Na hEalaíona Cruthaitheacha: Cluichí Digiteacha
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 23 Samhain 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tacaíonn an Roinn le forbairt agus fás earnáil na gCluichí Digiteacha. Tá an cumas ag Éirinn leas a bhaint as sineirgí lenár n-earnálacha scannánaíochta agus beochana agus tacú le fostaíocht sna healaíona cruthaitheacha agus digiteacha in Éirinn. Meastar gur meicníocht éifeachtach é creidmheas cánach um Chluichí Digiteacha a thabhairt isteach chun fás intíre a spreagadh sa réimse seo.
Foráiltear faoi alt 481A den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, mar a leasaíodh é, gur féidir le Cuideachta Forbartha Cluichí Digiteacha iarradh go díreach ar an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán teastas cultúrtha ‘Eatramhach nó ‘Deiridh’ a fháil.
Sa chás go n-eisíonn an tAire teastas i ndáil le cluiche digiteach incháilithe, agus go gcomhlíontar forálacha eile go léir Alt 481A, d’fhéadfadh Cuideachta Forbartha Cluichí Digiteacha éileamh a dhéanamh ar na Coimisinéirí Ioncaim creidmheas cánach corparáide um Chluichí Digiteacha a fháil.
Cuimsíonn iarratas ar theastas ‘Eatramhach’ / ‘Deiridh’ an t-eolas atá le leagan amach san Fhoirm Iarratais (Táb 1) agus na doiciméid tacaíochta a leagtar amach i dTáb 2 go 8. Ní mór iarratas (TÁB 1 go TÁB 8 san áireamh) a chur isteach go leictreonach chuig an Aire. Tá foirm iarratais TÁB 1 ar fáil thíos agus tá treoir maidir leis na foirmeacha iarratais a chomhlánú ar fáil anseo.
Tá cóip de Sceideal Laethanta an Duine (Táb 3) ar fáil anseo.
Ba cheart an fhoirm iarratais agus na doiciméid tacaíochta (Táb 2 go 8) a chur isteach i ríomhphost chuig DigitalGames@tcagsm.gov.ie
Foilsíonn na Coimisinéirí Ioncaim sonraí áirithe go ráithiúil maidir le faighteoirí creidmheasanna cánach corparáide faoi scéim faoisimh Alt 481A um Chluichí Digiteacha. Tá tuilleadh eolais faoi seo agus faoi chreidmheas cánach corparáide na gCluichí Digiteacha ar fáil ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim ar www.revenue.ie.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi iarratais maidir le Cluichí Digiteacha, déan teagmháil le:
An tAonad Ealaíon, Scannánaíochta agus Infheistíochta
Seoladh: An Bóthar Nua, Cill Airne, Co. Chiarraí, V93 A49X
Ríomhphost: DigitalGames@tcagsm.gov.ie
Uimhir theileafóin: +353 (0) 64 662 7300