English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

An Ghaeilge

Is cuid riachtanach d'oidhreacht bheo an Stáit an Ghaeilge agus is acmhainn nádúrtha thábhachtach sa Ghaeltacht í.

Ar phríomhchúraimí na Roinne tá:

  • leas cultúrtha, eacnamaíochta agus sóisialta na Gaeltachta a chur chun cinn mar phríomhfhoinse na teanga beo
  • freaschur a dhéanamh ar mheath na Gaeilge agus féachaint lena cur chun cinn mar phríomh-mheán cumarsáide na Gaeltachta
  • úsáid na Gaeilge a spreagadh agus a chur chun cinn ar fud na tíre, thuaidh agus theas

Tacaíonn an Roinn agus comhoibríonn sí le gníomhaireachtaí eile, go háirithe an Foras Teanga agus Údarás na Gaeltachta, chun a cuspóirí a bhaint amach.

Cuirtear maoiniú ar fáil d'eagraíochtaí éagsúla Gaeilge agus do thionscnaimh Ghaeilge trí na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge.

Leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla creat reachtúil do sholáthar seirbhísí Stáit trí Ghaeilge.

Déanann an Brainse Logainmneacha taighde ar logainmneacha na hÉireann agus cuireann sé leaganacha údarásacha Gaeilge ar fáil de na logainmneacha sin.

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

Acht na dTeangacha Oifigiúla

An Foras Teanga

An Brainse Logainmneacha

Oiliúint agus Inniúlacht

An Líonra chun Éagsúlacht Teanga a Chur Chun Cinn (NPLD)