Scéim Intéirneachta in Institiúidí an Aontais Eorpaigh
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 29 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2021
Tá scéim intéirneachta in institiúidí an Aontais Eorpaigh á riar ag an Roinn i gcomhair leis an gCoimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, Comhairle na hEorpa, Coiste na Réigiún agus Oifig na bhFoilseachán.
Tá an scéim dírithe ar dheiseanna a thabhairt do chéimithe socrúchain oibre a fháil i réimse speisialtóireacht an aistriúcháin agus an phrofléitheoireacht.
I measc na mbuntáistí a bhaineann leis an scéim seo:
• Tabharfaidh sé taithí oibre ríthábhachtach sna hInstitiúidí Eorpacha do chéimithe as Éirinn;
• Tabharfaidh an scéim sruth chéimithe nua do na hinstitiúidí Eorpacha chun a gcuid riachtanas earcaíochta a chomhlíonadh;
• Tabharfaidh sé deis do chéimithe barrfeabhas a chur ar a gcuid Fraincíse;
• Cuirfidh sé le feasacht na gcéimithe anseo in Éirinn faoi na deiseanna atá ar fáil san Eoraip agus cuideoidh an taithí a gheobhaidh siad go mór le hintéirnithe a bhfuil suim acu oibriú san Eoraip agus iad ag dul i mbun próisis earcaíochta EPSO nó na n-institúidí féin amach anseo.
Íocadh €108,720.39 faoin scéim intéirneachta in 2019.
Tá gach eolas maidir leis an gComórtas d’Intéirneacht in institiúidí an Aontais Eorpaigh maoinithe ag An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, le fáil anseo.