Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 22 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 8 Bealtaine 2024
- Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge (Reatha)
- Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge (Caipiteal)
- Oideachas Tríú Leibhéal in Éirinn
- Oideachas Tríú Leibhéal Thar Lear
- Clár Techspace
- Aistritheoirí Óga
- Scéim Intéirneachta in Institiuidí an Aontais Eorpaigh
Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge (Reatha)
Déantar páirtmhaoiniú ar Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge le fáltais ón gCrannchur Náisiúnta. Is é aidhm an chláir mhaoiniúcháin seo cúnamh airgeadais a chur ar fáil do réimse eagraíochtaí agus gníomhaíochtaí a thacaíonn le cur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. I measc na n-eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú bliantúil tá Taibhdhearc na Gaillimhe, Gaillimh le Gaeilge, Gnó Mhaigh Eo agus Gael Taca, Corcaigh.
Faoi na Scéimeanna Tacaíochta don Ghaeilge, cuirtear maoiniú ar fáil freisin do thionscnaimh a thacaíonn le comhlachtaí poiblí Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm agus do thionscnaimh a thacaíonn le stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre den Aontas Eorpach. Áiríonn na tionscnaimh sin, mar shampla, forbairt bhunachar sonraí téarmaíochta an AE i nGaeilge atá á dhéanamh ag Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge (Caipiteal)
Is féidir le coistí/eagraíochtaí pobalbhunaithe, a fheidhmíonn trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, iarratas a dhéanamh faoi Scéimeanna Tacaíochtaí Gaeilge na Roinne. Cuirtear maoiniú ar fáil chun cabhrú leis na costais a bhaineann le hionaid Ghaeilge a thógáil/athchóiriú agus chun foirgnimh a cheannach le húsáid mar ionad Gaeilge agus/nó trealamh a cheannach dá leithéid d’ionaid.
Is é an cuspóir atá leis an chuidiú caipitil a chuirtear ar fáil faoin gciste seo an Ghaeilge a threisiú mar theanga pobail agus teaghlaigh i gcomhréir le cuspóirí Acht na Gaeltachta 2012 agus na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.