English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

€37,218 ceadaithe ag an Aire Stáit Chambers chun Clár na gCluichí Gaelacha a riar i nGaeltacht Mhaigh Eo

Fostófar traenálaí páirtaimseartha

Cuirfear 16 uair teagasc sa tseachtain ar fáil in 10 mbunscoil agus 4 iar-bhunscoil Ghaeltachta sa dá cheantar Gaeltachta Maigh Eo Thuaidh agus Thiar

Cuirfear 5 sheisiún bliotsa ar siúl thar an scoilbhliain

D’fhógair Jack Chambers T.D., Príomh-Aoire an Rialtas agus an tAire Gaeltachta agus Spóirt inniu go bhfuil deontas suas le €37,218 ceadaithe aige do Chomhairle Chonnacht CLG chun cur ar a gcumas Clár na gCluichí Gaelacha a leathnú amach chuig scoileanna i nGaeltacht Mhaigh Eo. Beidh 15 scoil ar fad atá páirteach i bhfeidhmiú an pholasaí don oideachas Gaeltachta i Maigh Eo Thuaidh agus Thiar in ann leas a bhaint as an gclár.

Dúirt an tAire Stáit Chambers:

“Tá an-áthas orm go bhfuil an clár seo á leathnú amach chuig scoileanna Gaeltachta i Maigh Eo Thuaidh agus Thiar. Tríd an clár seo agus cláir eile atá á riar ag an Roinn cuirtear deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga ar fáil lasmuigh den ghnáth curaclam do lucht freastail bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna cáilithe fud fad na Gaeltachta. Táim ag súil go mbeadh leathnú an chláir chuig Gaeltacht Mhaigh Eo Thuaidh agus Thiar mar thaca breise do na scoileanna ina gcuid iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn agus mar thaca chomh maith don phróiseas pleanála teanga atá faoi lán seoil sa dá cheantar le cúnamh leanúnach mo Roinne.”

Faoi réir an tsocraithe atá i bhfeidhm le Comhairle Chonnacht agus Comhairle na Mumhan seasfaidh Comhairle Chonnact an 33% eile den chostas iomlán a bhaineann leis an gclár. Aithnítear scoileanna i gceantar Thuar Mhic Éadaigh cheana féin faoin socrú atá ag an Roinn le Comhairle Chonnachta i nGaeltacht na Gaillimhe. Faoin gclár, tugann teagascóirí a fheidhmíonn faoi scáth an dá Chomhairle cuairteanna ar scoileanna atá páirteach ann chun seisiúin pheile agus iománaíochta - a ndéantar a riar trí Ghaeilge, a chur ar fáil do lucht freastail na scoileanna i gceist.

Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi ghníomh 2.20 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge, a seoladh i Meitheamh 2018, atá an deontas seo á cheadú.


Nótaí don Eagarthóir

Cuireann an maoiniú sonrach seo leis an gclár atá á riar cheana féin ag Comhairle na Mumhan agus Comhairle Chonnacht i scoileanna cáilithe i nGaeltacht na Gaillimhe, Chiarraí, Chorcaigh agus Phort Láirge.

Ó 2010, tá c. € 1.5m infheistithe ag an Roinn sa chlár atá á riar i 69 bunscoil agus 20 iar-bhunscoil Ghaeltachta.

Cothaítear dhá phost lánaimseartha agus 12 post páirtaimseartha mar thoradh chistíocht na Roinne agus an dá Chomhairle CLG.

Seo a leanas sonraí na scoileanna a bheidh in ann leas a bhaint as an gclár:

Bun Scoil Lion páistí 2021/22 (páistí páirteach) 2022/23 2023/2024 Líon uaireanta
Eachléim 42 20 20 20 1 uair sa tseachtain
Corr Chloch 81 40 40 40 1 uair sa tseachtain
Poll a tSomais 27 12 12 12 1 uair sa tseachtain
Ros Dumhach 16 8 8 8 1 uair sa tseachtain
Gleann na Muaigh 18 9 9 9 1 uair sa tseachtain
Ceathrú Thaidhg 27 12 12 12 1 uair sa tseachtain
Dumha Thuama 32 16 16 16 1 uair sa tseachtain
Bun a Choire 15 15 15 15 1 uair sa tseachtain
Sáile 43 15 15 15 1 uair sa tseachtain
Tóin Ré Gaoth 50 15 15 15 1 uair sa tseachtain
Iomlán - 162 162 162 -
Iar-Bhunscoileanna 2021/22 2022/23 2022/24 Líon uaireanta
Meanscoil Mhuire 215 54 107 161 1 uair15 sa tseachtain
Coláiste Bhreandain 377 76 151 227 1 uair 15 sa tseachtain
Coláiste Chomáin 41 12 24 35 1 uair 15 sa tseachtain
Coláiste Phobail Acla 247 50 50 50 1 uair 15 sa tseachtain
Iomlán - 191 332 473 -