Treoirlínte Ginearálta maidir le Maoiniú do Thionscadail Chultúrtha
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 3 Iúil 2015
- An t-eolas is déanaí: 8 Aibreán 2024
Ginearálta
Comhlíonann tionscadail a mhaoinítear faoi fho-mhírcheann A6 riachtanas cultúrtha ar leith agus tacaíonn siad le sprioc ardleibhéil na Roinne maidir le rochtain a fheabhsú ar na hearnálacha ealaíon, cultúir agus scannán agus le haitheantas a thabhairt do ról sóisialta agus eacnamaíoch na n-earnálacha sin in Éirinn.
Cuireann na tionscadail go mór le forbairt agus le cur chun cinn thurasóireacht chultúrtha na hÉireann, chun leasa an turasóra baile agus eachtrannaigh araon agus is gné thábhachtach iad de chur i gcrích na gceangaltas turasóireachta cultúrtha i gClár an Rialtais.
Tá sonraí maidir le maoiniú faoin gClár seo roimhe seo le feiceáil san iatán thíos: