Orduithe Logainmneacha
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 6 Iúil 2015
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá ceithre ordú logainmneacha dhéag déanta ó achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Dearbhaíonn na horduithe seo leaganacha Gaeilge ainmneacha na gContaetha agus na gCúigí, ainmneacha aonaid riaracháin agus logainmneacha eile i gcontaetha Bhaile Átha Cliath, Chill Chainnigh, Chorcaí, Luimnigh, Lú, Mhuineacháin, Phort Láirge, Thiobraid Árann agus Uíbh Fhailí, agus ainmneacha lárionaid daonra i gcontaetha nach gclúdaítear in orduithe eile. Tá dhá ordú logainmneacha déanta maidir leis na ceantair Ghaeltachta. Dearbhaíonn an chéad cheann, a rinneadh in 2004, leaganacha Gaeilge na n-aonad riaracháin sna ceantair Ghaeltacha, agus dearbhaíonn an dara ceann, a rinneadh in 2011, leaganacha Gaeilge ainmneacha eile sna ceantair sin a léirítear ar léarscáileanna stairiúla Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann ar scála sé orlach don mhíle (1:10,560). Rinneadh ordú amháin eile le hordú logainmneacha Chontae Luimnigh a leasú.
Tá na horduithe logainmneacha a rinneadh go dtí seo ar fáil le híoslódáil ó suíomh gréasáin na Roinne seo agus ó suíomh gréasáin Bhunachar Logainmneacha na hÉireann, www.logainm.ie.