English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Polasaí

Na hEalaíona agus Cultúr

achoimre


Tugann an Roinn aitheantas d'oidhreacht mhínealaíne agus chultúrtha na tíre trí infreastruchtúr caipitil a chur ar fáil do na Forais Chultúrtha Náisiúnta, chomh maith le tionchar a imirt ar fhorbairt thionscal cultúir na hearnála príobháidí trí mhaoiniú airgeadais cuí a chur ar fáil do thionscadail a thacaíonn le hinfreastruchtúr cultúrtha na hÉireann.


Príomhsprioc polasaí

Rochtain ar na hearnálacha ealaíon, cultúir agus scannán in Éirinn a fheabhsú agus ról sóisialta agus eacnamaíoch na n-earnálacha sin a aithint trí chur chun cinn agus spreagadh shloinneadh ealaíonta, feasacht agus rannpháirtíocht chultúrtha, trí chreat cuí polasaí, reachtaíochta agus acmhainne. Infreastruchtúr caipitil a chur ar fáil do na Forais Chultúrtha Náisiúnta.


Aidhmeanna taca

  • polasaí mionsonraithe, comhtháite a fhorbairt le go gcruthófar agus go gcothófar rannpháirtíocht in earnáil an chultúir agus go spreagfar rochtain agus rannpháirtíocht maidir le, inter alia, polasaithe an Rialtais, an AE agus Thuaidh/Theas
  • an clár caipitil chultúrtha a chur chun cinn mar atá leagtha amach sa Phlean Forbartha Náisiúnta agus i gClár an Rialtais laistigh de na hacmhainní airgeadais atá ar fáil
  • feabhas a chur ar éifeachtacht, ar éifeachtúlacht agus ar chaighdeán na sásraí a sholáthraíonn tacaíocht Stáit d'earnáil an chultúir trí struchtúir éagsúla ghníomhaireachtaí an Stáit
  • feabhas a chur ar bhailiúcháin na bhForas Cultúrtha Náisiúnta ar gníomhaireachtaí bailiúcháin iad agus ar rochtain ar na bailiúcháin sin
  • freastal ar riachtanais chlár Chomóraidh an Rialtais a bunaíodh faoi choimirce Roinn an Taoisigh

Saincheisteanna tábhachtacha

  • athbhreithniú a dhéanamh ar an Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986
  • maoirseacht a dhéanamh ar chur i gcrích thionscadail chaipitil na bhForas Cultúrtha Náisiúnta chun a riachtanais chóiríochta a chomhlíonadh agus chun feabhas a chur ar leibhéal agus ar chaighdeán na seirbhísí a chuirtear ar fáil don phobal
  • straitéisí a fhorbairt agus a bhunú i gcomhairle leis na forais chultúrtha lena mbaineann chun aghaidh a thabhairt ar a riachtanais chothabhála agus a riachtanais forbartha caipitil amach anseo
  • na forais chultúrtha a spreagadh chun teacht i dtír ar a mealltacht don phobal i gcoitinne agus, go háirithe, do dhaoine óga, daoine atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta agus cuairteoirí ó thar lear

Tuilleadh eolais