Scéimeanna Roimhe Seo
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 24 Deireadh Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 6 Márta 2025
- Scéim Caipitil Cultúir 2019-2022
- Sruth D – Scéim Caipitil Cultúir 2019-2022
- Scéim Caipitil Ealaíon agus Cultúir 2016
- An Scéim um Miondeontais Chaipitil do na hEalaíona agus Cultúr 2015
- Deontais d'Infreastruchtúr Ealaíon agus Cultúir
- Caiteachas ar Fhorbairt Chultúrtha
- An Scéim Cúnta maidir le Taibhléiriú Beo
Scéim Caipitil Cultúir 2019-2022
Tá scéim infheistíochta Caipitil úr dar luach €4.7 milliún le haghaidh ionaid ealaíon agus cultúir fógartha inniu ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD, agus beidh sí oscailte d’iarratais ar an 25 Deireadh Fómhair 2019 . Beidh an scéim nua sin um infheistíocht caipitil ar siúl ó 2019-2022. Díreofar inti ar fheabhas a chur ar an stoc reatha d’ionaid ealaíon agus cultúir a oibríonn mar eagraíochtaí seachbhrabúsacha ar fud na tíre agus béim shoiléir inti ar na healaíona agus ar an gcultúr.
Tá an maoiniú sin á chur ar fáil faoi phlean caipitil na Roinne - Tionscadal Éire 2040 - Ag Infheistiú inár gCultúr, ár dTeanga & ár nOidhreacht 2018 – 2027 agus tá cuireadh á thabhairt ar iarratais faoi thrí Shruth ar leithligh mar atá leagtha amach thíos:
- I Sruth A tairgfear deontais suas le €50,000 le haghaidh tionscadail bheaga feabhsúcháin/leathnaithe/athchóirithe a bhféadfadh oibreacha tógála ar shaoráidí ealaíon agus cultúir agus/nó uasghrádú trealaimh a bheith i gceist leo
- I Sruth B tairgfear deontais ó €50,000 go €300,000 le tionscadail feabhsúcháin/leathnaithe /athchóirithe níos mó a mbaineann oibreacha tógála ar shaoráidí ealaíon agus cultúir leo
- scéim ar leithligh a bheidh i gceist le Sruth C agus í dírithe ar spásanna oibre físealaíontóirí a uasghrádú. Beidh sé sin á reáchtáil ar leithligh ag Físealaíontóirí na hÉireann (VAI) thar ceann na Roinne agus bainfidh sé le deontais a iarrtar suas le €15,000. Fógrófar é sin ar láithreán gréasáin VAI in am is i dtráth, www.visualartists.ie
Beidh iarratais ar Shruth A agus B oscailte ón 25 Deireadh Fómhair 2019 agus dúnfar iad ag 12pm, Dé Máirt an 7 Eanáir 2020. Is faoin gcóras iarratais ar líne ar www.Licences.ie amháin a ghlacfar le hiarratais. Féach ar Threoirlínte na Scéime le haghaidh na sonraí go léir.
Sruth D – Scéim Caipitil Cultúir 2019-2022
I ndiaidh an fhógra ón Aire Catherine Martin TD, soláthrófar raon beart um maoiniú caipitil chun cuidiú le hathoscailt amharclann, ionad ealaíon agus cultúir faoi Shruth D den Scéim Caipitil Cultúir 2019-2022 mar chuid de Thionscadal Éire 2040 –Infheistíocht a Dhéanamh inár gCultúr, inár dTeanga agus inár nOidhreacht. Ceapadh na bearta sin chun tacú le saoráidí ealaíon agus cultúir maidir le hullmhú do bhaill foirne, ealaíontóirí agus lucht féachana/éisteachta chun filleadh ar ionaid ar aon dul le Treochlár an Rialtais agus an Prótacal ‘An tSochaí a Athoscailt’ agus an Prótacal Sábháilteachta um Filleadh ar an Obair. Tá ardleibhéal solúbthachta i gceist a chuirfear le próisis chinnteoireachta thráthúla lena mbeidh eagraíochtaí ábalta oiriúnuithe caipitiúla is gá ar a bhfoirgnimh a dhéanamh láithreach ionas gur féidir leo cloí le bearta cosanta um shláinte phoiblí maidir le COVID-19 an FSS.
Is féidir le heagraíochtaí ag a bhfuil deontais caipitil iarratas a dhéanamh láithreach ar ríomhphost chuig artscapitalunit@chg.gov.ie maidir le hathearraíocht a bhaint as cuid den deontas nó an deontas ar fad i gcomhair oibreacha agus trealamh atá riachtanach le hathoscailt. Is féidir le heagraíochtaí iarratas a dhéanamh chun athearraíocht a bhaint as suas le €10,000 dá ndeontas ar féidir é a úsáid chun costais incháilithe a íoc ag ráta maoinithe 90% nó suas le €5,000 nach mbeidh cistiú meaitseála ag teastáil ina leith. Tabharfar an maoiniú athearraíochta a theastaigh don bhunchuspóir maidir leis an deontas ar ais nuair a bheidh sé de dhíth níos déanaí.
Beidh eagraíochtaí nach bhfuil deontas caipitil acu ábalta iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú ón Máirt an 14 Iúil 2020 faoi Shruth D den Scéim Caipitil Cultúir le coinníollacha mar a leanas:
- Beidh maoiniú ar fáil d’eagraíochtaí seachbhrabúsacha ag a bhfuil sainchúram ealaíon agus cultúir atá leagtha amach go soiléir;
- Áirítear ar shaoráidí incháilithe gailearaithe, ionaid ealaíon atá faoi bhainistiú gairmiúil, músaeim, ionaid oidhreachta, stiúideonna, cartlanna, spásanna léirithe agus cruthaitheacha;
- Is féidir le heagraíochtaí iarratas a dhéanamh ar dheontas suas le €10,000 ar féidir é a úsáid chun costais incháilithe a íoc ag ráta maoinithe 90%;
- Mar rogha eile, is féidir le heagraíochtaí iarratas a dhéanamh ar dheontas €5,000 nach mbeidh cistiú meaitseála ag teastáil ina leith;
- Íocfar na deontais ar fad amach ar bhonn na sonrasc íoctha;
- I gcúinsí eisceachtúla, d’fhéadfaí uasteorainn an €10,000 a shárú i gcás gur féidir cás láidir a dhéanamh i gcomhair deontas níos airde agus déanfar iad sin a mheas de réir an cháis;
- Beidh an scéim i bhfeidhm ar feadh thréimhse na géarchéime coróinvíris, ag tosú an 12 Márta 2020 agus is féidir le heagraíochtaí iarratais a dhéanamh ag am ar bith le linn na géarchéime i.e. ní bheidh spriocdháta ar bith ann;
- Déanfar iarratais a mheas agus déanfar cinntí de réir mar a gheobhaidh Aonad Ealaíon, Scannán agus Infheistíochta na Roinne iad. Is é an sprioc-aga slánúcháin chun athearraíocht a bhaint ná 3 lá agus sprioc 14 lá do dheontais úra;
- Ní ghlacfar le hiarratais ar bith ó eagraíochtaí tráchtála, údaráis áitiúla, scoileanna, coláistí ná BOOnna;
- Ní ghlacfar ach le hiarratais ar ríomhphost chuig artscapitalunit@chg.gov.ie
Féach na Treoirlínte maidir leis an Scéim chun sonraí iomlána agus an Fhoirm Iarratais a fháil thíos, ar fáil ón 14 Iúil 2020.
Scéim Caipitil Ealaíon agus Cultúir 2016
In Eanáir 2016, d’fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, Scéim infheistíochta caipitiúla nua de €9m d’ionaid ealaíon agus chultúrtha. Mairfidh an scéim ó 2016-2018 agus tá sí dírithe ar fheabhas a chur ar na hionaid ealaíon agus chultúrtha atá ann cheana ar fud na tíre.
An Scéim um Miondeontais Chaipitil do na hEalaíona agus Cultúr 2015
Lainseáil an tAire Ealaíon, Oidreachta, Gnóthaí Réigiúnachq, Tuaithe agus Gaeltachta, an tUasal Heather Humphreys TD, sonraí maidir leis an Scéim um Miondeontais Chaipitil do na hEalaíona agus Cultúr 2015 arna riar ag a Roinn.
Tá an Scéim um Miondeontais Chaipitil do na hEalaíona agus Cultúr deartha chun tacú le heagraíochtaí ealaíon agus cultúir a oibríonn mar institiúidí neamhbhrabúsacha ar fud na tíre. Glacfar iarratais ar thionscadail thiomanta ealaíon nó cultúir eile ó eagraíochtaí neamhbhrabúsacha eile chomh maith. I mbliana, beidh foráil sa scéim maidir le miontionscadail chaipitil suas go dtí €10,000 a mhaoiniú, chun 70% de chostais na dtionscadal caipitil a íoc. Tá maoiniú €300,000 ar fáil faoin scéim.
Ní mór do thionscadal a mhaoineofar faoin Scéim riachtanas cultúrtha faoi leith a shásamh chun tacú leis an Roinn Ealaíon, Oidreachta, Gnóthaí Réigiúnachq, Tuaithe agus Gaeltachta i seachadadh a cuspóirí chun tallann ealaíonta agus cruthaitheach Éireannach a chothú agus a fhorbairt agus rochtain ar na healaíona a neartú.
Ní dhámhfar maoiniú ach do na tionscadail sin a chomhlíonann na critéir ábhartha go léir. Ba cheart do na tionscadail go léir a bheith cruthaitheach agus nuálach agus ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí seo a leanas a chomhlíonadh:
- Infheistíocht as a mbainfidh roinnt eagraíochtaí ealaíon agus cultúir tairbhe;
- Infheistíocht i dtrealamh lena laghdófaí na costais bhliantúla a bhaineann leis an tsaoráid ealaíon nó cultúir a reáchtáil;
- Infheistíocht a mbeadh tionchar dearfach aici ar an gcomhshaol, mar shampla, laghdú ar ídiú fuinnimh;
- Caiteachas chun dul i ngleic le ceisteanna sláinte agus sábháilteachta.
- Infheistíocht chun feabhas a chur ar éifeachtacht eagraíochta nó ar a héifeachtúlacht;
- Infheistíocht lena méadófaí nó lena leathnófaí úsáid na saoráidí, mar shampla, chuig grúpaí deonacha agus pobail;
- Infheistíocht lena méadófaí líon an lucht éisteachta nó lena ndéanfaí rochtain ar na healaíona, nó rannpháirtíocht iontu, a fheabhsú nó a leathnú, laistigh de dhobharcheantar saoráide.
- Infheistíocht lena gcuirfí le hinmharthanacht airgeadais do shaoráid, agus le cumas na saoráide a bheith féinmhaoinithe, amach sa todhchaí;
- Infheistíocht lena gcuirfí gné úr le, nó lena bhfeabhsófaí, cumas na saoráide chun gníomhaíochtaí ealaíon a chur ar an stáitse nó a thacódh leo, nó lena gcuirfí feabhas ar shaoráidí agus ar spásanna oibre d’ealaíontóirí;
- Infheistíocht teicneolaíochta ceannródaíche lena bhfuil an acmhainneacht feabhas a chur ar shaoráidí ealaíon agus cultúir nó ar an rochtain ar na healaíona agus cultúr.
Tá foirmeacha iarratais agus tuilleadh eolais maidir leis an Scéim um Miondeontais Chaipitil do na hEalaíona agus Cultúr 2015 ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne.
Is é an 2 Meán Fómhair 2015 an spriocdháta chun gach iarratas a fháil.
Deontais d'Infreastruchtúr Ealaíon agus Cultúir
Tá an scéim reatha ACCESS II (an Scéim Tacaíochta um Fheabhsú Ealaíon agus Cultúir II), a riarann an Roinn Ealaíon, Oidreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, ar siúl ó 2007 go 2009. Tá ACCESS II leagtha amach chun cabhrú le hinfreastruchtúr ealaíon agus cultúir ar ardchaighdeán a chur ar fáil chun feabhas a chur ar rochtain ar na healaíona ar fud na tíre. Tá sé d'aidhm aige spreagadh breise a chur ar fáil d'fhorbairt áiseanna ealaíon agus cultúir, rud a chuirfidh feabhas ar chaighdeán maireachtála na saoránach. Cé go bhfuil sé de rún aige tosaíocht a thabhairt d'fheabhsú agus do chothabháil áiseanna reatha, déantar foráil faoi théarmaí na scéime freisin do thacaíocht a chur ar fáil do thionscadail nua.
Fuair 67 tionscadal san iomlán maoiniú caipitil de €32m faoin scéim reatha ACCESS II. Is é aidhm na scéime tosaíocht a thabhairt d'fheabhsú agus do chothabháil áiseanna reatha, agus dá réir sin, bíonn 70% de na cistí atá ar fáil faoin scéim dírithe ar fheabhsú agus/nó athchóiriú áiseanna reatha, agus bíonn 30% dírithe ar áiseanna nua.
I measc na dtionscadal ar tugadh tacaíocht dóibh, bhí ionaid nua ealaíon chomhtháite, amharclanna agus de spásanna stiúideo agus rinneadh athchóiriú ar spásanna taibhithe reatha. Aithníodh go forleathan gur chabhraigh sé go mór le spás cultúrtha ar ardchaighdeán a chur ar fáil ar fud na réigiún.
Caiteachas ar Fhorbairt Chultúrtha
An Scéim Cúnta maidir le Taibhléiriú Beo
Tar éis don Aire Catherine Martin TD, é a fhógairt, tá “Scéim Cúnta maidir le Taibhléiriú Beo" seolta chun cuidiú le tionscnóirí agus léiritheoirí tráchtála ealaíontóirí, ceoltóirí, oirfidigh, teicneoirí agus daoine eile den fhoireann cúnta a fhostú maidir le taibhréimeanna beo a bhféadfadh gá ina dhiaidh sin lena gciorrú, lena gcur ar ceal nó lena gcur ar atráth mar gheall ar COVID-19. Is í an phríomhchuspóir atá leis an “Scéim Cúnta maidir le Taibhléiriú Beo” cúnamh a thabhairt d'ionaid tráchtála, do léiritheoirí agus do thionscnóirí fostaíocht a chur ar fáil do dhaoine a oibríonn i dtionscail na cruthaitheachta an tráth céanna a léirítear taibhréimeanna beo ar ardchaighdeán don phobal.
Tá sé rídheacair faoi láthair ag tionscnóirí tionscadail an scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm an tráth céanna a mbeadh taibhléiriú beo á chur ar siúl ar bhonn tráchtála. Tá lucht na hearnála ag obair go forbheartach ar bhearta a chur i bhfeidhm a d'fhágfadh go bhféadfaí imeachtaí a chur ar siúl a luaithe a bheadh sin sábháilte, praiticiúil agus indéanta ó thaobh cúrsaí tráchtála agus eile; tá d'aidhm leis an scéim seo cúnamh a thabhairt d'earnáil na dtaibhréimeanna beo sin a thabhairt i gcrích.
Áirítear ar na coinníollacha agus ar na haidhmeanna maidir leis an scéim:
- Cuidiú le hionaid, tionscnóirí agus léiritheoirí seanbhunaithe, nach iondúil le cistí poiblí a fháil, deiseanna fostaíochta a chur ar fáil i rith phaindéim COVID-19
- A thabhairt gur féidir dul ar aghaidh le taibhréimeanna beo an tráth a bhfuil srianta maidir le líon na dticéad mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus gá dá réir le cabhair airgid ionas gur indéanta taibhréimeanna beo a chur ar siúl
- Cúnamh airgid a chur ar fáil chun costas breise léiriúcháin mar gheall ar COVID-19 a thabhairt isteach
- Is féidir le hiarratasóir cur isteach ar dheontas idir €10,000 agus uasteorainn €800,000 ar bhonn cistí meaitseála agus sin a úsáid chun céatadán den chostas incháilithe a íoc
- Is bunaithe ar shonraisc íoctha a dhéanfar gach deontas a íoc ach d'fhéadfadh an Roinn ceist maidir le réamhíocaíocht ar sciar den deontas a thabhairt faoi mheas i gcásanna áirithe
- Ní mheasfar níos mó ná aon iarratas amháin ó ionad, ó léiritheoir nó ó thionscnóir
- Ar an ríomhphost amháin, chuig an seoladh liveperformance@chg.gov.ie agus roimh 1 i.n. an 25 Meán Fómhair 2020 a bheidh glacadh le hiarratais
- Féach sonraí iomlána sna Treoirlínte agus ar an bhFoirm Iarratais maidir leis an Scéim thíos