Tuairisc Luach ar Airgead agus Athbhreithniú Polasaí i leith Chlár Linn Snámha na nÚdarás Áitiúil
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 1 Lúnasa 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Chríochnaigh agus d’fhoilsigh an Roinn Tuairisc Luach ar Airgead agus Athbhreithniú Polasaí maidir le Clár Linn Snámha na nÚdarás Áitiúil.
Scrúdaigh an tuairisc:
- mar a d’oibrigh an clár go dtí seo
- céard iad na hathruithe a theastaíonn chun soláthar éifeachtach agus éifeachtúil an chláir a chinntiú sa todhchaí
Maidir le feidhmíocht agus éifeachtacht an Chláir fuarthas amach mar thoradh ar an Athbhreithniú go raibh an-rath go háirithe ar bhabhta reatha an chláir.
Bhí siad seo a leanas i measc phríomh-mholtaí na Tuairisce:
- go gcuirfí ardú ó €3.8 milliún go dtí €4 milliún ar uasmhéid an deontais a cheadaítear do thionscadal nua - ach amháin sa chás is gur i gceantar nó i ndobharcheantar RAPID atá an tionscadal nua lonnaithe, agus is €4.5 milliún uasmhéid an deontais a bheadh i gceist ansin
- go gcuirfí deontais 80% ar fáil (nó 90% i gcás tionscadal i gceantar nó i ndobharcheantar RAPID) chun athchóiriú a dhéanamh ar linn atá ann cheana, faoi réir ag teorann uachtair €2 mhilliún
- go mbeadh linnte snámha i scoileanna/coláistí a bhfuil teacht réasúnta ag an bpobal orthu i dteideal deontas athchóirithe, ag leibhéal a bheadh bunaithe ar an méid rochtana atá i gceist, chomh fada agus go dtacaíonn an tÚdarás Áitiúil leis an iarratas agus go gcuireann an tÚdarás cuí an t-iarratas isteach (rud nach gceadaítear faoin mbabhta reatha)
- go gcuirfí deontas nua €150,000 ar fáil chun feabhas a chur ar áiseanna do dhaoine faoi mhíchumas i linnte atá ann cheana nó i linnte atá á dtógáil / á n-atógáil, sa chás is go bhfuil áiseanna feabhsaithe do dhaoine faoi mhíchumas beartaithe
- go ndéanfaí athrú ar an bpróiseas ceadaithe chun go mbeadh an dá thuairisc atá ann faoi láthair, An Tuairisc Féidearthachta agus An Réamhthuairisc, nasctha le chéile in aon tuairisc amháin a bheadh le faomhadh ag an Aire