / árachas cuí eile a chur ar fáil;
• mionsonraí a chur ar fáil maidir le tionscnaimh a bhaineann le Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú; an Ghaeilge; nó Gníomhú ar son na hAeráide;
• fianaise a chur ar fáil gur chláraigh an eagraíocht leis an gCód Iompair Sábháilte le Cruthú https://www.safetocreate.ie/ ; agus
• ná húsáid hipearnaisc chuig ábhar breise mar ní bheidh sé seo san áireamh sa mheasúnú
Déanfar measúnú ar iarratais ar bhonn iomaíoch agus ní bheidh aon dul thar chinneadh an choiste measúnachta.
Má éiríonn leis an iarratas, beidh dearbhú ag teastáil uainn gur tugadh fógra don Údarás Áitiúil ar a laghad mí amháin roimh an imeacht.
Incháilitheacht
Beidh na critéir cháilitheachta seo a leanas i bhfeidhm:
• Ní dhéanfar measúnú ach ar iarratas amháin ó gach comhlacht i gcomhair imeacht nó tionscadal amháin
• Ní bheidh iarratasóirí a bhfuil maoiniú díreach á chur ar fáil dóibh ag Fáilte Ireland agus ag an gComhairle Ealaíon incháilithe do mhaoiniú faoin Scéim seo
• Níl cead ag iarratasóirí cur isteach ar mhaoiniú faoi scéim ar bith eile a chuireann Aonad na Scéimeanna Cultúrtha ar fáil (Scéim Taispeántais na Músaem Réigiúnach, Scéim Maoinithe um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann, Scéim Maoinithe d'Fhéilte agus do Scoileanna Samhraidh Áitiúla ar Scála Beag, Scéim um Inaistritheacht na mBailiúchán) don tionscadal céanna. Má chuireann an tionscadal céanna isteach ar níos mó ná scéim amháin, d’fhéadfaí diúltú don dá iarratas nó d'aon iarratas a tugadh isteach
• Má tá eagraíocht nó imeacht ag fáil bunmhaoiniú oibriúcháin (is é sin, maoiniú díreach ó rannóg an Chultúir) ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, níl sé incháilithe do mhaoiniú faoin scéim seo
• Ní mór d’eagraíochtaí clárú leis an gCód Iompair Sábháilte le Cruthú le go measfaí iad a bheith incháilithehttps://www.safetocreate.ie/
Déanfar íocaíocht nuair a bheidh sonraisc íoctha faighte in éineacht le tuarascálacha ábhartha agus i riaráistí cruthúnas ar íocaíocht i riocht ráitis bainc. Ní féidir íocaíochtaí in airgead tirim a chúiteamh.
Mura gcomhlíontar na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an maoiniú, d’fhéadfaí maoiniú a tharraingt siar agus/nó cosc a chur ar iarratas a chur isteach ar scéimeanna eile ar feadh téarma seasta.
Nithe nach gcuirimid maoiniú ar fáil ina leith
Chun tuilleadh soiléireachta a thabhairt, seo thíos liosta de na nithe a thagann lasmuigh de raon na scéime agus nach mbeidh incháilithe do mhaoiniú. Ní liosta cuimsitheach é seo agus forchoimeádann an coiste measúnaithe an ceart aon iarratas a dhiúltú.
1. Tionscadail chaipitil (e.g. trealamh, uirlisí ceoil, plaiceanna, dealbha, srl.)
2. Laethanta spóirt agus imeachtaí spóirt
3. Imeachtaí Laethanta Spraoi do Theaghlaigh (Preabchaisleáin, Fir Ghrinn agus Péinteáil Aghaidheanna, srl)
4. Campaí aclaíochta
5. Féilte Bia
6. Imeachtaí tráchtála / fiontar a dhéanann brabús
7. Imeachtaí na mBailte Slachtmhara
8. Fáiltithe/Fáilteachas, lena n-áirítear lónadóireacht agus alcól
9. Lóistín, cothú agus béilí
10. Íocaíochtaí in airgead tirim
11. Míleáiste / costais taistil
12. Duaiseanna agus Dearbháin
13. Bronntanais
14. Sonraisc in ainm an iarratasóra/na heagraíochta nó cuideachtaí faoi úinéireacht an iarratasóra
15. Costais rialta oibriúcháin, tuarastail, forchostais agus táillí cuntasaíochta san áireamh
Scéim Marcála
Marcálfar na hiarratais bunaithe ar na critéir seo a leanas:
• A mhéid a chomhlíonann an tionscadal cuspóirí na scéime
• Réalaíoch maidir leis an scála, leis na costais, leis an gcúnamh atá á lorg, agus leis an amlíne chun é a sheachadadh
• Acmhainn an tionscadal a sheachadadh a léiriú
• Leibhéal na ranníocaíochta pearsanta nó tacaíochta (neamhstáit) i leith an tionscadail
• Tionscnaimh maidir le Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú; an Ghaeilge nó Gníomhú ar son na hAeráide a chur san áireamh
Pointe teagmhála
Is féidir ceisteanna a sheoladh i ríomhphost chuig F&SS@tcagsm.gov.ie
Má tá uimhir iarratais agat, cuimhnigh í seo a chur isteach i ngach comhfhreagras.
Tabhair faoi deara freisin gur féidir an doiciméad seo a nuashonrú ó am go chéile.
Próiseas Achomhairc
Cé is féidir achomharc a dhéanamh:
Is féidir le hiarratasóir achomharc a dhéanamh sa chás go measann an t-iarratasóir nár cloíodh leis an bpróiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar a (h)iarratas. Ní mór ríomhphost cinnteoireachta a bheith ag an iarratasóir ó Aonad na Scéimeanna Cultúrtha chun achomharc a dhéanamh.
Conas achomharc a dhéanamh:
Ní mór achomharc a dhéanamh laistigh de 5 lá oibre ó dháta an ríomhphoist chinnidh. Is gá go leagfar forais d'achomhairc amach go soiléir i ríomhphost ar cheart a sheoladh chuig Oifigeach Achomhairc Aonad na Scéimeanna Cultúrtha ag F&SS@tcagsm.gov.ie le "Achomharc" i dteannta uimhir d'iarratais i line ábhair an ríomhphoist.
Spriocdhátaí
Is é 1 i.n. lae 4ú Aibreán 2025 an dáta deiridh chun iarratais ar mhaoiniú a fháil faoin Scéim
Ní mór aon mhaoiniú a leithdháiltear a tharraingt anuas de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha atá leagtha síos sa litir thairisceana tráth faoin 20 Meán Fómhair 2025. Ní ghlacfar le hiarratais ar íocaíocht i ndiaidh an dáta deiridh agus tarraingeofar siar maoiniú ó thionscadail nach bhfuil an maoiniú ar fad tarraingthe anuas acu faoin dáta sin.
An tAcht um Shaoráil Faisnéise
Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, d'fhéadfaí sonraí atá in iarratais agus i ndoiciméid tacaíochta a scaoileadh chuig tríú páirtí, má iarrann siad ar an Roinn é a thabhairt dóibh. Má tá eolas i d’iarratas atá íogair nó rúnda, cuir é sin iúl, le do thoil agus tabhair míniú ar cén fáth nár cheart é a nochtadh. Má fhaightear iarratas chun eolas íogair a scaoileadh faoin reachtaíocht, rachfar i gcomhairle leat sula ndéanfar cinneadh cibé ar cheart an t-eolas a scaoileadh nó nár cheart. Mar sin féin, mura chuirtear in iúl dúinn go bhfuil eolas áirithe íogair, d’fhéadfaí é a nochtadh gan dul i gcomhairle leat.
Ráiteas Príobháideachais
Tá an Roinn tiomanta do phríobháideacht a chosaint agus meas a bheith aici air agus cuireann sí bearta teicniúla agus eagraíochta iomchuí i bhfeidhm chun d’eolas a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe. Ní phróiseálfaidh an Roinn do chuid sonraí pearsanta chun críche aon rud eile seachas an cuspóir ar bailíodh iad ina leith. Is féidir sonraí pearsanta a thabhairt do Ranna Rialtais, d’Údaráis Áitiúla, do ghníomhaireachtaí faoi choimirce na Roinne, nó d’fhorais phoiblí eile, i gcúinsí áirithe a fhorálann an dlí dóibh.
Ní choimeádfaidh an Roinn do chuid sonraí pearsanta ach a fhad is gá chun na críche ar bailíodh agus ar próiseáladh iad. Nuair nach mbeidh riachtanas gnó ann a thuilleadh chun an t-eolas seo a choinneáil, scrúdófar é d’fhonn na sonraí pearsanta a scriosadh a luaithe agus is féidir, agus de réir bheartas na Roinne. Is féidir tuilleadh eolais faoi Chosaint Sonraí a fháil ar ár suíomh gréasáin ar:
https://www.gov.ie/en/organisation-information/023ba-data-protection/
Tabhair faoi deara le do thoil go bhfoilseofar fógra oifigiúil le leithdháiltí a ceadaíodh ar shuíomh gréasáin na Roinne.
Conas iarratas a dhéanamh
Ní mór d’iarratasóirí treoirlínte na Scéime a léamh sula gcuireann siad tús le hiarratas. Tá an fhoirm iarratais ar fáil anseo https://submit.link/3ky . Beidh ar an iarratasóir clárú sula gcuireann siad tús le hiarratas.
Ba chóir don iarratasóir a chinntiú go bhfuil an fhoirm iarratais comhlánaithe ina hiomláine agus curtha isteach. Is féidir dréacht-leagan den iarratas a shábháil sula gcuirtear isteach é – ach tabhair faoi deara le do thoil nach mbreithneofar dréacht-iarratais ná iarratais a chuirtear isteach i ndiaidh an spriocdháta.
I ndiaidh foirm iarratais a chur isteach seolfar ríomhphost dearbhaithe ó Submit.com chuig seoladh ríomhphoist an iarratasóra. Mura bhfuarthas an ríomhphost seo, níor cuireadh an fhoirm iarratais isteach mar is ceart, agus ní féidir é a bhreithniú. Mura bhfuil dearbhú aighneachta faighte agat déan teagmháil leis an Roinn chomh luath agus is féidir tar éis na haighneachta chun a chinntiú go bhfuarthas d’iarratas.