Gnóthaí Gaeltachta
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 5 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 5 Deireadh Fómhair 2020
Gnóthaí Gaeltachta na ceantair Ghaeltachta agus staid reatha na Gaeilge
Cuimsíonn an Ghaeltacht limistéir i gcontaetha: Dhún na nGall, Mhaigh Eo, Ghaillimh, Chiarraí, Chorcaí, na Mí agus Phort Láirge. Tá sonraí ar fáil maidir le comhdhéanamh na limistéar ar fad sna Treoirlínte Pleanála Teanga.
Dar leis an CSO, as an 1.76 milliún duine a thug le fios go raibh cumas labhartha Gaeilge acu, dúirt 73,803 duine díobh go labhraíodh siad í go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais, titim 3,382 duine ó fhigiúr na bliana 2011.
Maidir leis na ceantair Ghaeltachta, as an 73,803 cainteoir laethúil Gaeilge (taobh amuigh den chóras oideachais), bhí cónaí ar 20,586 díobh (27.9%) i gceantair Ghaeltachta. Sheas daonra iomlán na gceantar Gaeltachta ar fad ag 96,090 duine in Aibreán 2016, laghdú 0.6 % ón líon 96,628 duine sa bhliain 2011.
Astu seo, thug 63,664 duine (66.3 %) le fios go raibh Gaeilge labhartha acu agus thug 20,586 duine - nó 21.4% den iomlán, go labhraíodh siad Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. B'ionann seo agus laghdú 11.2 % ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge in 2011 (23,175 duine).
Polasaí an Stáit i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta
Ós rud é go n-aithnítear an tábhacht faoi leith a bhaineann léi mar fhearann dúchais na Gaeilge, leagtar béim faoi leith ar a thábhachtaí is atá sé go ndéantar cúram cuí den Ghaeltacht sa Straitéis agus go deimhin i ráitis agus i bpolasaithe Rialtais a chuaigh roimpi.
Is tríd forfheidhmiú an Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga agus an Phróisis Pleanála Teanga mar a leagtar amach é faoi Acht na Gaeltachta 2012 a ndéantar cúram trí chéile de chur chun feidhme na straitéise mar a bhaineann sé leis na ceantair Ghaeltachta.
Ina theannta sin ar ndóigh cuireann an Roinn maoiniú ar fáil d'Údarás na Gaeltachta mar an ghníomhaireacht forbartha réigiúnach don Ghaeltacht agus oibríonn sí go dlúth leis.
Tugtar léargas sa tuairisc ghinearálta ar obair na Roinne ar leas na Gaeltachta 2019 (link) maidir leis an gcaoi ar baineadh úsáid as an soláthar a cuireadh ar fáil ón státchiste in 2019 don Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga, don phróiseas pleanála teanga agus d’Údarás na Gaeltachta.
Naisc úsáideacha
Tuairisc ghinearálta ar obair na Roinne ar leas na Gaeltachta 2019
An Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga
An Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022
Prófíl Shocheacnamaíoch de na seacht gCeantar Gaeltachta in Éirinn (2008)