English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Polasaí

Spórt

achoimre



Réamhrá

Tá eagraíochtaí agus deontaithe spóirt mar chnámh droma an spóirt in Éirinn leis na blianta. Nuair a chuirtear leis an oidhreacht seo, saibhrítear saolta na rannpháirtithe agus an tír ina bhfuil meas ar fhéiniúlacht phobail áitiúil bhríomhar agus gaiscí ár laochra spóirt.

Tá buntáistí eile don tír i gceist le spórt agus fóillíocht, ó thaobh eacnamaíoch i dtéarmaí turasóireachta spóirt agus deiseanna fostaíochta trí fhorás san earnáil, agus ó thaobh sóisialta i dtéarmaí sláinte agus folláine fisiciúil agus meabhrach feabhsaithe.

Tuairiscíodh in athbhreithniú de chuid Mhonatóir Spórt Éireann go nglacann 47% den daonra páirt i spórt go rialta, agus tá an difríocht i rátaí rannpháirtíochta spóirt idir fhir agus mná in 2023 díreach faoi 3%, an difríocht is lú ar an taifead. Is é an chúis is mó atá leis seo ná an méadú de 6% a tháinig ar rannpháirtíocht na mban sa spórt idir 2022 agus 2023 – is ionann an ráta sin agus 46%, i gcomparáid le 49% d’fhir.

Tá ról ag an spórt freisin maidir le dul i ngleic le dúshláin shóisialta maidir le hiompar frithshóisialta, go háirithe nuair a chuirtear ar fáil é mar pháirt de chláir forbartha pearsanta níos leithne, nó i gcomhar le seirbhísí pobail agus óige. Is minic a bhíonn ar imircigh agus baill de mhionlaigh eitneacha dul i ngleic leis an eisiamh shóisialta, agus is bealach maith é an rannpháirtíocht ghníomhach shóisialta chun troid in éadan an eisiata sin.


Tionchar eacnamaíoch

Cuireann an spórt go suntasach leis an eacnamaíocht.

Léiríonn na staitisticí is deireanaí:

  • go gcaitheann teaghlaigh Éireannacha €3.3 billiún in aghaidh na bliana ar spórt agus ar earraí agus seirbhísí atá bainteach le spórt, atá cothrom le 3.1% de luach caiteachais tomhaltóra i ngeilleagar na hÉireann
  • cuireann caiteachas atá bainteach le spórt luach €3.7 billiún le geilleagar na hÉireann, ar ionann é agus 1.4% d’Olltáirgeacht Intíre (GDP) uile-gheilleagrach
  • ar gach €100 a d’infheistigh an Rialtas, fuair sé €209 ar ais i gcánacha
  • tacaíonn spórt agus gníomhaíochtaí atá bainteach le spórt le os cionn 64,000 post coibhéis lánaimseartha, os cionn 2.8% den leibhéal fostaíochta ar an iomlán in Éirinn
  • meastar to bhfuil luach eacnamaíoch €1.5 billiún in aghaidh na bliana ag gníomhaíocht maidir le hobair dheonach atá bainteach le spórt

Tá ról speisialta ag spórt chomh maith le dul i ngleic le fadhbanna maidir le mí-úsáid drugaí, coiriúlacht agus eisiamh sóisialta, go háirithe i measc daoine óga atá ina gcónaí i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste go sóisialta agus go heacnamaíoch.

Is gné thábhachtach eile é ardfheidhmíocht a fhorbairt i spórt Éireannach taobh istigh de straitéis spóirt náisiúnta ar an iomlán. Cuireann ardfheidhmíocht i gcúrsaí spóirt, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta araon, atá bunaithe ar fhealsúnacht spóirt atá saor ó dhrugaí, eiseamláir dhearfacha ar fáil chomh maith le cur lenár dtuiscint ar ár bhfiúntas go náisiúnta, agus cur le híomhá na hÉireann thar lear.

Is iad mórspriocanna na hÉireann chomh fada is a bhaineann sé le spórt ná:

  • rannpháirtíocht agus suim sa spórt ag gach leibhéal a mhéadú
  • caighdeáin maidir le himirt a fheabhsú agus saoráidí spóirt ag leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil a fheabhsú
  • leagann an Beartas Spóirt Náisiúnta 2018 - 2027 spriocanna atá le baint amach ag spórt Éireannach sna blianta atá amach romhainn

Áirithe ina measc tá:

  • ardú i rannpháirtíocht sa spórt ar an iomlán ó 43% go dtí 50% den daonra faoi 2027 (ar ionann é agus 260,000 duine breise ag glacadh páirte sa spórt)
  • maoiniú atá níos spriocdhírithe ar ardfheidhmíocht chun níos mó bonn Oilimpeach/Parailimpeach a sholáthar (Ó 13 bonn a fháil i 2016 go dtí sprioc de 20 bonn i 2028)
  • go nglacfaidh gach comhlacht spóirt atá maoinithe leis an gCód Cleachtais chun Eagraíochtaí Pobail, Deonacha agus Carthanacht in Éirinn a Rialú (CVC)

Seirbhísí

Oibríonn an Roinn chomh maith na cláir deontais seo a leanas d'fhonn cuidiú le saoráidí spóirt a fhorbairt nó a athchóiriú chomh maith le trealamh spóirt a chur fáil.


Mór-Imeachtaí Spóirt

Bunaíodh Aonad na Mór-Imeachtaí Spóirt chun tacaíocht an rialtais d’imeachtaí móra spóirt in Éirinn a bhainistiú agus a chomhordú.

Is é ról Aonad na Mór-Imeachtaí Spóirt:

1. Beartas agus straitéis a fhorbairt, a chothabháil agus a chur i bhfeidhm le haghaidh mór-imeachtaí a thairiscint agus a óstáil, lena n-áirítear múnla measúnaithe do thacaíocht airgeadais an Stáit.

2. Tacaíocht agus ionchur an Stáit a bhainistiú agus a chomhordú i dtairiscintí agus óstáil mór-imeachtaí agus chun leasanna an Stáit a chosaint agus a chur chun cinn mar chuid den phróiseas seo. Go hachomair, is féidir é seo a chur in iúl faoi na ceannteidil seo a leanas:

• Measúnú a Dhéanamh – cad é an cás eacnamaíoch, spóirt agus sóisialta ar son tacaíocht an rialtais d’imeacht?

• Tairiscint – tacú leis an tairiscint (airgeadas, riarachán nó an dá rud) agus ráthaíochtaí agus gealltanais rialtais a fháil ó na seirbhísí poiblí nuair is gá

• Seachadadh – cabhrú le seachadadh an imeachta, le béim ar leith ar ghealltanais an rialtais a tugadh ag an gcéim tairisceana

Ag gach céim den phróiseas, féachfaidh an tAonad le leasanna an Stáit a chosaint agus a chur chun cinn.

Is ar Donal Hannigan, Príomh-Oifigeach, atá an fhreagracht ag leibhéal Cheann Aonad Gnó.

Tionscadail Reatha

Tá raon mór-imeachtaí spóirt á mbainistiú ag an aonad faoi láthair, lena n-áirítear:

US College Football Classics

Tugann sraith College Football Classics dhá fhoireann pheil Mheiriceánach ó Choláistí i Meiriceá chun cluiche iomaíoch a imirt i staid Aviva i mBaile Átha Cliath seachas ar a bhfód féin. Tugtar Aer Lingus College Football Classics ar an gcomórtas reatha.

Faoin tsraith reatha, sceidealaíodh cúig chluiche do gach bliain idir 2022 agus 2026. Tá ag éirí go hiontach leis an gcomhoibriú poiblí-príobháideach réamhghníomhach seo.

NFL

Sa bhliain 2025 reáchtálfar chéad chluiche séasúr rialta NFL riamh in Éirinn i bPáirc an Chrócaigh. Beidh an ócáid shuntasach seo ar an gcéad chluiche oifigiúil NFL in Éirinn, a thabharfaidh deis shuntasach chun rannpháirtíocht eacnamaíoch, spóirt agus chultúrtha a neartú idir Éire agus na Stáit Aontaithe.

Deimhníodh na Pittsburgh Steelers mar cheann de na foirne rannpháirteacha, agus fógrófar a gcéile comhraic níos déanaí i mbliana.

EURO 2028

I mí Aibreáin 2023, chuir Cumann Peile na hÉireann, in éineacht le comhpháirtithe ó chumainn peile Shasana, na Breataine Bige, na hAlban agus Thuaisceart Éireann, tairiscint deiridh isteach chuig UEFA chun EURO 2028 a óstáil. Thacaigh na riaracháin rialtais ábhartha, lena n-áirítear Rialtas na hÉireann, leis an tairiscint seo.

I mí Dheireadh Fómhair 2023, d’fhógair UEFA gur éirigh le tairiscint na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann ó na cúig chumann peile sa RA agus in Éirinn, le tacaíocht ó na riaracháin rialtais ábhartha, lena n-áirítear Rialtas na hÉireann. Beidh an comórtas ar siúl anois ar fud na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann in 2028, agus táthar ag súil go reáchtálfar roinnt cluichí i mBaile Átha Cliath.

Thug Aonad na Mór-Imeachtaí Spóirt tacaíocht don tairiscint agus beidh príomhról acu maidir le tacaíocht Rialtas na hÉireann do sheachadadh na hócáide a chomhordú.

Polasaí maidir le Mór-Imeachtaí Spóirt

I gcomhréir le beartas an rialtais, forbraíodh Creat Beartais agus Straitéise um Mór-Imeachtaí Spóirt d’Éirinn agus foilsíodh é i mí Dheireadh Fómhair 2024. Is féidir cóip de Thuarascáil Chreat Beartais agus Straitéise na Mór-Imeachtaí Spóirt chomh maith le cáipéis scagtha imeachta d’eagraithe imeachtaí ionchasacha a fháil anseo.

Soláthróidh sé sin an bonn le haghaidh straitéise chun tacú le mór-imeachtaí spóirt idirnáisiúnta a mhealladh agus múnla measúnaithe bunaithe ar na tosaíochtaí a aithnítear. Ní mór meicníochtaí agus bealaí chun tacú le himeachtaí a fhorbairt freisin.

Déan teagmháil linn

Is féidir teagmháil a dhéanamh le hAonad na Mór-Imeachtaí Spóirt ag am ar bith maidir lenár gcuid oibre nó maidir le moltaí le haghaidh mórimeachtaí spóirt. Cuirfimid cibé cúnamh ar fáil de réir mar is cuí, bíodh sé sin go díreach nó trí chur ar aghaidh chuig tacaíochtaí féideartha eile.

Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag majorevents@tcagsm.gov.ie


An Plean Gníomhaíochta don Spórt