Treoirlínte Pleanála Teanga
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 19 Feabhra 2019
- An t-eolas is déanaí: 1 Deireadh Fómhair 2020
Tá Treoirlínte Pleanála Teanga (Eagrán 5) foilsithe ag an Roinn a thugann treoir faoin bpróiseas pleanála teanga atá á ullmhú agus i bhfeidhm sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge.
Cuimsítear in eagrán 5 sonraí maidir le bearta breise tacaíochta atá curtha ar fáil don phróiseas pleanála teanga i réimse na luathbhlianta, an teaghlach agus na healaíona traidisiúnta agus léirmheas ar an bPlean Gníomhaíochta 2018-2022 mar a bhaineann sé leis an bpróiseas pleanála teanga, in éineacht le treoir agus eolas faoi ullmhú agus feidhmiú pleananna teanga.