Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 11 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 1 Lúnasa 2023
Cuireann Acht na Gaeltachta 2012 an creatlach reachtúil ar fáil chun tabhairt faoin bpróiseas pleanála teanga ar bhonn comhordaithe sa Ghaeltacht. Táthar ag súil go mbeidh an pobal, an earnáil dheonach, an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach ag obair as lámha a chéile chun tacú leis an nGaeilge sna ceantair éagsúla atá aitheanta faoin Acht. Is trí phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú ag leibhéal an phobail a thabharfar tacaíocht don Ghaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh i gceantair Ghaeltachta agus i gceantair eile taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá Údarás na Gaeltachta freagrach faoin Acht as tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí maidir le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.
Is é an cuspóir a bheidh ag na pleananna teanga ná cur le húsáid na Gaeilge sna ceantair lena mbaineann siad chomh fada is a bhaineann sé le cúrsaí teaghlaigh, pobail, oideachais, sóisialta, gnó agus poiblí.
Tugtar tréimhse suas le 2 bhliain, ón dáta ar a roghnaíonn Údarás na Gaeltachta an eagraíocht, chun plean teanga a chur faoi bhráid na Roinne i gcomhair a fhaofa i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga forordaithe. Tá eolas faoin gcaoi a roghnaítear eagraíochtaí ar fáil anseo.
Liosta de na 26 Limistéar Pleanála Teanga agus mapaí
Comhdhéanamh Tíreolaíoch na 26 Limistéar Pleanála Teanga
Tá an próiseas idir lámha faoi láthair i ngach aon cheann den 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta agus fógraí foilsithe ina leith. Feic cóip de na fógraí anseo:
Tá gach ceann de na 26 plean teanga ceadaithe faoin bpróiseas.
- Maigh Eo Thiar
- Cléire
- An Ghaeltacht Láir
- Bearna & Cnoc na Cathrach
- Oirthear Chathair na Gaillimhe
- Oileáin Árann
- Cois Fharraige
- Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire, Loch an Iúir
- Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach & Machaire Rabhartaigh
- Na Déise
- Múscraí
- Ciarraí Theas
- Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh
- Ciarraí Thiar
- Maigh Eo Thuaidh
- Árainn Mhór
- An Cheathrú Rua
- Conamara Láir
- Ráth Chairn & Baile Ghib
- Dún na nGall Theas
- Tuaisceart Dhún na nGall
- Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
- Na Rosa, Co. Dhú na nGall
- Toraigh, Co. Dhún na nGall
- An tEachréidh, Co. na Gaillimhe
- Ceantar na nOileán, Co. na Gaillimhe
- Cléire
- An Ghaeltacht Láir
- Bearna & Cnoc na Cathrach
- Oirthear Chathair na Gaillimhe
- Oileáin Árainn
Tá cóipeanna de na pleananna teanga ceadaithe ar fáil anseo.
Nuair atá plean ceadaithe ag an Aire faoin Acht, beidh tréimhse 7 mbliana ag na heagraíochtaí chun na pleananna teanga a chur i bhfeidhm le cabhair ó Údarás na Gaeltachta. Déanfaidh an Roinn athbhreithniú tréimhsiúil ar chur i bhfeidhm na bpleananna le linn na 7 mbliana sin.