Líonraí Gaeilge
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 3 Nollaig 2015
- An t-eolas is déanaí: 21 Márta 2022
Is éard atá i gceist leis na Líonraí Gaeilge ná ceantair a bhfuil bunmhais chriticiúil bainte amach acu maidir le tacaíocht pobail agus Stáit don Ghaeilge. Tá Foras na Gaeilge freagrach faoin Acht as tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí maidir le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna Líonraí Gaeilge.
Tar éis léirithe spéise ó eagraíochtaí atá ag feidhmiú i gceantair a d’fhéadfadh a bheith aitheanta i ndeireadh báire mar Líonraí Gaeilge a bheith scrúdaithe ag an bhForas roghnaíodh Baile Loch Riach, Co. na Gaillimhe, Inis, Co. an Chláir agus Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath chun pleananna teanga a ullmhú i leith na líonraí Gaeilge. Ceadaíoch pleananna teanga an trí Líonra Gaeilge in Eanáir 2020 agus tá fógraí foilsithe i leith gach ceann acu. Féach cóip de na fógraí anseo.
An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (líonraí Gaeilge a Ainmniú) 2021