English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Scéim Tacaíochta Ionad Ceoil Pobail de chuid an Gheilleagair Oíche 2025



Treoirlínte

• Osclófar an scéim seo le haghaidh iarratas ag meánlae ar an 31ú Márta 2025agus fanfaidh sí ar oscailt go dtí meánlae ar an 15ú Bealtaine 2025 nó go dtí go bhfuil an ciste ar fad caite, cibé acu is túisce a tharlóidh.

• Ní féidir le hionaid ach iarratas amháin a dhéanamh faoin scéim seo.

Léigh na treoirlínte a leanas go cúramach sula gcuireann tú tús le d’iarratas.


Réamhrá

Is moil thábhachtacha chultúir iad ionaid cheoil phobail inár bpobail, ina dtugtar spás do cheoltóirí atá ag teacht chun cinn chun a dtallann a léiriú, taithí agus ceangail luachmhara a fháil, agus a lucht leanúna a chothú. Chuir go leor ceoltóirí cáiliúla, ealaíontóirí ceoil leictreonaigh san áireamh, tús lena ngairmeacha luatha in ionaid cheoil phobail agus d’fhéadfadh nach mbeadh na deiseanna céanna faighte acu dul chun cinn a dhéanamh gan na hionaid sin. Cé go bhfuil méid mór déanta acu d’earnáil an cheoil, d’ealaíontóirí cheoil bheo agus leictreonaigh atá ag teacht chun cinn, agus don Gheilleagar Oíche, tá curtha in iúl ag ionaid cheoil phobail go bhfuil brúnna breise ann mar gheall ar chostais atá ag dul in airde agus an baol a bhaineann le hardán a thabhairt d’ealaíontóirí nua nach bhfuil lucht leanúna bunaithe acu.

Mar aitheantas ar an mhéid atá déanta acu, agus i ndiaidh molta a d’eascair as Gníomh 5 i bPlean Gníomhaíochta athbhreithnithe an Gheilleagair Oíche, tá scéim deontais nua ar fáil anois chun tacú le hionaid cheoil phobail sheanbhunaithe chun imeachtaí a chur ar siúl ina léireofar ceoltóirí atá luath ina ngairmeacha. Cuireann an scéim phíolótach seo leis an mhéid a foghlamaíodh i Scéim Tacaíochta an Gheilleagair Oíche agus an Scéim Músaem ‘Iar-Ama’. Cuirfear maoiniú ar fáil faoin scéim seo i gcomhair sraithe imeachtaí ina ndíreofar ar ealaíontóirí pobail atá ag seinm ceoil bheo/leictreonaigh a scríobh nó a chruthaigh siad féin. Tá sé i gceist leis na himeachtaí seo go gcuirfear fostaíocht ar fáil do chriú, innealtóireacht fuaime agus soilsithe, margaíocht agus caidreamh poiblí, chomh maith le borradh a chur faoi líon custaiméirí na n-ionad pobail agus tacaíocht a thabhairt do gheilleagar oíche bríomhar.


Cuspóirí

Tacú le hionaid bheaga/mheánacha cheoil phobail agus aitheantas a thabhairt don bhaol a ghlacann siad chun ardán a thabhairt d’ealaíontóirí ceoil bunaidh atá ag teacht chun cinn, agus na healaíontóirí sin a chothú.

• Fuinneamh a chur sa Gheilleagar Oíche go náisiúnta trí rogha chultúrtha éagsúil a chur ar fáil, tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí nua cumasacha agus borradh a chur faoi líon custaiméirí na n-ionad dá dtabharfar an deontas sa tsaol ceoil phobail.

• Ardán a thabhairt do thallann na gceoltóirí agus na n-ealaíontóirí ceoil leictreonaigh chun ceol a scríobh/a chruthaigh siad féin a sheinm ar an stáitse, agus deiseanna a thabhairt dóibh ceangail sa tionscal a chothú agus taithí taibhithe a fháil.

• Deiseanna fostaíochta a chur ar fáil do ghairmithe cosúil le foirne agus criúnna léiriúcháin a bhíonn ag brath ar léirithe beo.


Méid an Deontais

Feidhmeoidh an scéim seo le ciste €500k. Is é uasmhéid inlámhála an deontais ná €15,000 in aghaidh an ionaid rathúil. Is é an deontas íosta ar ar féidir iarratas a dhéanamh ná €5,000 in aghaidh an ionaid. Is féidir le deontaithe maoiniú do 75% de na costais incháilithe a tharraingt anuas, suas le huasmhéid na suime leithdháilte. Beidh ar an deontaí an 25% eile de na costais incháilithe a mhaoiniú iad féin, chomh maith le na costaisí neamh-incháilithe.


Incháilitheacht

Cé atá incháilithe? Ní mór d’iarrthóirí na critéir a leanas a chomhlíonadh:

• Gnó cláraithe a bhfuil a ionad suite sa Stát.

• Cuireann an t-ionad é féin chun cinn agus tá cáil air sa phobal mar ionad ceoil bheo nó ionad damhsa, le taibhiú ceoil pobail mar pháirt lárnach dá chláreagrú.

• Feidhmíonn an t-ionad le spás do 500 duine nó níos lú

• Caithfidh teist láidir a bheith ag an ionad thar dhá bhliana (2023-2024, agus an dá bhliain sin san áireamh) maidir le himeachtaí ceoil pobail a chur ar an ardán go rialta.

o Chun críocha na scéime seo, déantar imeacht ceoil pobail a shainmhíniú mar imeacht a bhfuil ticéad de dhíth ina leith agus ina bhfuil ealaíontóir atá ag teacht chun cinn, arb as Éirinn é/í nó atá ina c(h)ónaí in Éirinn, agus a chruthaíonn agus a léiríonn a s(h)aothar féin. Ní áirítear imeachtaí ina taibhíonn grúpaí ómóis nó bannaí aithrise.

o Chun críocha na scéime seo, déantar teist a shainmhíniú mar imeachtaí ceoil pobail a chur ar an ardán go rialto a ndíoladh ticéid agus a ndearnadh margaíocht ina leith, thar dhá bhliain (2023-2024, agus an dá bhliain sin san áireamh).

o Caithfear fianaise ina leith seo a chur isteach leis an iarratas, lena n-áirítear ábhar margaíochta, fianaise fhótagrafach agus díolacháin ticéad (m.sh. logaí Eventbrite).

• Ní mór do stáitse nó láthair stáitse ainmnithe a bheith ag ionaid, ina ndearnadh léirithe.

• Ní mór do cheann amháin de na nithe seo a leanas a bheith ag ionaid (caithfear fianaise fhótagrafach a chur isteach leis an iarratas)

o spás ar leith don lucht féachana

o urlár damhsa

o both fuaime

o haiste ticéad

o suíocháin atá dírithe chun stáitse nó atá ardaithe

• Ní mór do cheann amháin ar a laghad de na píosaí trealaimh seo a bheith ag ionaid chun ceol beo a éascú (caithfear fianaise fhótagrafach a chur isteach leis an iarratas)

o deasc mheascacháin

o córas fógartha poiblí

o monatóirí stáitse

o rige soilsithe

o líne cúil

o micreafóin stáitse

o uirlisí breise

o tomhaltáin uirlise

• Ní mór do beirt daofa seo a leanas ar a laghad a bheith fostaithe ag an ionad, nó a bheith in úsáid ag an ionad (is féidir le duine amháin a bheith i mbun níos mó ná ceann amháin dóibh)

o Innealtóir fuaime

o Duine a dhéanann airithintí

o Poiblitheoir

o Airgeadóir

o Bainisteoir stáitse

o Pearsanra slándála

• Ní mór do ghnólachtaí a bheith cáin-chomhlíontach.

• Ní mór d’ionaid a bheith faoi dhliteanas i leith rátaí mar a leagtar amach iad san Acht Luachála 2001, arna leasú.

Cad atá incháilithe? Ní mór d’imeachtaí na critéir a leanas a chomhlíonadh:

• Ní mór an maoiniú a úsáid chun imeachtaí a reáchtáil ina léirítear tallann ealaíontóirí pobail atá ag teacht chun cinn, agus iad ag seinm ceol beo/leictreonach a scríobh/a chruthaigh siad féin.

• Ní mór ticéid a bheith ag teastáil do na himeachtaí.

• Ní mór na healaíontóirí go léir a íoc.

• Ní mór aon tsaorchriú a fostaíodh d’imeacht tacaithe a íoc.

• Ní mór imeachtaí a reáchtáil san oíche, ag tosú ag a 6in ar a luaithe.

• Níl aon íoslíon nó uaslíon imeachtaí le reáchtáil.

Cé nach bhfuil incháilithe?

• Féilte (ach amháin féile cheoil phobail a reáchtáiltear in ionad ceoil pobail seanbhunaithe, nuair is é an t-ionad an t-iarrthóir ar an deontas, agus nuair nach bhfuil an fhéile ag fáil maoinithe ó fhoinse seachtrach ar bith eile.)

• Beáir ostáin

• Ionaid spóirt

• Coláistí tríú leibhéal, Boird Oideachais agus Oiliúna, nó scoileanna

• Ionaid a fhaigheann maoiniú poiblí, m.sh ionaid ealaíon

• Áiteanna cónaithe príobháideacha

• Deontaithe reatha de scéimeanna R/TCEGSM nach bhfuil ag comhlíonadh na Comhaontuithe Seirbhíse a eisíodh, nó na nósanna imeachta tarraingthe anuas a bhaineann leo.

• Ionaid ina bhfuil spás do os cionn 500 duine

• Ionaid nach bhfuil incháilithe do rátaí mar a leagtar amach iad san Acht Luachála 2001, arna leasú

Cad nach bhfuil incháilithe?

• Bannaí ómóis/aithrise

• Imeachtaí lae

• Imeachtaí atá ag fáil maoiniú poiblí ó fhoinse eile.

• Imeachtaí taobh amuigh, ach amháin má tá an imeacht á reáchtáil i láthair bhunaithe lasmuigh, atá ceangailte leis an ionaid ceoil nó laistigh de chúirtealáiste an ionaid ceoil.

• Imeachtaí a bhfuil cuireadh de dhíth ina leith. Ní mór d’imeachtaí a bheith oscailte don phobal i gcoitinne agus/nó cuairteoirí chun an cheantair.

• Imeachtaí tiomsaithe airgid

• Imeachtaí a tharla roimh leithdháileadh maoinithe ar Ionad


Coinníollacha an Mhaoinithe

• Íocfar deontais ar bhonn caiteachais dhearbhaithe i ndiaidh do gach imeacht i sraith a bheith críochnaithe. Caithfidh an t-ionad íocaíochtaí a dhéanamh trí ríomhaistriú ar mhaithe le hiniúchadh. Ní mór do dheontaithe gach sonrasc íoctha, ráiteas bainc, ábhar margaíochta agus cáipéisíocht tacaíochta a chur faoi bhráid na Roinne chun an maoiniú leithdháilte a tharraingt aníos. Níl réamh-mhaoiniú ar fáil don scéim seo.

• Caithfidh gach imeacht tarlú roimh 31ú Deireadh Fómhair 2025 agus ní mór do dheontaithe iarratas a chur isteach chun an maoiniú a tharraingt anuas faoin 14ú Samhain 2025.

• Ní mór gach ealaíontóir a íoc.

• Ní mór gach saorchriú a fostaíodh i leith imeachta tacaithe a íoc.

• Ní mór fógraíocht a dhéanamh do chláir chun infheictheacht a uasmhéadú. Ba cheart go mbeadh lógó na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le feiceáil ar an ábhar poiblíochta go léir agus ba cheart aitheantas scríofa a dhéanamh i ngach tuairisc/foilseachán agus ábhar margaíochta eile.

• Ní mór don Iarrthóir páirt a ghlacadh i bpróiseas measúnaithe/ceistneoir gearr i ndiaidh an imeachta chun gur féidir leis an Roinn éifeachtúlacht a thomhas agus na rudaí a d’fhoghlaim siad a roinnt leis an earnáil.

• Ní mór gach Ealaíontóir agus ball criú atá ag glacadh páirt in imeachtaí cultúir a mhaoinítear faoin scéim seo a chur ar an eolas go bhfuil an t-imeacht á mhaoiniú faoin Scéim seo.

• Ní mór d’iarrthóirí cinnte a dhéanamh go bhfuil gach ealaíontóir, taibheoir agus criú a bhaineann leis an tionscadal ag cloí leis an Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005 agus tá sé de dhualgas ar iarrthóirí cosc a chur ar aon iompar nó iompraíocht ar dócha go gcuirfeadh sé sláinte agus sábháilteacht fostaithe i mbaol. Ina leith seo, ceanglaítear ar an Deontaí céimeanna réasúnta a ghlacadh chun féachaint chuige go bhfuil timpeallacht oibre ann atá saor ón bhulaíocht, ón chiapadh, agus ón chiapadh ghnéasach, agus áirítear leis sin beartas dínite san áit oibre a fhorbairt. Ní mór do dheontaithe/ionaid Cód Iompair Sábháilte le Cruthú a shíniú freisin sula ndéantar aon mhaoiniú a tharraingt aníos.

• Ní mór sláinte agus sábháilteacht, sábháilteacht dóiteáin san áireamh, na daoine ar an áitreabh a chur san áireamh in aon imeacht laistigh, faoin Reachtaíocht Phríomha a leanas agus na rialacháin agus treoir a rinneadh fúthu, áirítear orthu seo (ach gan a bheith teoranta dóibh):

o An tAcht um Cheadúnú Ócáidí Laistigh 2003

o An tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005 (féach www.hsa.ie)

o Rialacháin um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair (Feidhm Ghinearálta) 2007-2016

o Na hAchtanna Seirbhísí Dóiteáin 1989 agus 2003 (féach www.environ.ie)

o Rialacháin um Shábháilteacht Dóiteáin in Áiteanna Cruinnithe (Éascaíocht Éalaithe) 1985

o An Cód Cleachtais um Shábháilteacht Dóiteáin in Áiteanna Cruinnithe a Bhainistiú

o An Treoir um Shábháilteacht Imeachta (Treoir Chorcra)

• Ní mór d’iarrthóirí cinnte a dhéanamh, nuair is féidir, go bhfuil cothromaíocht inscne i measc na dtaibheoirí a fostaítear.

• De réir thiomantas na Roinne i leith inrochtaineacht a phlé agus a fheabhsú ar fud earnáil an Gheilleagair Oíche, ba cheart d’iarrthóirí smaoineamh faoi conas freastal ar riachtanais inrochtaineachta ar an bhealach is fearr ina n-ionaid, agus iarracht a dhéanamh chun cinntiú, a mhéid is féidir, go bhfreastalaítear orthu siúd le riachtanais inrochtaineachta sna himeachtaí, lena n-áirítear baill den lucht féachana agus taibheoirí faoi mhíchumas.

• Ní mór d’iarrthóirí beartas/ráiteas comhshaoil a bheith acu. Caithfidh béim láidir a bheith ann ar inbhuanaitheacht chomhshaoil agus ní mór iniúchadh a dhéanamh ar lorg carbóin an tslabhra soláthair d’imeachtaí. Ba cheart spreagadh a thabhairt don lucht féachana páirt a ghlacadh in iarrachtaí chun a dtionchar comhshaoil a laghdú (m.sh iompar poiblí a úsáid chun freastal ar an imeacht).

• I gcás nach bhfuil iomlán an mhaoinithe a leithdháileadh orthu de dhíth ar Dheontaithe rathúla a thuilleadh, ceanglaítear orthu é sin a chur in iúl d’fhoireann an Gheilleagair Oíche a luaithe is féidir.

• Ba cheart ceadúnas IMRO i leith imeachtaí ceoil bheo a bhfuil ticéid de dhíth ina leith a óstáil a bheith ag na hionaid.

Cad is féidir maoiniú a thabhairt ina leith? Seo roinnt samplaí de chostais incháilithe:

Conarthaí i leith seirbhísí do cheoltóirí/ealaíontóirí ceoil leictreonaigh arna bhfostú ag an ionad

• Costais léiriúcháin agus criú m.sh. teicneoirí fuaime agus soilsithe

• Costais a bhaineann le fógraíocht, caidreamh poiblí, ticéadú

• Saintrealamh atá de dhíth do na himeachtaí a fháil ar cíos

• Costais sláinte agus sábháilteachta

• Costais slándála

• Costais árachais d’imeachtaí (gan árachas bliantúil a bheith san áireamh)

• Costais maoine intleachtúla

• Costais ceadúnais mhall (gan costais dlí a bheith san áireamh)

Cad nach féidir maoiniú a thabhairt ina leith? I measc costais nach bhfuil incháilithe do mhaoiniú, tá:

• Ceannach trealaimh

• Ceannach uirlisí ceoil

• Tógáil nó athruithe struchtúrtha ar an ionad

• Rátaí údaráis áitiúil

• Ionad a fháil ar cíos nó ionaid ag gearradh táille as úsáid a n-ionaid

• Costais foirne dóibh siúd atá ar conradh seirbhíse

• Conarthaí Fostaíochta nach bhaineann leis an léiriúchán (i.e. costais bhreise foirne d’uaireanta oscailte níos déanaí)

• Táillí dlí agus cuntasaíochta

• Costais bhliantúla árachais (ach amháin árachas in aghaidh an imeachta)

• Bia agus deochanna (alcól san áireamh)

• Iompar*

• Lóistín*

• Fóntais

• Duaiseanna/dearbháin/bronntanais

• Íocaíochtaí in airgead tirim (tá caiteachas sonrasctha a íocadh trí ríomhaistriú de dhíth ar mhaithe le hiniúchadh)

• Sonraisc a eisíodh in ainm an iarrthóra/na heagraíochta nó comhlachtaí faoi úinéireacht an iarrthóra/úinéir an ionaid.

(* - Is féidir le healaíontóirí costais taistil agus cothabhála a chur san áireamh sa tsonrasc fhoriomlán a chuireann siad chuig an ionad, atá incháilithe do mhaoiniú. Ní dhéanfar admhálacha ar leith do bhreosla/iompar/lóistín/bia a mheas i gcomhair maoinithe.)


Conas Iarratas a dhéanamh

Déan cinnte go bhfuil na treoirlínte seo léite agat go grinn sula gcuireann tú tús le d’iarratas.

Is féidir iarratas a chur isteach tríd an fhoirm iarratais ar líne atá ar fáil

anseo.

• Brúigh ar an chnaipe ‘Start New Application’ agus déan an fhoirm a chomhlíonadh. Agus an t-iarratas á chomhlíonadh, beidh an t-iarrthóir ag deimhniú go gcomhlíonann an t-iarratas atá á dhéanamh aige/aici na critéir atá leagtha amach sna Treoirlínte don Scéim.

• Ba cheart d’iarrthóirí cinnte a dhéanamh go bhfuil a bhfoirm iarratais comhlíonta ina hiomlán agus go bhfuil an cháipéisíocht bhreise á cur isteach leis an iarratas. Beidh ar an iarrthóir roinnt nithe ar sheicliosta san fhoirm iarratais a dheimhniú sula gcuireann siad an t-iarratas isteach, lena n-áirítear deimhniú a thabhairt go bhfuil an t-iarratas ag teacht leis na critéir atá leagtha amach sna Treoirlínte don scéim.

• Eiseofar ríomhphost deimhnithe ina sonrófar d’iarratas agus d’uimhir thagartha. Déan teagmháil leis an Roinn ag GMVSS@tcagsm.gov.ie mura bhfaigheann tú ríomhphost deimhnithe.

• Is féidir le hiarrthóirí dréacht dá n-iarratais a shábháil sula gcuireann siad isteach a bhfoirm iarratais dheiridh – ach tabhair faoi deara nach mbreithneofar ar dhréachtaí lena bhformheas. Is faoin iarrthóir atá sé cinnte a dhéanamh gur cuireadh a (h)iarratas isteach.

• Caithfear go han-dáiríre le haon eolas bréagach nó míthreorach a chuirtear faoi bhráid na Roinne ag céim ar bith. Má theipeann ar ghnó téarmaí agus coinníollacha ‘Scéim Tacaíochta Ionad Ceoil Pobail de chuid an Gheilleagair Oíche 2025’ (GMVSS) a chomhlíonadh, d’fhéadfadh go dtarraingeofar siar a ndeontas nó go gceanglófar orthu an deontas uilig nó cuid den deontas a aisíoc agus/nó d’fhéadfadh go gcuirfear cosc orthu iarratas a chur isteach ar feadh tréimhse ama.

• Cuir ceisteanna ar bith faoin phróiseas iarratais trí ríomhphost chuig GMVSS@tcagsm.gov.ie.


Nósanna Imeachta Faofa

Déanfar gach iarratas a fhaigheann an Roinn sula dhruidtear an scéim a sheiceáil chun incháilitheacht a chinntiú. Breithneofar ar iarratais in ord an dáta agus an ama a bhfuair an Roinn iad amháin, agus ní mór dóibh critéir agus coinníollacha do mhaoiniú a chomhlíonadh.

Ní bhreithneofar ach ar iarratais chomhlíonta. Diúltófar do d’éileamh deontais má tá foirmeacha neamhchomhlíonta nó in easnamh.

Tabhair faoi deara go bhféadfadh nach féidir maoiniú a leithdháileadh ar gach iarrthóir incháilithe.

Coimeádann an Roinn an ceart aici féin tuilleadh eolais a iarraidh ó iarrthóirí chun measúnú a dhéanamh ar iarratas, más gá.


Achomhairc

Is féidir le hiarrthóir achomharc a dhéanamh má cheapann siad nár cloíodh leis an phróiseas athbhreithnithe i leith a n-iarratais.

Caithfidh ríomhphost cinnidh a bheith ag an iarrthóir ón fhoireann Geilleagair Oíche chun a bheith in ann achomharc a dhéanamh. Caithfear achomharc a dhéanamh laistigh de 5 lá oibre ó dháta an ríomhphoist cinnidh. Ní ghlacfar le hachomhairc a chuirtear isteach i ndiaidh an dáta seo.

Is gá cúiseanna d’achomhairc a leagan amach go soiléir i ríomhphost, agus ba cheart é a chur chuig Oifigeach Achomhairc an Gheilleagair Oíche ag GMVSS.APPEALS@tcagsm.gov.ie le “Achomharc” in éineacht le d’uimhir iarratais i líne ábhair an ríomhphoist.

Ba cheart na nithe seo a leanas a bheith i gcorp an ríomhphoist:

• sonraí teagmhála iomlána don iarrthóir agus uimhir an iarratais

• na cúiseanna ar a gcreideann an t-iarrthóir nár cloíodh leis an phróiseas i gcomhair a n-iarratas a mheas. Caithfidh an t-iarrthóir fáthanna nó fianaise ar leith a thabhairt chun tacú leis an achomharc.

Gheobhaidh an t-iarrthóir ríomhphost admhála ó Oifigeach Achomhairc GMVSS nó ó dhuine a bhfuil ag déanamh ionadaíocht dóibh de bharr neamhláithreachta laistigh de 5 lá oibre. Breithneofar ar an achomharc ansin agus eiseofar cinneadh chuig an iarrthóir laistigh de 20 lá oibre i ndiaidh na hadmhála. Beidh an cinneadh seo ceangailteach agus ní féidir achomharc breise a lorg air. Nuair a cheaptar go mbeidh moill ann, scríobhfar chuig an iarrthóir chun iad a chur ar an eolas faoin amscála leathnaithe.


Téarmaí agus Coinníollacha Ginearálta

Is é atá i gceist leis an eolas atá á chur ar fáil sa doiciméad seo ná léargas a thabhairt d’iarrthóirí ar an phróiseas trína ndéantar iarratais ar chúnamh a mheas agus a fhaomhadh agus ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil air é.

An tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014

Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, d’fhéadfadh go scaoilfear sonraí atá sna hiarratais agus na doiciméid tacaíochta, má iarrtar iad, le tríú páirtithe. Má tá faisnéis i d’iarratas atá íogair nó rúnda, cuir in iúl í agus mínigh cén fáth nár cheart é a nochtadh. Má fhaightear iarratas ar fhaisnéis íogair a scaoileadh faoin reachtaíocht, rachfar i gcomhairle leat sula ndéantar cinneadh faoi scaoileadh na faisnéise. Mar sin féin, mura gcuirtear in iúl gur faisnéis íogair í aon píosa faisnéise ar leith, d’fhéadfadh go nochtfar é gan dul i gcomhairle leatsa.

Suirbhé Measúnaithe

Beidh ort Suirbhé Measúnaithe a chomhlíonadh maidir le do rannpháirtíocht sa scéim seo, ina n-áireofar ceisteanna faoi conas a fuarthas an deontas/tionchar an deontais ar do ghnó.

Foilsiú

D’fhéadfadh go bhfoilseofar sonraí faoi bhronntaí ar leith ar shuíomh gréasáin na Roinne, le hainm an deontaí, an contae ina bhfuil an tairbhí lonnaithe, agus méid an deontais.

Cosaint sonraí

Le haghaidh cosanta sonraí mar a bhaineann sé leis an roinn, féach an eolas anseo.

Séanadh

Ní bheidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoi dhliteanas don iarrthóir nó d’aon pháirtí eile as aon chaillteanas, damáiste nó costais de chineál ar bith a eascraíonn go díreach nó go hindíreach ón iarratas nó óna ábhar nó ó dhiúltú na Roinne don iarratas ar chúis ar bith.

Ní bheidh an Roinn, a seirbhísigh nó a gníomhairí freagrach nó faoi dhliteanas ag am ar bith i gcúinsí ar bith as aon ní a bhaineann le forbairt, pleanáil, maoiniú, tógáil, feidhmiú, bainistiú agus/nó riar imeachtaí aonair nó aon ní a bhaineann le páirt-íocaíocht ón Roinn do shonraisc arna gcur isteach ag deontaithe.

Tabhair faoi deara: Ba cheart d’iarrthóirí teagmháil a dhéanamh lena nÚdarás Áitiúil ábhartha sula ndéanann siad imeacht a phleanáil. Tá iarrthóirí/eagraitheoirí freagrach as gnéithe sábháilteachta a n-imeachtaí a chur i bhfeidhm, ní bheidh an Roinn freagrach as imeacht nach bhfuil á eagrú ag an Roinn, agus/nó as teip an eagraitheora i leith aon chomhairle nó treoir a chuireann an tÚdarás Áitiúil ar fáil a chur i bhfeidhm.

Monatóireacht

Beidh ar dheontaithe cloígh leis na caighdeáin is airde trédhearcachta agus cuntasachta mar a leagtar amach i gCiorclán 13/2014 de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe - Bainistíocht agus Cuntasacht maidir le Deontais ó Chistí Státchiste.

Is é atá i gceist leis an eolas atá á chur ar fáil sa doiciméad seo ná léargas a thabhairt d’iarrthóirí ar an phróiseas trína ndéantar iarratais ar chúnamh a mheas agus a fhaomhadh, agus ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil ar an phróiseas sin é.

Aitheantas ar mhaoiniú

Ceanglófar ar ghnólachtaí aitheantas a thabhairt do chúnamh na Roinne i Ráitis Bhliantúla Airgeadais don bhliain ina íoctar an deontas.


Státchabhair / De Minimis

Is í an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an tÚdarás atá ag tabhairt cúnamh deontais don Scéim agus deimhníonn sí go mbeidh aird aici ar cheanglais mhonatóireachta agus tuairiscithe maidir le Státchabhair.

Tá an cúnamh a lorgtar á chur ar fáil faoin Rialachán ar Chabhair De Minimis de chuid an Choimisiúin Eorpaigh. Maidir le suimeanna beaga Státchabhrach, suas le 300,000 Euro in aon tréimhse trí-bhliana le haon fhiontar ar bith, ceaptar go bhfuil na suimeanna sin róbheag le tionchar suntasach a imirt ar thrádáil nó ar iomaíocht sa Chómhargadh. Ceaptar go bhfuil suimeanna dá mhéid sin lasmuigh de chatagóir na Státchabhrach atá faoi chosc ag Chonradh CE agus is féidir iad a bhronnadh gan fógra a chur chuig an

Choimisiún Eorpach nó cead a fháil uaidh ina leith. Caithfidh Ballstát córas a bheith acu chun a leithéid de chabhair (ar a dtugtar ‘cabhair De Minimis’) a rianú agus chun cinnte a dhéanamh go bhfanann méid iomlán na n-íocaíochtaí cabhrach De Minimis ó gach foinse in aon tréimhse trí-bhliana le fiontar amháin faoin uasteorainn 300,000 Euro. Iarrfar ar iarrthóirí sonraí a chur ar fáil faoi aon chabhair De Minimis a bhronnadh ar a ngnólacht le trí bliana anuas. Ba cheart tabhairt faoi deara, má théitear thar an tairseach 300,000 Euro de bharr dearbhaithe bhréagaigh ó chuideachta, d’fhéadfadh go bhfaighfear an cabhair ar ais le hús ina dhiaidh sin.

Is Cabhair De Minis í an maoiniú GMVSS ar fad agus iarrfar ar iarrthóirí freisin aitheantas a thabhairt go bhfuil GMVSS 2025 á thairiscint faoi Chabhair De Minimis trí dhearbhú a dhéanamh gur mian leo iarratas a dhéanamh i gcomhair GMVSS faoi Rialachán De Minimis (AE) 2023/2831 an 13 Nollaig 2023.


Freagraí ar do Cheisteanna

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach an leathanach Freagraí ar do Cheisteanna.