20 Bliain d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus Bliain Amháin den Choiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge: Súil Siar
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 14 Iúil 2023
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
• Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 20 Bliain ar an bhFód
• Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge bunaithe le bliain
• An Dr. Kerron Ó Luain ceaptha mar cheannasaí an tionscadail taighde don Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge
• Próiseas tairisceana d’Athbhreithniú agus Leathnú amach ar fheidhmeanna an Tionscnaimh Ardscileanna Gaeilge le fógairt
Tá an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D. agus Aire Stáit don Ghaeltacht, Patrick O’Donovan T.D. ag déanamh ceiliúrtha inniu ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus é 20 bliain ar an bhfód mar aon le bliain den Choiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge.
Leis an nGaeilge aitheanta mar chéad theanga oifigiúil an Stáit i mBunreacht na hÉireann, thug síniú Acht na dTeangacha Oifigiúla ar 14 Iúil 2003 aitheantas agus cosaint reachtúil den chéad uair do chearta shaoránaigh na hÉireann an Ghaeilge a úsáid ina ngnó laethúil leis an Stát.
Leis an Acht leagadh an bhunchloch do líon agus caighdeán na seirbhísí trí mheán na Gaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil a mhéadú agus a fheabhsú. Rinneadh é seo trí dhualgais dhíreacha a leagann ar chomhlachtaí poiblí faoin Acht a bhain le, mar shampla, freagraí a thabhairt ar chumarsáid sa teanga oifigiúil ina bhfuarthas í mar aon le cumarsáid le faisnéis a thabhairt don phobal a dhéanamh i nGaeilge amháin nó go dátheangach. Sonraíodh chomh maith réimse cáipéisí de chuid comhlachtaí poiblí a bhí le foilsiú go dátheangach ag an am céanna. Faoi Alt 9 den Acht rinneadh rialacháin in 2008 chomh maith a leag amach dualgais bhreise ó thaobh fógraí réamhthaifeadta ó bhéal, stáiseanóireacht, comharthaí agus logainmneacha Gaeltachta.
Dar ndóigh, is faoin Acht chomh maith a bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga sa bhliain 2004. Is iad na príomhdhualgais a leag an tAcht amach ar an oifig sin ná monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil forálacha an Achta á gcomhlíonadh ag comhlachtaí poiblí, agus bearta riachtanacha a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí a ndualgais faoin Acht.
Ar mhaithe le tógáil ar an obair seo, rinne Uachtarán na hÉireann Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 a shíniú ina dhlí ar 22 Nollaig 2021. Treisiú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá i gceist leis an reachtaíocht nua seo agus aithnítear go forleathan go gcuirfidh sé go mór le caighdeán na seirbhísí i nGaeilge a chuireann comhlachtaí Stáit ar fáil don phobal.
Is iad príomhspriocanna an Achta neartaithe seo ná:
• go mbeidh 20% d’earcaigh chuig an earnáil phoiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030;
• go gcuirfear na seirbhísí poiblí uile sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil trí Ghaeilge;
• go mbeidh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge;
• go ndéanfar Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge a fhorbairt; agus
• go dtiocfaidh córas na gcaighdeán teanga in áit córas na scéimeanna teanga.
Ag croílár fhormhór na n-iarrachtaí seo beidh obair an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge. Bunaíodh an Coiste ar an 20 Meitheamh 2022 agus is ar ullmhú an chéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Gaeilge a bheidh obair an Choiste dírithe go príomhúil don chéad dá bhliain chun a chinntiú go ndéanfar é seo a chur i gcrích roimh an spriocdháta de 19 Meitheamh 2024.
I gcomhréir le feidhmeanna an Choiste faoin Acht, aontaíodh conradh taighde le hOllscoil na Gaillimhe i mí na Nollag 2022 chun tacú leis an obair seo. Bhuail an Coiste Comhairleach le baill den fhoireann taighde don Phlean Náisiúnta ag a chruinniú deireanach ar an Aoine, an 30 Meitheamh 2023.
Ceapadh an Dr. Kerron Ó Luain, a bheidh mar Chomhalta Taighde agus mar cheannasaí an tionscadail, trí phróiseas earcaíochta a reáchtáil Ollscoil na Gaillimhe níos luaithe i mbliana. Chuir an Dr. Ó Luain plean oibre don taighde faoi bhráid an Choiste ag an gcruinniú seo agus cuireadh an-fháilte roimh an bplean oibre céanna.
Leis an taighde agus leis an bPlean seo, beifear ag breathnú ar:
• na bearnaí atá i soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge mar atá faoi láthair a aithint agus straitéisí a mholadh chun dul i ngleic leis sin;
• na seirbhísí poiblí a sholáthraítear i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta (LPT) a aithint agus straitéisí a mholadh chun a chinntiú gurb í an Ghaeilge teanga oibre na n-oifigí sin atá lonnaithe i LPT agus go bhfuil na seirbhísí sin á soláthar trí mheán na Gaeilge;
• staid reatha maidir le leibhéal inniúlachta Gaeilge san earnáil phoiblí a aithint;
• moltaí a dhéanamh ó thaobh cúrsaí earcaíochta de.
Tá gealltanas sonrach tugtha i Straitéis Athnuachana na Státseirbhíse 2030 chomh maith go gcuirfear an Plean Náisiúnta seo i bhfeidhm.
Ó thaobh forálacha suntasacha eile de chuid an Achta leasaithe, tá an fhoráil fhógraíochta (Alt 10A). Tháinig an fhoráil seo i bhfeidhm ar an 10 Deireadh Fómhair anuraidh (2022) agus cuireann sí dualgas ar gach comhlacht poiblí 20% ar a laghad dá fhógraíocht bhliantúil a dhéanamh i nGaeilge agus 5% ar a laghad dá bhuiséid fógraíochta bhliantúla a chaitheamh ar fhógraíocht i nGaeilge sna meáin Ghaeilge. Is foráil thar a bheith dearfach atá ann atá tar éis cur le feiceálacht na teanga trasna gach ardán meán atá in úsáid ag comhlachtaí poiblí cheana féin.
Dar ndóigh, leis an Acht leasaithe beifear ag tabhairt aghaidh ach go háirithe ar fhorbairtí sna meáin dhigiteacha chomh maith, le postáil sna meáin shóisialta le freagairt sa teanga oifigiúil ina fhaightear iad roimh dheireadh na bliana. Beidh dualgais bhreise ar chomhlachtaí poiblí chomh maith ó thaobh úsáid agus taifead ainmneacha, seoltaí agus teideal i nGaeilge - an síneadh fada san áireamh, agus beidh tréimhse ama á leagann síos dóibh faoina mbeidh gá dóibh a chinntiú go bhfuil a gcórais TCF agus eile curtha in oiriúint le glacadh lena leithéid, mura bhfuil déanta cheana féin.
Ag labhairt léi ar an lá, dúirt an tAire Martin:
“Is mór agam an comóradh seo a dhéanamh inniu – 20 bliain ó achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá go leor bainte amach faoin mbun-Acht agus muid ag breathnú chun cinn anois le níos mó arís a bhaint amach faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021. Tá Oifigigh mo Roinne ag obair go tréan chun tús feidhme a thabhairt d’fhorálacha uile an Achta sin roimh dheireadh na bliana. Má bhaintear é seo amach, is bliain iomlán chun cinn a bheadh ann ar an sceideal éigeantach tosaigh feidhme a leagadh síos ina leith faoin Acht. Gach céim chun tosaigh a thógtar leis an obair seo is céim níos faide chun cinn í i normalú na Gaeilge mar ghnáth-theanga oibre agus ghnó san earnáil phoiblí – ag cumasú do lucht labhartha na Gaeilge í a úsáid i ngach gné dá saol – ach go háirithe ina bplé leis an Stát.”
Bhí an méid seo le rá ag an Aire Stáit O’Donovan chomh maith:
“Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom tréaslú leis an Dr. Kerron Ó Luain as a cheapachán mar Chomhalta Taighde ar an bhfoireann taighde don Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge. Cuirim fáilte roimh an bplean oibre ciallmhar, stuama atá leagtha amach aige don Choiste Chomhairleach um Sheirbhísí Gaeilge le déanaí chomh maith agus léiríonn sé an dlús atá ag teacht le hobair straitéiseach an Choiste sin agus é bliain ar an bhfód."
"I dtaca leis an méid a bheidh le baint amach faoin Acht leasaithe, beifear ag fógairt próiseas tairisceana eile chomh maith sa tréimhse ghearr amach romhainn maidir le hathbhreithniú agus leathnú amach a dhéanamh ar fheidhmeanna Thionscnamh Ardscileanna Gaeilge na Roinne chun go ndíreofaí níos mó ar chúrsaí oiliúna agus earcaíochta in Éirinn. Beidh sé seo mar ghné chriticiúil den obair uile seo chun a chinntiú go mbaintear amach spriocanna uaillmhianacha an Achta.”
Ó thaobh cúrsaí feasachta faoin Acht - d’fhreastail os cionn 600 fostaí den Stát ar sheimineáir faisnéise a reáchtáil an Roinn le déanaí, i gcomhar le hOifig an Choimisinéara Teanga, le léargas a fháil ar a ról-san i gcur i bhfeidhm an Achta.
Beifear ag tabhairt faoi fheachtas feasachta mór san fhómhar chomh maith maidir leis na deiseanna suntasacha fostaíochta atá agus a bheidh ann san earnáil phoiblí dóibh siúd le Gaeilge de thoradh an Achta agus ag súil le roinnt comórtas do róil le Gaeilge a nascadh isteach leis sin, mar shampla i réimse na cumarsáide.
Rinne an Roinn deontas méadaithe a cheadú do Ghluaiseacht (Seó Bóthar Chonradh na Gaeilge) níos luaithe i mbliana chomh maith, suas 85% ar dheontas 2021-2022, chun cumasú dóibh dul i bhfeidhm ar bhreis is 28,000 duine óg in aghaidh na bliana agus an teachtaireacht láidir a thabhairt dóibh faoi na deiseanna fostaíochta seo chomh maith.
Nótaí don Eagarthóir:
Beathaisnéis an Chomhalta Taighde
An Dr. Kerron Ó Luain
Is staraí é an Dr. Kerron Ó Luain, as Ráth Cúil, Co. Bhaile Átha Cliath. Chaith sé tréimhsí ag múineadh na staire agus na Gaeilge in ollscoileanna in Éirinn agus i Meiriceá.
Bhí sé i mbun taighde le blianta beaga anuas ar thionscadal dár dteideal Stair Ghluaiseacht na Gaelscolaíochta, c.1973-2023 a mhaoinigh COGG agus an Chomhairle um Thaighde in Éirinn, as a d’eascair iléarscáil dhigiteach idirghníomhach, a léiríonn fás na hearnála.
Is spéis leis an stair ón mbun aníos, an stair trí lionsa na Gaeilge, agus tionchar cúrsaí aicmeacha ar ghluaiseachtaí sóisialta forásacha.
Eile
Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021
Mír ábhartha maidir le bunú an Choiste
Suíomh gréasáin na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán