Faoiseamh Cánach do Thabhartais Oidhreachta
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 10 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Faoi Alt 1003 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, tá faoiseamh cánach ar fáil i ndáil le bronnadh earraí, a bhfuil tábhacht oidhreacht náisiúnta ag baint leo, ar bhailiúcháin náisiúnta na hÉireann. Is éard atá sa faoiseamh ná creidmheas cánach arb ionann é is luach an earra/na n-earraí oidhreachta atá bronnta, ar féidir é a chur do shochar in aghaidh dliteanas cánach a thabhódh an bronntóir. Chun críocha an fhaoisimh, is ionann earra(í) oidhreachta is cineál ar bith earra cultúrtha, lena n-áirítear:
- aon earra seandálaíochta, cartlann, leabhar, taifead eastáit, lámhscríbhinn agus péintéireacht, agus
- aon bhailiúchán d'earraí cultúrtha agus
- aon bhailiúchán díobh sin ina suíomh a mheastar a bheith oiriúnach i gcomhair a mbronnta chuig na bailiúcháin náisiúnta
Déantar cur síos ar na bailiúcháin náisiúnta mar Chomhlachtaí Faofa faoin reachtaíocht. Is iad sin: An Chartlann Náisiúnta www.nationalarchives.ie; Gailearaí Náisiúnta na hÉireann www.nationalgallery.ie; Leabharlann Náisiúnta na hÉireann www.nli.ie; Ard-Mhúsaem na hÉireann www.museum.ie; Áras Nua-Ealaíne na hÉireann www.imma.ie & Áiléar Crawford, Corcaigh www.crawfordartgallery.ie
Tá an t-údarás ag an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, le toiliú an Aire Airgeadais, comhlachtaí breise a fhaomhadh chun críche an fhaoisimh. Ní mór go mbeadh comhlachtaí breise den sórt sin á maoiniú go hiomlán nó go príomha ag an Stát nó ag údarás poiblí nó údarás áitiúil.