English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Na hEalaíona Cruthaitheacha: Scannáin


Tacaíonn an Roinn le forbairt agus le leathnú na hearnála léirithe scannán agus teilifíse. I dtaca leis sin, oibríonn an Fís Éireann chun a chinntiú go n-uasmhéadaítear Éire mar áit chun scannán idirnáisiúnta a tháirgeadh.


Bord Scannán na hÉireann

Is é Bord Scannán na hÉireann an ghníomhaireacht forbartha náisiúnta do dhéantús scannán na hÉireann agus tionscal scannáin, teilifíse agus beochana na hÉireann, ag infheistiú i dtallainn, i gcruthaitheacht agus i bhfiontraíocht. Tacaíonn an ghníomhaireacht le scríbhneoirí, stiúrthóirí agus cuideachtaí léirithe sna hearnálacha seo trí iasachtaí infheistíochta a sholáthar d'fhorbairt, do tháirgeadh agus do dháileadh tionscadail scannán, teilifíse agus beochana. Tá Bord Fís Éireann, cé go bhfuil sé maoinithe ag an Roinn seo, neamhspleách go hiomlán ina chuid oibríochtaí ó lá go lá. Tá tuilleadh faisnéise maidir le ról Fís Éireann ar fáil ar a láithreán gréasáin ar www.screenireland.ie.


Deimhniúchán faoi alt 481 d'Acht Comhdhlúite Cánach 1997

Forálann alt 481 don Acht Comhdhlúite Cánach 1997, arna leasú ag an tAcht Airgeadais 2018, d'éileamh ó cuideachta léiriúchán díreach chuig an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, do teastas ag rá go bhfuil scannan cáiltheach mar scannán faoi alt 481. Áit a éisíonn an tAire teastas maidir le scannán cáiltheach, agus nuair atá na forálacha eile faoi alt 481 comhlíonta, d'fhéadfadh cuideachta léiriúchán iarratais a dhéanamh go dtí an Coimisimeir Ioncaim do creidmheas cánach corparáideach um scannáin.

Tá tuile eolas faoin creidmheas cánach corparáideach scannáin le fáil ó suíomh gréasáin na gCoimisiméirí Ioncaim ag www.revenue.ie.

Tá deimhniúchán ceadaithe ag an tAire i gcomhréir leis na rialacháin déanta faoi alt 481 an tAcht um Chomhdhlúite Cánach S.I. Uimhir 119/2019 Rialachain Scannáin 2019 agus SI No 120/2019 Film (Commencement Order) Regulations 2019.

Tá iarratas ar dheimhniú comhdhéanta den eolas atá le leagan amach sa bhFoirm Iarratais (Táb A) agus an cháipéisíocht tacaíochta atá leagtha amach i dTábanna B go M. Ní mór iarratais (TÁB A go TÁB M, an dá fhoirm sin san áireamh) a chur ar aghaidh i scríbhinn chuig an Aire ar a laghad 21 lá oibre sula gcuirtear tús leis an léiriú in Éirinn. Tá an fhoirm iarratais TÁB A ar fáil anseo agus tá treoir maidir le líonadh na hiarratais le fail anseo.

Foirm Iarratais ar Theastas faoi Alt 481 den Acht Comhdhlúite Cánach 1997 arna Leasú
Download link for Íoslódáil

Tá Táb E Sceideal maidir le Daoine & Laethanta ar fáil thíos

Táb E Sceideal maidir le Daoine
Download link for Íoslódáil

Is féidir teacht ar Phlean Forbartha Scileanna TÁB F (níos lúná €2 mhilliún) le fáil thíos.

Plean Forbartha Scileanna
Download link for Íoslódáil

Is féidir teacht ar Phlean Forbartha Scileanna TÁB F (níos mó ná €2 mhilliún) ó láithreán gréasáin Screen Skills Ireland anseo.

Ba cheart an foirm iarratais agus na cáipéisí tacaíochta (Táb B go M) a seoladh le ríomhphost go section481@chg.gov.ie


COVID-19

Tá an Roinn ag leanúint de hiarratais ar dheimhniú a phróiseáil. Ba chóir cóipeanna de DVDanna agus táblaí TÁB Z comhlánaithe, atá le bheith istigh laistigh de 6 mhí ó gcríochnaítear an scannán, a chur ar aghaidh go fóill chuig Aonad na Scannán, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, An Bóthar Nua, Cill Airne, Co. Chiarraí.

Tá teastais bunaithe ar an bhfaisnéis a chuirtear ar aghaidh le linn an phróisis iarratais agus ar an tuiscint nach sáróidh na tograí aon cheann de na coinníollacha le haghaidh faoisimh. Ní mór aon athrú a d'fhéadfadh a bheith ar bhunús an ábhair a cuireadh ar aghaidh de réir mar a bheidh an togra ag dul ar aghaidh a chur in iúl don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Áirítear air sin an léiriú a bheith curtha ar fionraí.

Ní mór an Roinn a chur ar an eolas faoi:

  • an dáta a cuireadh ar fionraí é
  • an méid den léiriú a cuireadh ar fionraí (an léiriú ar fad, cuid den léiriú) agus líon na ndaoine a bhfuil scaoilte leo agus/nó atá coinnithe
  • más féidir leanúint le roinnt den obair ar an scannán go sábháilte nó ó chian, cibé an ndéanfar an obair sin sa Stát nó in áit éigin eile
  • an chéim ag a raibh an léiriú nuair a cuireadh ar fionraí é
  • aon eolas eile a chuireann athrú ar bhunús an eolais a cuireadh ar aghaidh le linn an phróisis iarratais

Ba chóir fógraí a sheoladh chuig section481@chg.gov.ie agus an méid seo a leanas a bheith i dteideal an ábhair: “Fógra go bhfuil léiriú ar scor” chomh maith le hainm an scannáin.

In am trátha, nuair a bheidh tús curtha leis an léiriú arís, ba chóir fógra den chineál céanna a chur chuig an Roinn chomh maith leis an dáta ar ndeachthas ar ais i mbun léirithe.

Chun breis faisnéise a fháil, déan teagmháil le:

Arts + Film and Investment

Seoladh:
New Road, Killarney, Co Kerry, V93 A49X
Ríomhphost:

arts.unit@tcagsm.gov.ie

Teileafón:
064 662 7300;
1890 273 000

Teil: (+353 64) 6627214

Ríomhphost: section481@chg.gov.ie