Oiliúint agus Inniúlacht
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 3 Iúil 2015
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá Comhaontú Seirbhíse curtha in áit ag an Roinn leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun oiliúint sa Ghaeilge agus tástáil inniúlachta Gaeilge a sholáthar don státseirbhís agus d'eagraíochtaí seirbhíse poiblí ar leith. Is é aidhm an chomhaontaithe seo ná tacú leis an bhfoireann chun a gcumas sa Ghaeilge a fhorbairt agus chun cur le cumas na státseirbhíse agus comhlachtaí eile seirbhísí a chur ar fáil don phobal i nGaeilge. Tá an comhaontú seo tábhachtach ach go háirithe i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.
Faoin gcomhaontú, beidh an Roinn freagrach as a chinntiú go mbeidh an soláthar de chláir oiliúna sa Ghaeilge agus de thástáil inniúlachta dóthanach chun riachtanais eagraíochtúla a chomhlíonadh. Fanann an fhreagracht uileghabhálach as polasaí oiliúna agus measúnachta Gaeilge sa státseirbhís ar an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
Tá cóip den chomhaontú ar fáil anseo.