€173 milliún ceadaithe do Thionscadail Mhóra Spóirt
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 4 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Deontais dar luach €173 milliún do 35 tionscadal ar fud na hÉireann as an gCiste d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála (LSSIF) fógartha ag an Aire Catherine Martin agus ag an Aire Thomas Byrne.
- An leithroinnt is mó go dtí seo fógartha faoin gCiste d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála tar éis buaicleibhéal cistíochta a bheith fógartha faoin gCiste Áiseanna Spóirt Pobail.
- Clásal nua "ní fáltas go fiúntas" á thabhairt isteach chun an caiteachas is éifeachtaí a chinntiú mar aon le coinníoll nua go gcinntítear go mbíonn an deis chéanna ag mná agus ag fir ar na háiseanna spóirt uile.
- Cuirfear iarratais bhailí eile ar Chúl-Liosta maoinithe le haghaidh leithroinntí amach anseo de réir mar a bheas maoiniú ar fáil.
D'fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., agus an tAire Stáit don Spórt, don Chorpoideachas agus don Ghaeltacht, Thomas Byrne T.D., inniu (an 4 Samhain 2024) an dara babhta de chistí deontais faoin gCiste d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála (LSSIF). Sin tar éis leithroinntí faoin gcéad bhabhta den Chiste d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála a fógraíodh i mí Eanáir 2020.
€173 milliún móriomlán na ndeontas atá bronnta maidir le 35 tionscadal faoi leith. Ag cur san áireamh an babhta cistíochta seo, is ionann luach carntha na hinfheistíochta as an gCiste d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála ón mbliain 2020 anall agus €297 milliún. Tá liosta cuimsitheach anseo de na hiarratais ar ceadaíodh deontais ina leith.
Leanann an leithroinnt reatha de €173 milliún fógraí eile a rinneadh níos luaithe i mbliana, lena n-áirítear €26 milliún do threalamh spóirt agus €230 milliún faoin gCiste Áiseanna Spóirt Pobail, ionas gur ionann an infheistíocht iomlán i gcaiteachas caipitil spóirt agus fóillíochta sa bhliain 2024 agus €429 milliún.
Bhí de choinníoll le hiarratas a dhéanamh faoin gCiste d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála go mbeadh aontú ar bhonn tosaíochta ó Chomhlacht Náisiúnta Rialaithe Spóirt nó ó Údaráis Áitiúil leis. Bhí an tosaíocht sin ar cheann de roinnt tosca a cuireadh san áireamh sa mheasúnú agus sa rangú deiridh ar thionscadail. Rinne tosca amhail an dóigh go gcuirfí le rannpháirtíocht i spórt, cúrsaí inmharthanachta, deis chothrom ag fir agus ag mná, agus an acmhainn tionscadal a thabhairt i gcrích taobh istigh den tráthchlár a shonraítear eolas don mheasúnú.
Beidh tairbhe ag cineálacha éagsúla spóirt as an mbabhta seo faoin gCiste d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála, ina measc: sacar; na cluichí Gaelacha; lúthchleasaíocht; cispheil; rugbaí; haca; snámh agus spóirt uisce; cruicéad; galf; agus rothaíocht.
Ag an am céanna, cé go bhfuil sé lasmuigh den Chiste d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála, cuirfear maoiniú ar fáil do thionscadail linnte snámha i mBun Cranncha agus sa Mhuileann gCearr, chun cabhrú le costais deartha. Rinneadh é sin i bhfianaise na tábhachta straitéisí a bhaineann le bonneagar linnte snámha a fhorbairt, i gcomhréir leis an Straitéis Náisiúnta Snámha a foilsíodh le déanaí.
Rachaidh tionscadail a bhfuil cistiú faoin gCiste d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála á leithroinnt orthu ar aghaidh go dtí próisis bhreise mheastóireachta agus díchill chuí, próisis a bheidh éagsúil óna chéile i dtaobh chineál agus déine na bpróiseas ag brath ar mhéid agus ar shonraíocht an tionscadail.
Tá clásal nua "ní fáltas go fiúntas" á thabhairt isteach trína gcinnteofar, sa chás nach mbíonn aon chuid den deontas tarraingthe anuas taobh istigh de 2-3 bliana (d’fhéadfadh amlínte éagsúla a bheith i gceist ó thionscadal go tionscadal) nó sula bhfógraítear babhta nua faoin gCiste d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála, gur féidir glacadh leis go bhfuil an tairiscint maoinithe tarraingthe siar.
Maidir le hiarratais ar an gCiste nach bhfuair leithdháileadh, foilseoidh an Roinn Cúl-Liosta san am atá romhainn de na hiarratais bhailí uilig, agus déanfar measúnú orthu. Nuair a bheidh maoiniú sa bhreis faoin gCiste d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála ar fáil, tá sé i gceist go mbeifear in ann maoiniú a chur ar fáil do na tionscadail sin ag an trath sin.
Ag labhairt di ag an ócáid fógartha inniu, dúirt an tAire Martin:
“Téann an tairbhe ó pháirt a ghlacadh i spóirt, gan bheann ar aois, go domhain maidir leis an meabhair agus leis an gcolainn. Ionas gur féidir na cuspóirí ardaidhme atá againn maidir le rannpháirtíocht níos fairsinge i spóirt, is den bhunriachtanas é áiseanna den chineál a thagann faoin scéim seo a bheith againn."
“Tá ról ríthábhachtach leis an gCiste d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála maidir leis an straitéis chun cur le haclú na colainne agus le maitheas an duine. Trí infheistíocht a dhéanamh sna tionscadail shuntasacha seo, táthar ag cinntiú go mbíonn deis ag an uile dhuine, gan bheann ar a gcúlra ná ar a leibhéal cumais, ar áiseanna spóirt ar ardchaighdeán. Cuideoidh an chistíocht seo le bonn leanúnach a chur faoi shárbheartaíocht spóirt in Éirinn agus leis na glúnta atá le theacht a spreagadh i mbun aclú na colainne agus a gcuid aidhmeanna spóirt a thabhairt i gcrích."
“Leis an infheistíocht seo, nach ndearnadh a leithéid riamh cheana, tá bonn treise á chur ag an rialtas faoi ré níos gile i gcúrsaí spóirt agus caithimh aimsire, le béim ar chúrsaí inrochtaineachta, inmharthanachta agus rannpháirtíochta."
“Leantar den obair maidir le náisiún níos aclaí agus níos sláintiúla a chruthú agus beidh ról cinniúnach leis na tionscadail seo maidir leis an aisling sin a thabhairt i gcrích. Tá feabhas mór tagtha ar chaighdeán na n-áiseanna de bharr infheistíocht an Rialtais le blianta beaga anuas agus táim cinnte dearfa go spreagfaidh na háiseanna seo níos mó daoine páirt a ghlacadh i gcúrsaí spóirt san am atá le teacht. Táim ag tnúth le toradh na cistíochta seo a fheiceáil”.
Ag labhairt don Aire Byrne ag ócáid fógartha an lae inniu, dúirt seisean:
“Is léiriú an maoiniú seo ar dhúthracht an Rialtais maidir leis an rath a bheith ar chúrsaí spóirt i gcomharsanachtaí ar fud na hÉireann. Tagann réimse leathan spóirt agus beartaíochta i gceist leis na tionscadail mhóra spóirt a mhaoinítear as an gCiste d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála faoin mbabhta seo. Tá sin ag teacht leis na réimsí éagsúla spéise atá ag pobal na gcomharsanachtaí ar fud na tíre maidir le cúrsaí spóirt. Idir ionaid ilchineálacha spóirt agus áiseanna speisialta maidir le cineál áirithe spóirt go sonrach, déanfar freastal leis na bearta infheistíochta seo ar lúthchleasaithe, ar chlubanna agus ar an bpobal i gcomharsanachtaí áitiúla."
“Leagtar béim leis an gCiste d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála ar an suntas a bhaineann le comhar oibre idir comhlachtaí rialtais, údaráis áitiúla agus comhlachtaí náisiúnta rialaithe maidir leis an mbonneagar spóirt a fheabhsú. Trí ghníomhú i gcomhar, is féidir leis na heagraíochtaí seo a chinntiú go gcuirtear cistí i leith na dtionscadal is éifeachtúla maidir le rannpháirtíocht sa spórt agus forbairt pobail a chur chun cinn."
“Tá barrthábhacht leis an uilechuimsitheacht i gcúrsaí spóirt agus, a bhuíochas den Choinníoll maidir le Deiseanna Cothroma, tá cinntithe againn go mbeidh an deis chéanna ag mná agus ag fir ar na háiseanna spóirt ar fad a gcuirtear cistí poiblí ar fáil lena n-aghaidh."
“Tá an rialtas tugtha do dheiseanna a thabhairt do dhaoine, gan bheann ar aois ná ar leibhéal cumais, páirt a ghlacadh i gcúrsaí spóirt. Is léir an dúthracht leanúnach ina leith sin ón mbuaicleibhéal infheistíochta in áiseanna spóirt a fógraíodh i mbliana faoin gCiste Áiseanna Spóirt Pobail agus faoin gCiste d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála. Tá mé cinnte go gcruthófar leis na tionscadail seo deiseanna breise agus deiseanna níos fearr do dhaoine den uile aois agus de gach cúlra páirt iomlán a ghlacadh i gcúrsaí spóirt".
Ag fáiltiú dó roimh an bhfógra, dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí, Sheachadh PFN agus Athchóirithe, Paschal Donohoe T.D.:
“Is léiriú an chistíocht atá á fógairt inniu faoin gCiste d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála ar a thiomanta atá an Rialtas d'infheistíocht a dhéanamh in áiseanna spóirt sa tír seo. Cuireann an spórt le saol na ndaoine agus bíonn tairbhe as cuimse as i saol an phobail. Táim ag tnúth go mór leis na tionscadail mhóra spóirt a bhfuil cabhair airgid á tabhairt ina leith faoin gCiste d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála a fheiceáil á dtabhairt i gcrích ar mhaithe le pobal comharsanachtaí éagsúla ar fud na tíre.”
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí:
An Ciste d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála 2024:
D'fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., agus an tAire Stáit don Spórt, don Chorpoideachas agus don Ghaeltacht, Thomas Byrne T.D., cistíocht suas le €120m sa dara babhta faoin gCiste d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála (LSSIF) ar tosaíodh ag glacadh le hiarratais ina leith an 26 Aibreán 2024. Tugadh san áireamh, agus na hiarratais ar chistí idir €600,000 agus €30m á meas, méid an daonra, ceisteanna inmharthanachta agus deimhniú go gcinnteofar go mbeidh an deis chéanna ag fir agus ag mná ar áiseanna a mhaoinítear faoin gCiste. Ba é an 1 Iúil an dáta deiridh d’iarratais. Tar éis
idirbheartaíocht dhearfach leis an Aire Paschal Donohoe tar éis an dáta sin, méadaíodh scála foriomlán an chistithe go dtí an leibhéal a fógraíodh inniu,
An Ciste d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála 2018:
Rinneadh soláthar faoin mBeartas Náisiúnta Spóirt a foilsíodh sa bhliain 2018 do Chiste nua d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála (LSSIF). Is é atá de chuspóir leis an gciste seo cabhair airgid ón Státchiste a chur ar fáil maidir le tionscadail agus áiseanna spóirt ar scála mór nuair a bheadh infheistíocht níos mó ón Státchiste de dhíth ná mar a cheadaítear a chur ar fáil faoin gCiste Áiseanna Spóirt Pobail [ar a dtugtaí tráth an Clár Caipitil agus Trealaimh Spóirt (SCEP)]. Ceadaíodh €124 milliún do 33 thogra éagsúla faoin gcéad bhabhta a fógraíodh sa bhliain 2020.
Buneolas faoin gCiste d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála:
Sa Bheartas Náisiúnta Spóirt, a foilsíodh sa bhliain 2018, rinneadh soláthar chun an Ciste d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála a chur ar bun. Is é atá de chuspóir leis an gciste cabhair airgid ón Státchiste a chur ar fáil maidir le háiseanna spóirt ar mhórscála lena mbainfeadh infheistíocht as an Státchiste níos mó ná an uasmhéid (€600,000) is féidir a cheadú faoin gCiste Áiseanna Spóirt Pobail, a dtugtaí an Clár Caipitil agus Trealaimh Spóirt (SCEP) air tráth.
Faoin gCiste d’Infreastruchtúir Spóirt ar Mhórscála, déantar infheistíocht i ngnéithe den bhonneagar spóirt trína dtreisítear leis na prionsabail a leagtar amach i mBeartas Náisiúnta Spóirt na Roinne:
• Cur leis an rannpháirtíocht ghníomhach i gcúrsaí spóirt ó thaobh minicíochta agus caighdeáin
• Cur leis an rannpháirtíocht shóisialta i gcúrsaí spóirt ó thaobh minicíochta agus caighdeáin
• Feabhas a chur ar Ardfheidhmíocht i mbearta spóirt
• Cur le Rannpháirtíocht Ghníomhach daoine faoi mhíchumas i gcúrsaí spóirt.