Tairiscint ar Thaibhiú Ceoil do Lucht Féachana Beo agus Ar Líne agus Seirbhísí Gaolmhara
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 19 Márta 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Fógraíonn an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD tairiscint nua do Thaibhiú Ceoil do Lucht Féachana Beo agus Ar Líne agus Seirbhísí Gaolmhara ar fiú €1.5m thar 3 bliana é.
Le linn phaindéim COVID-19 in 2020 agus 2021, mhaoinigh an Roinn roinnt tionscnaimh cheoil a chuimsigh taibhithe ar líne agus do lucht féachana beo, faoi réir rialacháin sábháilteachta agus comhairle ag an am, lena n-áirítear sraith Éire i mBun Taibhithe, sraith Courage, sraith Cheol na hÉireann, agus sraith cheoltóirí óga agus ag teacht chun cinn Hot Press.
Ina theannta sin, sheol an tAire tairiscint inniu chun sraith léirithe idirnasctha le ceoltóirí a sholáthar, le himeachtaí le lucht féachana beo agus ar líne (faoi réir shrianta COVID) le craoladh saor in aisce ar fud raon leathan meán agus meáin shóisialta, ag ceiliúradh ceol móréilimh nua-aimseartha na hÉireann, ceol de bhunadh na hÉireann, agus ceol a bhfuil naisc láidre oidhreachta aige le cultúr na hÉireann.
Bronnfar an conradh ar feadh tréimhse trí bliana ar dtús ag uasmhéid maoinithe de €500,000 in aghaidh na bliana. Cuirfear 70-80% den mhaoiniú seo ar fáil d’ealaíontóirí agus d’oibrithe cruthaitheacha.
Is féidir na doiciméid tairisceana a fháil ar https://ted.europa.eu/udl?uri=TED:NOTICE:142975-2022:TEXT:EN:HTML
Is féidir ceisteanna faoin tairiscint a sheoladh chuig csu@tcagsm.gov.ie. Cuir “Ceist faoi Thairiscintí ar Sheirbhísí Ceoil” sa líne ábhair chun a chinntiú go bhfaightear freagra, le do thoil.