Tascfhórsa Téarnaimh na nEalaíon agus an Chultúir
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 17 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 4 Eanáir 2022
Tuarascáil Thascfhórsa Téarnaimh na nEalaíon agus an Chultúir foilsithe
Miontuairiscí an Grúpa Maoirseachta Téarnaimh na nEalaíon agus an Chultúir
Meán Fómhair 2021
Lúnasa 2021
Iúil 2021
Meitheamh 2021
Bealtaine 2021
Miontuairiscí cruinnithe
Tá na miontuairiscí cruinnithe is déanaí ón Tascfhórsa um Athshlánú Ealaíon agus Cultúir ar fáil thíos.
Deireadh Fómhair 2020
20 Deireadh Fómhair
13 Deireadh Fómhair
6 Deireadh Fómhair
Meán Fómhair 2020
29 Meán Fómhair
22 Meán Fómhair
Ballraíocht
Tá comhaltacht Thascfhórsa Téarnaimh na nEalaíon agus an Chultúir fógartha ag Catherine Martin TD, an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta.
Is í Clare Duignan a bheidh ina cathaoirleach ar an Tascfhórsa agus is iad na comhaltaí eile a bheidh i gceist:
- An Chomhairle Ealaíon
- Business to Arts
- Comhairle na nInstitúidí Náisiúnta Cultúir
- An Cumann Bainistíochta Contae agus Cathrach (CCMA)
- An Roinn Sláinte
- An Roinn Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta
- An Roinn Coimirce Sóisialaí
- Ealaín na Gaeltachta
- Comhaontas Thionscal na nImeachtaí
- Comhdháil na gCeardchumann
- An Feachtas Náisiúnta do na hEalaíona
- Eagraíocht um Chearta Ceoil na hÉireann
- Institiúid Amharclann na hÉireann
- Fís Éireann
- Screen Producers Ireland
- Denise Chaila
- Martin Hayes
Téarmaí Tagartha
Is iad seo leanas Téarmaí Tagartha an Tascfhórsa:
Cuirfidh an Tascfhórsa tuarascáil faoi bhráid an Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta ina n-áireofar sraith de mholtaí maidir leis an mbealach is fearr is féidir le hearnáil na n-ealaíon agus an chultúir dul in oiriúint agus teacht ar ais ón damáiste nach bhfacthas riamh cheana a d’eascair ó phaindéim COVID-19.
Áirítear san earnáil cultúr, na healaíona, an tionscal closamhairc agus an tionscal siamsaíochta beo. Mar phointe tosaigh, bunaithe ar an taighde agus ar an bhfianaise maidir leis an tionchar tubaisteach a bhí ag an bpaindéim ar an earnáil, taighde agus fianaise atá curtha i dtoll a chéile ag an Roinn, ag an gComhairle Ealaíon agus ag páirtithe leasmhara eile, déanfaidh an Tascfhórsa:
- cur chuige réiteach-bhunaithe a ghlacadh
- ionchur saineolaithe atá sonrach don earnáil a lorg agus dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara
- cuireadh a thabhairt do dhaoine aonair nó do shaineolaithe freastal ar chruinnithe ar bhonn ad hoc, de réir mar a mheastar is gá
- díriú ar fhaisnéis agus moltaí a chur ar fáil maidir leis an tionchar a leanann go fóill agus an tionchar éagsúil a mheastar a bheidh ag srianta COVID-19
- spriocanna láithreacha agus meántéarmacha do théarnamh agus d'inmharthanacht san earnáil a aithint
- tionscnaimh beartais nó constaicí féideartha maidir le téarnamh inmharthana daingean san earnáil a aithint
- tionscnaimh beartais agus gníomhartha uile-Rialtais a mholadh chun tacú leis an earnáil
- tuairisciú a dhéanamh don Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta faoin 31 Deireadh Fómhair 2020 d'fhonn plean gnímh don earnáil a chur ar fáil don Rialtas
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an tascfhórsa trí ríomhphost a sheoladh chuig taskforce@tcagsm.gov.ie agus déanfar gach comhfhreagras a fhoilsiú in am trátha.