English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Oideachas Tríú Leibhéal Thar Lear

Cuirtear maoiniú ar fáil faoin scéim seo do theagasc na Gaeilge in ollscoileanna thar lear. Is iad aidhmeanna an chiste dea-thoil i leith na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn taobh amuigh d'Éirinn agus ardán a chur ar fáil ionas gur féidir teacht ar an nGaeilge agus í a chur i lár an aonaigh mar theanga idirnáisiúnta.

Tá an ciste oscailte d'iarratais ó institiúidí tríú leibhéal thar lear ar mian leo cúrsaí Gaeilge a sholáthar mar chuid dá gclár acadúil. Ní mór go gcuirfí gach iarratas ar mhaoiniú ó institiúidí 3ú leibhéal lonnaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i gCeanada trí Choimisiún Fulbright agus trí Fhondúireacht Ollscoile Éireann Cheanada faoi seach.

Ar na critéir a úsáidtear agus iarratais á meas, tá:

  • taithí na hinstitiúide ar chúrsaí Gaeilge a sholáthar agus ar chur chun cinn na Gaeilge go ginearálta
  • caighdeán an Phlean Gnó
  • an méid cómhaoinithe atá ar fáil ón institiúid agus/nó ó fhoinsí eile
  • creidiúnú an chúrsa nó na gcúrsaí atá á s(h)oláthar
List of foreign universities supported in the academic year 2015-16
Download link for Íoslódáil
List of contacts in overseas universities
Download link for Íoslódáil
Service Level Agreement between the department and the Fulbright Commission
Amharc amharc