English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ráiteas ó na hAirí maidir le ráiteas ó Chlub Gailf Phort Mearnóg maidir le hóstach féideartha Chomórtas Oscailte na mBan agus an Oscailte amach anseo

6th Mí Deireadh Fomhair 2023

Cuirimid fáilte roimh an bhfógra inniu go raibh cumarsáid idir Chlub Gailf Phort Mearnóg agus an R&A maidir le hóstáil fhéidearthach An Chraobhchomórtas Oscailte agus Craobhchomórtas Oscailte na mBan amach anseo. D’fhéadfadh an nuacht spreagúil seo a bheith tábhachtach don spórt agus don turasóireacht ar oileán na hÉireann, agus tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Spóirt agus Meáin réidh dul i ngleic leis an gClub teacht chun measúnú a dhéanamh ar an bhfuil tacaíocht Rialtais ag teastáil chun tacú le tairiscint ón gClub chun na hócáidí seo a óstáil.

Is é An Craobhchomórtas Oscailte an príomhchomórtas gailf is íocónaí agus bhí an-rath ar óstáil an chomórtais i bPort Rois sa bhliain 2019. Mothaíodh éifeacht an chomórtais ar fud an oileáin agus táimid ag tnúth leis An gCraobhchomórtas Oscailte ag filleadh ar Phort Rois sa bhliain 2025.

Bhí ríméad orainn foghlaim mí Bealtaine na bliana seo, go mbeidh Craobh Amaitéarach na mBan ar siúl i gClub Gailf Phort Mearnóg le linn na seachtaine 24 – 29 Meitheamh 2024. Beidh seo ar cheann de na hócáidí spóirt do mhná is ardphróifíle le tarlúint in Éirinn agus tá muinín againn go mbeidh an-rath uirthi.

Chuirfeadh óstáil An Chraobhchomórtais Oscailte agus/nó Craobhchomórtas Oscailte na mBan go mór le cáil na hÉireann mar cheann scríbe mór le rá don gailf. Tuigtear go maith an luach a chuireann seo lenár n-earnáil turasóireachta, agus le cúrsaí, cumainn agus gnólachtaí ar fud an oileáin. Le breis is 400 galfchúrsa agus aon trian de dumhacha ghailf domhanda, tá cliú agus cáil tuillte go maith ag Éire mar phríomhcheann scríbe domhanda don ghalf.

Tacaíonn ár Roinn le réimse mórócáidí spóirt a óstáil, ina measc comórtais ghailf, agus beidh óstáil Chorn Ryder 2027 i Mainéir Átha Dara i gCo. Luimní an-suntasach.

Déanann an Roinn measúnú ar gach aon iarratas le haghaidh tacaíochta chun mórócáid a óstáil go haonarach ar bhonn fiúntais. Go sonrach, tá sé tabhachtach a chinntiú go mbainfear buntáistí eacnamaíoch, rannpháirtíoch agus spóirt ó infheistíocht Stáit. Dá dtiocfadh iarratas mar seo ó Chlub Gailf Phort Mearnóg, d’iarrfaimis ar ár n-oifigigh dul i ngleic leis go dearfach.