English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Óráid

Ráiteas ón Aire Catherine Martin i ndiaidh chruinnithe an Rialtais ar 7 Bealtaine 2024

Check Against Delivery

Mí Iúil seo caite, d’aontaigh an Rialtas Athbhreithnithe a bhunú ar Rialachas agus Cultúr agus Athbhreithniú ar Tháillí Conraitheora, Acmhainní Daonna (AD) agus nithe eile in RTÉ faoi stiúr Choistí Comhairleacha Saineolaithe.

Bhí sé mar aidhm ag na hathbhreithnithe seo aghaidh a thabhairt ar na bunfhadhbanna a chúisigh na teipeanna rialachais agus eile atá feicithe againn in RTÉ, agus moltaí a chur chun cinn le dul i ngleic leo.

D’úsáid mé freisin mo chuid cumhachtaí faoi alt 109(7)(a) den Acht Craolacháin chun Mazars a cheapadh mar chuntasóirí foiréinseacha chun staidéar a dhéanamh ar chuntas malartáin RTÉ agus chun fiafrú an raibh aon chuntais eile ag RTÉ nach raibh ar an gclár comhardaithe.

Léirigh na tuairiscí ar ‘Toy Show The Musical’ agus ar Scéimeanna um Iomarcaíocht Deonach a bhí ag RTÉ sna blianta 2017 agus 2021, a foilsíodh ní ba thúisce i mbliana, go mion go raibh níos mó teipeanna rialachais in RTÉ. Léiríonn tuairisc deiridh Mazars, atá á foilsiú agam inniu agus a chuimsíonn sainscrúdú ar gach aon idirbheart a déanadh tríd an gcuntas malartáin ó 2017 go 2022, níos mó fianaise ar dhrochrialachas. Beidh mé ag scríobh chuig Chathaoirleach Bhord RTÉ maidir le torthaí thuairisc Mazars chun athbhreithniú a lorg ar chaiteachas ar fháilteachas agus ar thaisteal agus cothú a tuairiscíodh d’Airí le linn an tréimhse 2017 go 2022.

Taispeánann na tuairiscí seo ar fad an tábhacht a bhain le cinneadh an Rialtais mí Iúil seo caite athbhreithnithe a choimisiúnú chun moltaí réamhbhreathnaitheacha a dhéanamh ar mhaithe le bealach chun cinn a aimsiú do RTÉ.

Tá na hathbhreithnithe sin foilsithe agam inniu. Sna 116 moladh a rinne na Coistí Comhairleacha Saineolaithe tá plean d’athchóiriú RTÉ amach anseo. Má cuirtear i bhfeidhm go hiomlán iad, tá muinín agam go bhfeabhsóidh siad rialachas RTÉ, laistigh agus lasmuigh, agus go gcinnteoidh siad go ndéanann cultúr na heagraíochta macasamhail ar na luachanna craolachána seirbhíse poiblí a léiríonn meitheal oibre RTÉ go soiléir lá i ndiaidh lae.

Taispeánann na hathbhreithnithe an bealach chun eagraíocht níos ionchuimsithí, níos trédhearcaí agus níos freagraí a bhaint amach, eagraíocht a léiríonn charactar seirbhíse poiblí. Beidh cur chuige ar íochaíochtaí do láithreoirí ag teastáil sna moltaí seo atá trédhearcach, leanúnach, cothrom, soléir agus inbhuanaithe. Tabharfaidh siad níos mó trédhearcachta ar thuarastáil na mórsaothraithe in RTÉ, ar an aer agus as an aer. Bronnfaidh siad údarás agus scileanna ar Bhord RTÉ chun RTÉ a stiúradh go stráitéiseach ar son agus chun leasa an phobail. Níos tabhachtaí ná aon rud eile, déanfaidh siad cinnte go bhfuil Foireann Cheannasaíochta RTÉ freagrach do Bhord RTÉ agus, ar deireadh, don Oireachtas.

Is saineolaithe ina réimsí féine iad na comhaltaí uile ar na Coistí Comhairleacha Saineolaithe. Ba mhian liom aitheantas a thabhairt don mórtiomantas a léirigh siad tríd an bpróiseas seo. Is léiriú iad na hathbreithnithe cuimsitheacha ar an saineolas agus dúthracht ar a gcúram a thaispeáin siad.

Is é seo an fáth a rinne an Rialtas machnamh ar na moltaí a rinne na Coistí Comhairleacha Saineolaithe, agus ar aontaigh siad leo i bprionsabal, le tuiscint acu go gcuirfear i bhfeidhm ag RTÉ tromlach acu.

Ina leith sin, d’iarr mé ar RTÉ plean a réitiú agus a chur faoi bhrád mo Roinne laistigh de sé sheachtain, a leagfaidh amach gníomhartha agus amlínte mionsonraithe chun na moltaí a chur i bhfeidhm. Labhair mé le Cathaoirleach Bhord RTÉ agus gheall sé dom go nglacann RTÉ le moltaí na gCoistí i bprionsabal agus go bhfuil siad tiomanta go hiomlán iad a chur i bhfeidhm.

Tá sé soiléir ó na tuairiscí a d’fhoilsigh mé inniu go bhfuil athchóiriú radacach ag teastáil ó rialachas RTÉ. Cé go mbeidh mórchuid na hoibre seo faoi bhráid Bhoird RTÉ agus an Fhoireann Ceannasaíochta in RTÉ, léirigh an tAthbhreithniú ar Rialachas agus Cultúr go bhfuil athchóiriú suntasach ag teastáil ón gcreat reachtaíochta atá mar bhonn faoi rialachas RTÉ.

Ó thosaigh an ghéarchéim in RTÉ, bhí mé ag déanamh dianmhachnamh ar an moladh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a ath-insealbhú in RTÉ. Ba mhian liom chomh maith a aithint, gur moladh barrthábhachtach a bhí ann i measc moltaí an Choiste um Chuntais Phoiblí.

I bhfianaise na moltaí ó Athbhreithniú ar Rialachas agus Cultúr agus ón gCoiste um Chuntais Phoiblí, d’aontaigh an Rialtas inniu bogadh chun cinn air seo. Mar sin, tá rún agam moltaí mionsonraithe reachtaíochta a thabhairt faoi bhráid an Rialtais chun an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a cheapadh mar iniúchóir ar RTÉ agus chun cinntiú go mbeidh RTÉ freagrach don Choiste um Chuntais Phoiblí as a gcuid caiteachais. Mar aon leis sin, bogfaidh mé bearta reachtaíochta chun freagrachtaí Bhord RTÉ a leithniú agus chun a ról agus údarás a neartú, chun go mbeidh Ard-Stiúrthóir RTÉ freagrach do Bhord RTÉ.

Ní ba luaithe inniu, thug Cathaoirleach RTÉ gealltanas soiléir go nglacann RTÉ leis na moltaí ar fad i bprionsabal agus go gcuirfidh RTÉ i bhfeidhm moltaí na gCoistí Comhairleacha Saineolaithe. Tá rún agam, le toil an Aire Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPFN, agus Athchóirithe, an chéad sciar de €40m i mbreis achmhainní an Státchiste a cheadaíodh do RTÉ i mbliana a scaoileadh. Beidh dáileadh an sciair deireanach níos déanaí i mbliana ag braith ar mheasúnú sásúil ó mo Roinnse ar chur i bhfeidhm an phlean ag RTÉ, agus ar thoil an Aire Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPFN, agus Athchóirithe.

Cruthóidh na bearta reachtaíochta a d’fhógair mé inniu, mar aon le cur i bhfeidhm iomlán moltaí na gCoistí Comhairleacha Saineolaithe, cuid de scafalra chreatlaigh nua na meán seirbhíse poiblí in Éirinn. Tabharfaidh siad bunús d’athtógáil muiníne agus iontaoibhe an phobail agus an Oireachtais in RTÉ.

Beidh an creatlach seo easnamhach, áfach, muna suíonn sé ar bhuncloch mhúnla maoinithe atá in ann seasmhacht agus cinnteacht a thabhairt do na meáin seirbhíse poiblí agus ar mhúnla reachtaíochta atá in ann a neámhspleáchas ón Rialtas a chinntiú agus a bhfeidhmíocht a mheas.

Dá bhrí sin, beidh sé mar réamhriachtanas don Rialtas plean láidir a thabhairt chun cinn, roimh bhriseadh an tSamhraidh, ar chur i bhfeidhm an mhúnla maoinithe a bheidh ann amach anseo do chraolachán seirbhíse poiblí. Tá mo chuid tiomantas féin léirithe agam air seo, ní hamháin chun RTÉ a chur ar bhuncloch inbhuanaithe faoi dheireadh thiar thall, ach chun taca a chur faoi nuacht iontaofa agus ábhar Éireannach ar fud na hearnála closamhairc.

Má chuirtear i bhfeidhm na moltaí seo a tháinig ó na hathbhreithnithe atá foilsithe agam inniu, táim lánchinnte go mbeidh RTÉ athnuaite, inbhuanaithe agus iontaofa againn. Tá sé seo tuillte ag muintir na hÉireann.

Go raibh maith agaibh.