Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann 2025
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 13 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 25 Feabhra 2025
- Réamhrá
- Cuspóir/Bunús
- Incháilitheacht
- Cad nach dtabharfar maoiniú ina leith
- Iarratais
- Measúnú
- Iarratasóirí Rathúla
- Monatóireacht agus socruithe ina dhiaidh
- Pointe Teagmhála
- Próiseas Achomhairc
- Spriocdhátaí agus sprioc-amanna
- An tAcht um Shaoráil Faisnéise
- Ráiteas Príobháideachais
- Chonas Iarratas a dhéanamh
Réamhrá
I rith 2025, beidh Scéim maoinithe i bhfeidhm ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun tacú le tionscadail bheaga neamhspleácha ar mian leo feabhas a chur ar, nó ceiliúradh nó comóradh a dhéanamh ar, ealaíona, cultúr, ceol, scannánaíocht nó oidhreacht Oileán na hÉireann ar bhonn Thuaidh/Theas.
Cuspóir/Bunús
Ní mór go mbeadh gné follasach Thuaidh/Theas ag tionscadail dá dtabharfar maoiniú faoin scéim, agus ba cheart dó a bheith mar aidhm acu feabhas a chur ar, nó ceiliúradh nó comóradh a dhéanamh ar, ealaíona, cultúr, ceol, scannánaíocht nó oidhreacht Oileán iomlán na hÉireann.
Ba cheart maoiniú a chuirfear ar fáil faoin Scéim a úsáid chun freastal ar riachtanas cultúir ar leith agus chun tacú le cuspóir na Roinne a bhaint amach, is é sin lucht ealaíon agus cruthaitheachta na hÉireann a chothú agus a fhorbairt, rochtain ar na healaíona a fheabhsú, forbairt a dhéanamh ar na forais chultúir náisiúnta, ar bhonneagar réigiúnach na n-ealaíon agus ar an turasóireacht chultúir ar fud na tíre, agus é sin a dhéanamh i gcomhar le húdaráis náisiúnta agus áitiúla agus le comhpháirtithe eile. Déanfaidh coiste measúnaithe measúnú ar na hiarratais ar bhonn iomaíoch. Is críochnaitheach cinneadh an choiste.
Ba cheart do thionscadail a bheith cruthaitheach agus nuálach, agus ar shamplaí de na cineálacha tionscadal a mbreathnófar orthu i gcomhair maoinithe faoin scéim, tá tionscadail a dhéanfadh na nithe seo a leanas, ach gan bheith teoranta dóibh:
1. Comhoibriú agus comhthionscnaimh idir eagraíochtaí agus institiúidí ar bhonn Thuaidh/Theas a chur chun cinn;
2. Turasóireacht chultúir inbhuanaithe ar bhonn Thuaidh /Theas a chur chun cinn;
3. Soláthar clár for-rochtana cultúir ar bhonn Thuaidh/Theas a chur chun cinn.
Tabhair ar aird: Ní chuirfidh an Roinn níos mó ná €15,000 ar fáil le haghaidh iarratas ar bith. Caithfear tionscadail a chur i gcrích ina n-iomláine roimh an 20ú Meán Fómhair 2025, an dáta deiridh chun maoiniú a tharraingt anuas. Is íocaíocht chúlghabhálach a fhaigheann iarratasóirí rathúla, agus tá an íocaíocht bunaithe ar shonraisc íoctha agus cruthúnas ar íocaíocht a fháil i bhfoirm ráiteas bainc. Ní féidir íocaíochtaí in airgead tirim a chúiteamh.
Incháilitheacht
Tá feidhm leis na critéir incháilitheachta seo a leanas:
1. Tá iarratais á lorg ó chomhlachtaí, ó eagraíochtaí agus ó fhorais atá ag feidhmiú ar bhonn seachbhrabúsach. Iarrtar ar iarratasóirí Airteagail agus Meabhrán Comhlachais, Bunreacht nó Ráiteas ar rialacha agus nósanna imeachta caighdeánacha na heagraíochta/an fhorais a chur ar fáil;
2. Déanfar iarratais a mbeidh comhpháirtíocht nó comhoibriú ag baint leo a mheas i gcomhair maoiniú faoin scéim.
3. Ní féidir ach iarratas amháin an eagraíocht a chur isteach.
4. Níl cead ag iarratasóirí maoiniú a lorg ó aon scéim eile atá á riar ag Aonad na Scéimeanna agus Tionscnamh Cultúir (Scéim Taispeántais na Músaem Réigiúnach, an Scéim um Fhéilte agus Scoileanna Samhraidh Áitiúla ar Scála Beag agus an Scéim um Inaistritheacht na mBailiúchán) don tionscadal céanna. Má dhéantar maoiniú a lorg ó níos mó ná scéim amháin don tionscadal céanna, féadfar diúltú d’iarratas amháin nó don dá iarratas.
5. Ní féidir tionscadail chaipitil a mheas i dtaobh maoiniú a fháil faoin Scéim.
6. Ní mór d’iarratasóirí Uimhir Thagartha Chánach bhailí a chur ar fáil i dtaca leis an eagraíocht. Tá Deimhniú Imréitigh Cánach ag teastáil i dtaca le gach eagraíocht a fhaigheann deontais, fóirdheontais nó íocaíochtaí den chineál céanna ar fiú níos mó ná €10,000 ar an iomlán iad ó roinn rialtais nó údarás poiblí le linn na bliana. Tá sé de fhreagracht ar iarratasóirí neamhchónaitheacha a chinntiú go bhfuil a gcúrsaí cánach in ord d’fhonn go mbeidís in ann leas a bhaint as an maoiniú má éiríonn leo.
Cad nach dtabharfar maoiniú ina leith
Ar mhaithe le tuilleadh soiléireachta a thabhairt, seo a leanas liosta de na nithe atá lasmuigh de raon na scéime agus nach mbeidh incháilithe chun maoiniú a fháil. Ní liosta cuimsitheach é seo agus forchoimeádann an coiste measúnaithe an ceart aon iarratas a dhiúltú.
• Gnáthchostais oibriúcháin, lena n-áirítear tuarastail agus táillí cuntasaíochta
• Imeachtaí tráchtála / Fiontar chun brabús a dhéanamh
• Fáiltithe, alcól, agus araile
• Íocaíochtaí in airgead tirim
• Lóistín, fáilteachas, cothú agus béilí
• Míleáiste/ costais taistil
• Duaiseanna agus Dearbháin
• Tionscadail chaipitil (mar shampla, trealamh, uirlisí ceoil, plaiceanna, dealbha, agus araile)
• Bronntanais
• Sonraisc in ainm an iarratasóra/na heagraíochta nó cuideachtaí atá faoi úinéireacht an iarratasóra nó atá ceangailte leis an iarratasóir
Iarratais
Ní mór d’iarratasóirí:
1. Cuspóir, sprioc agus toradh deiridh spriocdhírithe an tionscadail bheartaithe a leagan amach go soiléir;
2. A mhéid is a chomhlíonann an tionscadal cuspóirí na scéime a léiriú, le tagairt faoi leith don ghné Thuaidh/Theas;
3. Léargas a thabhairt ar na costais agus an t-ioncam ar fad a bhainfidh leis an tionscadal i gcomhad excel;
4. Deimhniú go bhfuil na comhlachtaí, na heagraíochtaí agus na forais ag feidhmiú ar bhonn seachbhrabúsach (d’fhéadfadh go n-iarrfar tuilleadh sonraí).
5. Achoimre a thabhairt ar shonraí maidir le maoiniú ó aon chomhlacht poiblí eile;
6. A dheimhniú gur féidir an tionscadal a bhaint amach maidir leis an scála, leis an acmhainn chun é a sheachadadh, leis na costais, leis an gcúnamh atá á lorg, agus leis an amlíne chun é a sheachadadh;
7. Sonraí a thabhairt go soiléir i dtaobh leibhéal acmhainní na heagraíochta féin a chuirfear ar fáil don tionscadal.
8. Barántas a thabhairt gur cruinn agus fíor gach uiríoll a rinneadh agus an iarratas ar mhaoiniú á dhéanamh.
9. Na ceaduithe riachtanacha rialála go léir a bheith i bhfeidhm acu; agus
10. A bheith comhlíontach ó thaobh cánach de -Tabhair ar aird nach ndéanfar measúnú ar iarratais nach bhfuil uimhir thagartha chánach acu;
11. Gan úsáid a bhaint as hipearnaisc go hábhair bhreise mar nach dtabharfar é seo san áireamh sa mheasúnú.
Tabhair sonraí faoi thionscnaimh an tionscadail maidir le;
- Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú,
- an Ghaeilge agus/nó
- Gníomhú Aeráide.
Is clár um Dhínit san Ionad Oibre é Sábháilte le Cruthú a bhfuil mar aidhm leis cultúr agus cleachtais earnáil ealaíon na hÉireann a athrú agus coinníollacha oibre sábháilte a chur ar fáil do gach oibrí. https://www.safetocreate.ie/ . Tá an clár seo á bhainistiú ag Institiúid Amharclannaíochta na hÉireann, thar ceann na Roinne. Molaimid d’eagraíochtaí a bhfoireann a spreagadh chun na trí chúrsa oiliúna saor in aisce atá ar fáil ag an nasc gréasáin seo a leanas a chur i gcrích: https://www.safetocreate.ie/training-resources/training/
Déantar measúnú ar iarratais ar bhonn iomaíoch agus is críochnaitheach cinneadh an choiste measúnaithe.
Measúnú
Déanfar plé agus measúnú ar gach iarratas a gheofar. Úsáidfear na critéir seo a leanas ina leith sin, ach gan a bheith teoranta dóibh:
1. A mhéid is a chomhlíonann an tionscadal cuspóirí na scéime.
2. Cé acu atá nó nach bhfuil an tionscadal réalaíoch maidir le scála, costais, an cúnamh atá á lorg agus an creat ama chun é a sheachadadh;
3. Acmhainn an iarratasóra chun an tionscadal a chur i gcrích agus cé acu atá nó nach bhfuil cuntas teiste cruthaithe ann i ndáil le seachadadh d’ardchaighdeán, in am agus laistigh de bhuiséad;
4. Leibhéal ranníocaíochta an iarratasóra féin i leith an tionscadail.
Iarratasóirí Rathúla
Gheobhaidh gach iarratasóir rathúil faoin scéim litir tairisceana agus Comhaontú Seirbhíse ina leagfar amach na téarmaí agus coinníollacha a ghabhann leis an maoiniú. Áireofar leo sin, ach gan bheith teoranta dóibh, na téarmaí agus coinníollacha ginearálta seo a leanas:
1. Beidh ar iarratasóirí tuairisc ar an tionscadal a chur ar fáil, le gur féidir cur i bhfeidhm agus tabhairt chun críche an tionscadail a dheimhniú;
2. Ní mór teacht a bheith ag oifigigh de chuid na Roinne ar an tionscadal de réir mar is cuí le go mbeifear in ann cigireacht a dhéanamh air;
3. Ní mór aitheantas a thabhairt d’ionchur na Roinne ar an tionscadal ar gach ábhar poiblíochta agus i ngach foilseachán, agus ní mór fianaise maidir leis an méid sin a léiriú;
4. Má bhíonn aon eolas faoin tionscadal ag teastáil ón Roinn ó am go chéile, caithfear an t-eolas sin a chur ar fáil go pras;
5. Ní mór bunsonraisc i dtaca le haon chaiteachas a chur ar fáil, mar aon le cruthúnas gur íocadh iad, a chur ar fáil i bhfoirm ráitis bainc;
6. Ní mór na taifid ar fad ar chaiteachas agus ar na sonraisc agus na páipéir ghaolmhara a ghabhann leo a choinneáil lena n-iniúchadh de réir mar a d’éileodh oifigigh nó iniúchóirí ábhartha;
7. I gcás aon mhír chaiteachais ar bith os cionn €5,000, ba chóir cloí leis na nósanna imeachta riachtanacha maidir le soláthar agus fianaise ina leith a chur ar fáil;
Mura gcloítear le téarmaí agus coinníollacha na scéime seo, d’fhéadfadh go dtarraingeofar siar an maoiniú agus/nó go gcoiscfear an t-iarratasóir ó iarratas a chur isteach ar scéimeanna eile ar feadh tréimhse socraithe. Coimeádann an Roinn an ceart aon leithdháileadh a tharraingt siar mura ndéantar dul chun cinn oiriúnach sa tionscadal agus/nó mura gcomhlíontar téarmaí agus coinníollacha an mhaoinithe.
Tabhair faoi deara go bhfoilseofar fógra oifigiúil leis na leithdháiltí faofa ar shuíomh gréasáin na Roinne.
Féadfar suim an mhaoinithe sa litir thairisceana a bheith níos ísle ná an tsuim arna lorg ag an iarratasóir. Ní mór glacadh go foirmiúil le gach litir thairisceana, agus Comhaontú Seirbhíse a shíniú agus a sheoladh ar ais.
Monatóireacht agus socruithe ina dhiaidh
Déanfar monatóireacht ar bhonn leanúnach ar gach tionscadal rathúil i gcomhréir leis na téarmaí agus coinníollacha a leagtar amach sa litir thairisceana agus sa Chomhaontú Seirbhíse. Caithfear eolas dóthánach a chur ar fáil lena ndeimhneofar don Roinn go bhfuiltear ag leanúint ar aghaidh leis an tionscadal agus go gcríochnófar é in am agus laistigh de na costais chomhaontaithe.
Sula ndéanfar an íocaíocht deiridh, ní mór an Roinn a shásamh go bhfuil tuairisc ar an tionscadal faighte agus go bhfuil dóthain eolais ann lena dheimhniú go bhfuil an tionscadal curtha i gcrích mar a socraíodh.
Pointe Teagmhála
Is féidir gach ceist a chur chuig Co-OpNI@tcagsm.gov.ie
Próiseas Achomhairc
Cé ar féidir leo achomharc a dhéanamh:
Is féidir le hiarratasóir achomharc a dhéanamh má cheapann siad nár cloíodh leis an bpróiseas athbhreithnithe i leith a n-iarratais. Caithfidh ríomhphost cinnidh a bheith ag an iarratasóir ó Aonad na Scéimeanna agus Tionscnamh Cultúir chun a bheith in ann achomharc a dhéanamh.
Conas ar féidir leat achomharc a dhéanamh:
Caithfear achomharc a dhéanamh laistigh de 5 lá oibre ó dháta an ríomhphoist cinnidh. Is gá cúiseanna d’achomhairc a leagan amach go soiléir i ríomhphost, agus ba cheart é a chur chuig Oifigeach Achomhairc Aonad na Scéimeanna agus Tionscnamh Cultúrtha ag Co-opNI@tcagsm.gov.ie le “Achomharc” in éineacht le d’uimhir iarratais i líne ábhair an ríomhphoist.
Spriocdhátaí agus sprioc-amanna
Ba chóir iarratais ar mhaoiniú faoin scéim a chur isteach mar atá sonraithe thuas faoi 1in ar an 4ú Aibreán 2025.
Ní mór aon chistí a leithdháilfear faoin Scéim a tharraingt anuas i gcomhréir leis na téarmaí agus coinníollacha a leagtar amach sa litir thairisceana agus sa Chomhaontú Seirbhíse tráth nach déanaí ná an 20ú Meán Fómhair 2025. Ní ghlacfar le hiarratais ar íocaíocht i ndiaidh an dáta deiridh agus bainfear maoiniú de thionscadal nach bhfuil íostharraingt iomlán déanta acu faoin dáta sin.
An tAcht um Shaoráil Faisnéise
Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, d’fhéadfadh go scaoilfear sonraí atá sna hiarratais agus na doiciméid tacaíochta, má iarrtar iad, le tríú páirtithe. Má tá faisnéis i d’iarratas atá íogair, cuir in iúl í agus mínigh cén fáth nár cheart é a nochtadh. Má fhaightear iarratas faoin reachtaíocht ar fhaisnéis íogair a scaoileadh, rachfar i gcomhairle leat sula ndéantar cinneadh faoi scaoileadh na faisnéise. Mar sin féin, mura gcuirtear in iúl gur faisnéis íogair í aon phíosa faisnéise ar leith, d’fhéadfadh go nochtfar é gan dul i gcomhairle leatsa.
Ráiteas Príobháideachais
Tá an Roinn tiomanta do do phríobháideachas a chosaint agus a urramú agus tá bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla á gcur i bhfeidhm aici chun d’fhaisnéis a chosaint ó rochtain neamhúdaraithe. Ní dhéanfaidh an Roinn do shonraí pearsanta a phróiseáil le haghaidh cuspóir ar bith ach amháin na cuspóirí dá mbailíodh iad. D’fhéadfadh sonraí pearsanta a bheith roinnte le Ranna Rialtais eile, le húdaráis áitiúla, le gníomhaireachtaí faoi choimirce na Roinne, nó le comhlachtaí poiblí eile, i gcúinsí áirithe dá bhforáiltear sa dlí.
Ní choimeádfaidh an Roinn do shonraí pearsanta ach amháin don tréimhse atá riachtanach le haghaidh na gcuspóirí dá mbailíodh iad agus dá bpróiseáiltear iad ina dhiaidh sin. Nuair atá an gá gnó a bhaineann le coimeád na faisnéise seo imithe in éag, déanfar imscrúdú air d’fhonn na sonraí pearsanta a scrios chomh luath agus is féidir, agus i gcomhréir le polasaí na Roinne. Is féidir tuilleadh eolais maidir le Cosaint Sonraí a fháil ar ár láithreán gréasáin: https://www.gov.ie/en/organisation-information/023ba-data-protection/https://www.gov.ie/en/organisation-information/023ba-data-protection/ .
Chonas Iarratas a dhéanamh
Ní mór d’iarratasóirí treoirlínte na scéime a léamh sula gcuireann siad tús leis an iarratas. Tá an fhoirm iarratais ar fáil anseo https://submit.link/3kG . Caithfidh an t-iarratasóir clárúchán a dhéanamh sula gcuireann siad tús leis an iarratas.
Ba chóir don iarratasóir a chinntiú go bhfuil an fhoirm iarratais comhlánaithe ina hiomláine agus curtha isteach, trí ‘Submit’ a bhrú. Is féidir dréacht-leagan den iarratas a shábháil sula gcuirtear isteach é – ach tabhair faoi deara le do thoil nach mbreithneofar ar dhréachtaí nó ar iarratais a chuirtear isteach i ndiaidh an spriocdháta.
I ndiaidh iarratas a chur isteach mar is ceart, eiseofar ríomhphost deimhnithe. Mura bhfuil deimhniú faighte agat go gcuireadh d’iarratas isteach déan teagmháil leis an Roinn chomh luath agus is féidir chun a chinntiú go bhfuarthas d’iarratas.
Tabhair faoi deara go bhféadfadh go nuashonrófar an doiciméad seo ó am go ham.