Ráiteas ón Aire Jack Chambers i ndáil le Díospóireacht Bheartais ag Comhairle Spóirt an AE - Lucsamburg
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 4 Aibreán 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuir i gcomparáid leis an óráid mar a tugadh í
Mo bhuíochas leat a Chathaoirligh.
Cuireann Éire an-fháilte roimh an deis seo a bheith i bpáirt lenár gcomhghleacaithe san Eoraip chun ár dtacaíocht a chur in iúl do mhuintir na hÚcráine agus do spórt na hÚcráine. Bhí an-ríméad orm an comhráiteas Aireachta le déanaí a shíniú agus táimid réidh chun an dlúthpháirtíocht sin a léiriú arís, más gá.
Is daingean atá tacaíocht na hÉireann don Úcráin agus leanfaimid den fhreagairt is láidre a éileamh ar ionsaí agus ar fhoréigean uafásach na Rúise san Úcráin, lena n-áirítear smachtbhannaí breise.
I saol an spóirt, creidimid go bhfuil cumhacht bhog nach beag ag spórt agus gur cheart é a úsáid in iomlán. Tá céimeanna tábhachtacha, ar céimeanna iad a bhfuil fáilte rompu, glactha ag go leor eagraíochtaí spóirt ach ní fhéadfaidh aon eisceacht ná haon débhríocht a bheith i gceist sa chomhthéacs reatha.
Go dtí go dtagtar ar réiteach sásúil ar an gcoimhlint, tá Éire ag impí ar gach eagraíocht spóirt idirnáisiúnta tacaíocht dhoshéanta agus gan choinníoll a léiriú do spórt na hÚcráine; ní mór do na heagraíochtaí sin freisin gach deis is féidir a thapú gach buntáiste a d’fheadfaí a thabhairt don Rúis agus don Bhealarúis agus dá bpearsana spóirt mar aon le haon chomhoibriú a d’fhéadfaí a dhéanamh leo a tharraingt siar.
Ag díriú ar an dara cuid de dhíospóireacht an tráthnóna seo - an chaoi is fearr le luacha an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn trí spóirt agus eagrú spóirt - creideann Éire go bhfuil trí aidhm straitéiseacha i gceist chun eolas a dhéanamh d’athruithe struchtúir amach anseo maidir le heagrú agus rialúchán spórt na hEorpa.
Ar dtús báire, ní mór tuilleamhlathas ionsuite a bheith i gceist. Ní fhéadfar struchtúir phromóisin agus dhícháilithe a chur ar leataobh do shrianfhostaíocht.
Ar an dara dul síos, ní mór dlúthpháirtíocht a bheith i gceist, ón mbunleibhéal go dtí scothspóirt. I ndeireadh an lae, má dhírítear ar cheann amháin agus an ceann eile a bheith thíos leis dá bharr déanfar damáiste ollmhór d’éiceachóras spóirt na hEorpa.
Agus ar deireadh, ag tráth ina bhfuil cogadh ar bun arís san Eoraip agus súil againn go dtiocfaidh deireadh leis go ríghairid, ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil spórt na hEorpa ag féachaint chun cinn an t-am go léir agus go gcuirtear fáilte roimh phearsana spóirt ó gach cearn den domhan. Ní mór ár luachanna, caoinfhulaingt, meas agus comhionannas i gcomhar, a chaomhnú, a chosaint agus a chumhdach i gcórais rialachais spóirt na hEorpa.
Go raibh maith agaibh.