Gníomhaireachtaí
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 3 Iúil 2015
- An t-eolas is déanaí: 28 Deireadh Fómhair 2020
An Chomhairle Ealaíon
Is comhlacht uathrialaitheach é an Chomhairle Ealaíon, faoi choimirce na Roinne Ealaíon, Oidreachta, Gnóthaí Réigiúnachq, Tuaithe agus Gaeltachta. Is í an ghníomhaireacht náisiúnta í do chur chun cinn agus d'fhorbairt na n-ealaíon in Éirinn. Bunaíodh í i 1951, chun spéis an phobail sna healaíona a spreagadh, agus chun eolas ar na healaíona, tuiscint orthu agus cleachtadh na n-ealaíon a chur chun cinn. Is comhlacht deonach de 12 bhall agus cathaoirleach í an Chomhairle Ealaíon, ceaptha ag an Aire Ealaíon, Oidreachta, Gnóthaí Réigiúnachq, Tuaithe agus Gaeltachta ar feadh tréimhse cúig bliana. Cuireann an Feidhmeannas obair leanúnach na Comhairle Ealaíon i gcrích. In éineacht leis an Stiúrthóir, déanann foireann de 48 duine cothrom le lánaimseartha feidhmeanna laethúla na heagraíochta.
Maoiniú ón gComhairle Ealaíon 1997 - 2015
(Méideanna léirithe in euro)
Bliain | Maoiniú (€m) | % Athrú |
1997 | €26.5 | |
1998 | €33.1 | 24.9% |
1999 | €35.6 | 7.6% |
2000 | €45.1 | 26.7% |
2001 | €48.2 | 6.9% |
2002 | €47.7 | -1.0% |
2003 | €44.1 | -7.5% |
2004 | €54.5 | 23.6% |
2005 | €66.2 | 21.5% |
2006 | €82.3 | 24.3% |
2007 | €83.0 | 0.9% |
2008 | €81.6 | -1.7% |
2009 | €73.4 | -10.0% |
2010 | €68.6 | -6.5% |
2011 | €65.2 | -5.0% |
2012 | €63.2 | -3.1% |
2013 | €59.9 | -5.2% |
2014 | €56.7 | -5.3% |
2015 | €56.7 | 0.0% |
2016 | €61.2 | +7.9% |
2017 | €65.9 | +7.7% |
2018 | €68.2 | +3.5% |
2019 | €75.0 | +10.0% |
2020 | €100.0 | +33.3% |
Is féidir dul i dteagmháil leis an gComhairle ag:
The Arts Council
- Seoladh:
- 70 Merrion Square, Dublin 2, D02 NY52
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
+353 1 6180200;
1850 392492
Fís Éireann
Athbhunaíodh Bord Scannán na hÉireann i 1993 agus bhí ról ríthábhachtach aige maidir leis an tionscal scannán dúchasach a fhorbairt agus tuiscint an phobail ar na tairbhí sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíocha a bhaineann le scannáin a dhéanamh in Éirinn a mhúscailt.
Is í príomhfheidhm an Bhoird maoiniú forbartha agus léirithe a chur ar fáil do thionscadail scannáin Éireannacha. Cuirtear iasachtaí forbartha ar fáil chun íoc as acmhainní a bhfuil gá leo chun cur ar chumas grúpaí tionscadal ag céim an chláir líníochta a thabhairt chuig an gcéim de thionscadal le taighde agus forbairt chuí déanta air atá réidh chun dul chuig céim an léirithe. Rannchuidíonn iasachtaí léirithe le híoc as an gcostas iarbhír a bhaineann le scannán nó tionscadal scannán faisnéise a léiriú.
Trí na hiasachtaí seo a sholáthar, tá an Bord ag cur na deiseanna ar fáil atá ag teastáil ó dhéantóirí scannán ardchumais Éireannacha atá ag teacht chun cinn agus trí scéimeanna cosúil le "Short Cuts" a chur ar fáil, sheol sé gairmeacha líon maith déantóirí scannán óga Éireannacha. Tugann an Bord tacaíocht do chuideachtaí níos bunaithe freisin chun cabhrú leo scannáin a bhaineann le cultúr na hÉireann agus a bhfuil ionchais tráchtála shuntasacha acu a léiriú.
Faoina sholáthar caipitil, cuireann an Bord maoiniú ar fáil d'oiliúint scannáin, déanta thar ceann an Bhoird ag an gCoiste Náisiúnta Oiliúna do Scannán agus Teilifís arna bhunú faoi reachtaíocht Fás, ar a dtugtar Screen Training Ireland.
Maoiniú Bhord Scannán na hÉireann
Faigheann Bord Scannán na hÉireann maoiniú caipitil agus riaracháin ón Roinn Ealaíon, Oidreachta, Gnóthaí Réigiúnachq, Tuaithe agus Gaeltachta. Clúdaíonn an deontas caipitil iasachtaí forbartha agus léirithe agus oiliúint.