English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ócáid uathúil in Óstán Shelbourne chun síniú Bhunreacht 1922 a chomóradh

Déanann an Chartlann Náisiúnta athléiriú ar an gCoiste Bunreachta 1922 i gcomhpháirtíocht leis an tSeirbhís Cúirteanna

Mar chuid de Chomh-Chlár Comórtha Dheich mBliana Cuimhneachán na Seirbhíse Cúirteanna, beidh imeacht an-speisialta agus uathúil ar siúl chun obair Choiste Bunreachta 1922 a chomóradh. Déanfar athléiriú drámaíochta ar imeachtaí Choiste Bunreachta 1922, chun comóradh a dhéanamh ar obair stairiúil an Choiste, i Seomra Bunreachta Óstán Shelbourne ar an 25 Deireadh Fómhair 2022. Forbraíodh an t-imeacht seo, a bhfreastalóidh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn air, chun comóradh a dhéanamh ar chéad bliain ó glacadh Bunreacht Shaorstát Éireann trí shuí Dháil Éireann mar thionól bunreachta ar an 25 Deireadh Fómhair 1922.

Seans go gceapann go leor daoine gur cruthaíodh Bunreacht na hÉireann sa bhliain 1937, ach go luath in 1922 tháinig Coiste, faoi chathaoirleacht Mhichíl Uí Choileáin, le chéile chun an chéad bhunreacht sa tír a dhréachtú. Faoi bhrú mór ama, dhréachtaigh ceathrar aturnaetha, scríbhneoir, fear gnó as Baile Átha Cliath, dlíodóir Meiriceánach agus beirt ollamh Bunreacht Shaorstát Éireann 1922, a sholáthair an creat don Bhunreacht atá againn sa lá atá inniu ann. Ach is annamh a chuimhnítear orthu ó thaobh na staire de.

Tháinig an Bunreacht a dhréachtaigh siad i bhfeidhm in 1922. Leagadh amach inti paraiméadair an-difriúil leo siúd a mbeimis eolach orthu inniu agus ba é an fonn a bhí ar an gCoiste, i bhfocail an Chathaoirligh, ‘bunreacht saor daonlathach’ a bhunú, an tasc ‘ba thábhachtaí’, a dúirt Collins, ‘– ní ba thábhachtaí ná an Conradh féin’.

Tá páipéir an Choiste Bunreachta i seilbh an Chartlann Náisiúnta, stór oifigiúil taifid Stát Éireann. Tá siad taobh le bailiúcháin eile ina bhfuil luathpháipéir Dháil Éireann. Le chéile, léirítear sna taifid seo an tréimhse ba shuntasaí agus b’achrannaí i stair an Náisiúin, ag tabhairt fianaise ar na cinntí a chinn bunú an Stáit. Cuimsíonn bailiúcháin an Choiste Bunreachta a bpáipéir oibre, taighde, litreacha, miontuairiscí agus dréachtaí éagsúla.

Ag labhairt ag an imeacht, dúirt an Taoiseach Micheál Martin:

“Léirigh an Saorstát fís agus uaillmhian i ndréachtú an Bhunreachta in 1922, a thaispeáin gur mhian leis an Rialtas Sealadach córas rialachais a bhunú a cheadódh go bunúsach don stát nua é féin agus a thodhchaí a bhunú ar phrionsabail an chomhionannais agus ar chearta na saoránach.

Tugaimid ómós do dhianobair agus do thiomantas an Choiste Bunreachta Bunreacht a dhréachtú in 1922 a chuir bonn faoi institiúidí lárnacha an Stáit lena n-áirítear ár bparlaimint náisiúnta agus ár gcóras cúirteanna. Thug na hinstitiúidí seo comhairle agus treoir araon agus leanann siad ar aghaidh ag déanamh amhlaidh go dtí an lá atá inniu ann."

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar TD:

“Bhí dréachtú Bhunreacht Shaorstát Éireann in 1922 ríthábhachtach dár stair, agus céim eile ar ár dturas chuig an neamhspleáchas iomlán. Chuir an Bunreacht bunús dlí ar fáil don Rialtas agus do na breithiúna ár ndlíthe féin a achtú agus a fhorghníomhú, ar mhaithe le hÉirinn agus muintir na hÉireann. Tugann an t-athléiriú drámaíochta seo ar phlé an Choiste Bunreachta tuiscint chomhaimseartha dúinn ar mhórimeacht i stair na hÉireann.”

Ag labhairt roimh an imeacht, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin:

“Ba chéim thábhachtach é rith Bhunreacht Shaorstát Éireann (Bunreacht Shaorstát Éireann) in 1922 do Rialtas nua an tSaorstáit in 1922. Tá lúcháir orm go bhfuil an Chartlann Náisiúnta agus an tSeirbhís Cúirteanna ag déanamh athléirithe bunaithe ar na páipéir agus na taifid seo. Is iontach an rud é an dráma a shuíomh timpeall an bhoird chéanna sa seomra céanna inar forbraíodh an Bunreacht.”

Ag labhairt roimh an imeacht chomh maith, dúirt Príomh-Bhreitheamh na hÉireann, Donal O’Donnell:

“Níl aon rud níos luachmhaire i measc ár saoirsí nua-bhuaite ná an tsaoirse chun córas breithiúnachta agus riaradh an dlí agus an cheartais a thógáil de réir ár riachtanas agus de réir patrúin a dhearamar féin.” Scríobh W.T. Cosgrave, Uachtarán Chomhairle Feidhmiúcháin an tSaorstáit, i mí Eanáir 1923.

Cosúil le go leor de chuimhneacháin na bliana seo, tá sé tábhachtach go ndéanaimid ceiliúradh ar an obair a rinneadh 100 bliain ó shin chun an tír a thógáil. Bhí rith Bhunreacht Shaorstát Éireann (Bunreacht Shaorstát Éireann) in 1922 ina chuid thábhachtach den obair chun an bonn tosaigh sin a chur i bhfeidhm lena n-áirítear mionsonrú ar leagan amach na gCúirteanna nua Éireannacha ar cuireadh tús leo in 1924. Is bealach iontach í an drámaíocht chun beocht a chur sna taifid ar phlé an Choiste le hobair an Choiste agus achtú an Bhunreachta a chomóradh agus a dhéanamh níos inrochtana do dhaoine. Bhí an t-ádh linn comhoibriú leis an gCartlann Náisiúnta ar an tionscnamh seo.”

Tacaíonn an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán leis an imeacht seo faoi Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023.

Baill de Choiste an Bhunreachta 1922

Darrell Figgis (Cathaoirleach Gníomhach)

Mac le ceannaí tae, rugadh é i Ráth Maonais, Baile Átha Cliath, agus chaith sé a óige i Londain agus in Ceylon (Srí Lanca). Ba phearsa liteartha clúiteach é, agus bhí réamhrá le G. K. Chesterton ina chéad chnuasach filíochta, A Vision of Life.

An tOllamh Alfred O’Rahilly

Ba acadóir é Alfred O'Rahilly. Chaith sé tamall gearr sa pholaitíocht, mar Theachta Dála (TD) do Chathair Chorcaí, agus ina dhiaidh sin bhí sé ina Uachtarán ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Rinneadh sagart de freisin tar éis bás a mhná céile.

An tOllamh James Murnaghan

Ba bhreitheamh Éireannach é James Augustine Murnaghan a d’fhóin mar Bhreitheamh sa Chúirt Uachtarach ó 1925 go 1953 agus ina Bhreitheamh san Ard-Chúirt ó 1924 go 1925.

Bhí sé ina Ollamh le Dlí-eolaíocht agus le Dlí na Róimhe i Scoil Dlí COBÁC ó 1911 go 1924, áit ar mhúin sé an dlí idirnáisiúnta freisin.

Hugh Kennedy

Polaiteoir Éireannach, abhcóide agus breitheamh ab ea Hugh Edward Kennedy a d’fhóin mar Phríomh-Bhreitheamh na hÉireann ó 1924 go 1936, ina bhreitheamh sa Chúirt Uachtarach ó 1924 go 1936 agus Ard-Aighne na hÉireann ó 1922 go 1924. Bhí sé ina TD do dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Theas ó 1923 go 1924.

John O’Byrne

Breitheamh agus abhcóide Éireannach ab ea é John O’Byrne a d’fhóin mar Bhreitheamh sa Chúirt Uachtarach, ina Bhreitheamh san Ard-Chúirt ó 1926 go 1940 agus Ard-Aighne na hÉireann ó 1924 go 1926.

Kevin O’Shiel

Ba pholaiteoir agus státseirbhíseach Éireannach é Kevin O’Shiel.

Clemens J France

Dlíodóir agus abhcóide slándála sóisialta ab ea é Clemens James France. Ba bhall den Choiste Meiriceánach um Fhóirithint in Éirinn le linn Chogadh Saoirse na hÉireann, chuidigh sé le dréachtú Bhunreacht Shaorstát Éireann 1922.

James McNeill

Polaiteoir agus taidhleoir Éireannach ab ea James McNeill, a d’fheidhmigh mar an chéad Ard-Choimisinéir i Londain agus mar dara Ard-Ghobharnóir Shaorstát Éireann.

James Douglas

Ba pholaiteoir agus fear gnó Éireannach é James Douglas. Bhainistigh sé an Chrois Bhán idir 1920 agus 1922. Bhí sé ina bhall gníomhach de Sheanad Éireann idir 1922 agus 1936, idir 1938 agus 1943, agus ó 1944 go 1954.