English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Polasaí

An Ghaeltacht

achoimre


Sprioc thábhachtach don Roinn is ea tacú leis an nGaeilge, a húsáid a threisiú mar phríomhtheanga phobal na Gaeltachta agus cabhrú le forbairt inbhuanaithe phobail na n-oileán. Cuireann an Roinn maoiniú ar fáil d'Údarás na Gaeltachta mar an ghníomhaireacht forbartha réigiúnach don Ghaeltacht agus oibríonn sí go dlúth leis. Cómhaoiníonn sí Foras na Gaeilge agus oibríonn sí go dlúth leis ina chuid oibre chun tacú leis an nGaeilge ar bhonn uile-oileáin. Maoiníonn sí freisin Oifig an Choimisinéara Teanga agus tacaíonn sí le seirbhísí a chur ar fáil do phobail na n-oileán.

Is ar an Roinn atá an fhreagracht fhoriomlán as cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Cuireann an Straitéis cur chuige iomlánaíoch comhtháite chun cinn i ndáil leis an nGaeilge - cur chuige a luíonn le dea-chleachtas idirnáisiúnta. Is príomhghné den Straitéis é an próiseas pleanála teanga a chur i bhfeidhm, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge.


Plean Gníomhaíochta 2018-2022

Is ar mhaithe go príomha le treisiú a dhéanamh ar an obair atá ar bun ar bhonn tras-Rannach ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta atá an Plean Gníomhaíochta 2018-2022 don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Níos mó


An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030

Foilsíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ar an 21 Nollaig 2010, tar éis don Straitéis tacaíocht traspháirtí a fháil i dTithe an Oireachtais.

Foilsíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030


An Próiséas Pleanála Teanga

Faoin bPróiseas Pleanála Teanga, tá an deis á tabhairt do phobal na Gaeltachta, agus do phobail faoi leith i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge atá aitheanta faoi Acht na Gaeltachta, 2012 pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú ar bhonn áitiúil le tacaíocht leanúnach an Stáit.

Níos mó


An Ghaeltacht


An Ghaeilge


Reachtaíocht