English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Comórtas d’Intéirneacht in Institiúidí an Aontais Eorpaigh, maoinithe ag an Roinn TCEGSM

Comórtas d’Intéirneacht in Institiúidí an Aontais Eorpaigh, maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán


Painéal a bhunú

Tá deiseanna ar fáil do chéimithe socrúcháin oibre a dhéanamh in institiúidí an Aontais Eorpaigh – an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, Comhairle na hEorpa, Coiste na Réigiún agus Oifig na bhFoilseachán. Ceapfar suas le deichniúr ina iomláine ar feadh tréimhse 10 mí ag tosú i mí Dheireadh Fómhair.

Beidh ochtar de na hintéirnigh ag cuidiú le haistriú an acquis communautaire go príomha le linn an tsocrucháin oibre. Beidh beirt ag obair mar phrofléitheoirí faoi mhaoirseacht in Oifig na bhFoilseachán nó i bParlaimint na hEorpa agus doiciméid i nGaeilge le profléamh acu.

Beidh liúntas €2,000 in aghaidh na míosa ar fáil don intéirneacht seo.

Beidh na intéirnigh lonnaithe in oifigí na n-institiúidí éagsúla ar mhór-roinn na hEorpa.


Critéir cháilitheachta

Glacfar le hiarratais ar an bhfoirm iarratais ó chéimithe:

  • a bhfuil cáilíocht ag leibhéal 8 ar a laghad acu (riachtanach)
  • a bhfuil sárchaighdeán Gaeilge acu (riachtanach)
  • a bhfuil taithí oibre iarcháilíochta shásúil mar aistritheoir nó mar phrofléitheoir acu (inmhianaithe)
  • a bhfuil eolas maith ar chóras ríomhaistriúcháin acu (inmhianaithe)
  • a bhfuil cáilíocht iarchéime ollscoile i léann an aistriúcháin acu (inmhianaithe)

Spriocdháta le haghaidh iarratas

Glacfar le hiarratais go **12 meán lae, Dé hAoine, 31 Bealtaine 2024*. Cloífear go docht leis an spriocdháta sin.

Is iad an tIonad Barr Feabhais i gcomhair Gairmeacha san Aontas Eorpach atá ag glacadh le cúraimí na scéime i mbliana. Lean an nasc (An tIonad Barr Feabhais - University of Galway (acadamh.ie)) le tuilleadh eolais a fháil.