English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

Plean Gníomhaíochta 2018-2022


Is ionann an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 agus polasaí an Stáit i leith na Gaeilge. Tá úinéireacht thras-Rannach ag an Straitéis agus, dá réir, baineann an fhreagracht as í a chur i bhfeidhm le raon Ranna Rialtais, forais agus eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Is faoin Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta atá sé comhordú a dhéanamh ar a feidhmiú.

De thoradh próisis comhairliúcháin poiblí a d'eagraigh an Roinn ar an ábhar, aithníodh an gá le Plean Gníomhaíochta 5 bliana a chur ar fáil. Is iad seo a leanas príomhchuspóirí an Phlean Gníomhaíochta 2018-2022:

  • creat níos comhtháite agus níos cuimsithí a chur ar fáil a thacóidh le cur i bhfeidhm na Straitéise agus a bheidh dírithe ar ghníomhaíochtaí sonracha, inmheasta, indéanta, réalaíocha agus a bhfuil am sonrach ag baint leo, a chuirfear i bhfeidhm thar na cúig bliana atá le teacht go 2022
  • rannpháirtíocht níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí le cuspóirí foriomlána Rialtais i leith na Gaeilge i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain ag leibhéal na Roinne, eagraíochta neamhrialtasaí agus pobail
  • tuilleadh forbairt a dhéanamh ar chomhúinéireacht, cófhreagracht agus cuntasacht ar fud an Rialtais agus ag leibhéal gníomhaireachta agus eagraíochta neamhrialtasaí i dtaca leis an Straitéis agus na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022
  • tuiscint agus ceangal níos fearr a chur chun cinn idir pleananna oibre gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí ábhartha agus an Plean agus dá réir an Straitéis uileghabhálach 20-Bliain
  • bealach níos éifeachtúla, níos éifeachtaí agus níos cuntasaí a sholáthar chun dul chun cinn a dheimhniú agus faireachán a dhéanamh air
  • “ceannach-isteach” agus feasacht níos fearr a chothú ar fud an Rialtais, ag leibhéal eagraíochta neamhrialtasaí agus pobail chun tacú leis an Straitéis agus le luach intreach na teanga mar chuid bhunúsach, luachmhar agus uathúil de chultúr na hÉireann

Tuairisc ar dhul chun cinn 2022

Tugann an tuairisc seo léargas faoina bhfuil bainte amach ag na páirtithe leasmhara uilig maidir le feidhmiú an Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2023 sa bhliain 2022.

Tuairisc ar dhul chun cinn 2022
Amharc amharc

Tuairisc ar dhul chun cinn 2021

Progress Report January 2021 - December 2021.
Amharc amharc

Tuairisc ar dhul chun cinn Iúil 2019 – Nollaig 2020

Plean Gníomhaíochta 2018 - 2022: Tuairisc ar dhul chun cinn Iúil 2019 – Nollaig 2020
Amharc amharc

Tuairisc ar dhul chun cinn Iúil 2018 - Meitheamh 2019

Plean Gníomhaíochta 2018 - 2022: Tuairisc ar dhul chun cinn Iúil 2018 - Meitheamh 2019
Amharc amharc

Plean Gníomhaíochta 2018-2022
Amharc amharc
Sonraí na mBeart atá sa Phlean Gníomhaíochta
Amharc amharc
Léargas ar a bhfuil sa Phlean i bhfoirm PPT
Amharc amharc
Ceisteanna Coitianta faoin bPlean
Amharc amharc
An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
Amharc amharc

Tá fáil ar mhiontuairiscí chruinnithe an Choiste Stiúrtha atá ceaptha chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an phlean ag an nasc thíos:

17 Bealtaine 2023
Coiste Stiúrtha maidir le Plean Gníomhaíochta 2018-2022 Miontuairiscí ón gcruinniú a reáchtáladh ar an 17 Bealtaine 2023
Amharc amharc
3 Samhain 2022
Coiste Stiúrtha maidir le Plean Gníomhaíochta 2018-2022 Miontuairiscí ón gcruinniú a reáchtáladh ar an 3 Samhain 2022
Amharc amharc
29 Deireadh Fómhair 2021
Amharc amharc
27 Samhain 2020
Amharc amharc
9 Deireadh Fómhair 2020
Amharc amharc
31 Deireadh Fómhair 2019
Amharc amharc
15 Bealtaine 2019
Amharc amharc
13 Feabhra 2019
Amharc amharc
1 Samhain 2018
Amharc amharc