English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

An Ghaeltacht

Is í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 bunchloch pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge agus dá réir, tá a cur i bhfeidhm mar phríomhthosaíocht na Roinne mar a bhaineann sé leis an gcúram atá sannta don Roinn mar a bhaineann sé leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht.

Tá raon moltaí sa straitéis a bhaineann leis na naoi réimse atá leagtha amach inti: Oideachas; an Ghaeltacht; an Teaghlach ag Cur na Teanga ar Aghaidh Idirghabháil go Luath; Riarachán; Seirbhísí agus Pobal; na Meáin agus an Teicneolaíocht; Foclóirí; Reachtaíocht agus Stádas; Saol Eacnamaíochta agus Tionscnaimh Leathana.

Is ar an An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán atá an fhreagracht fhoriomlán as comhordú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Straitéis. Leagtar amach sa Plean Gniomhaiochta 2018-2022 cad atá ar bun agus beartaithe ag an Roinn agus gach páirtí leasmhar eile chun cúram a dhéanamh de chur i bhfeidhm na Straitéise sa tréimhse cúig bliana go dtí 2022.

Tugtar léargas maidir lena bhfuil ar bun ag an Roinn í féin ar leas fhorfheidhmiú na Straitéise mar a bhaineann sé le gnóthaí Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus go hidirnáisiúnta agus laistigh den Ghaeltacht thíos.

Naisc úsáideacha

Gnóthaí Gaeltachta

Earnáil na gColáistí Gaeilge

Údarás na Gaeltachta

An Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga

Tuilleadh eolais agus fiosruithe

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Na Forbacha, Gaillimh, H91 KX39, Éire

091 503700