English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

€900,000 i maoiniú fógartha ag na hAirí Martin agus Byrne don Scéim Scoláireachta DEIS Gaeltachta

€900,000 i maoiniú fógartha ag na hAirí Martin agus Byrne don Scéim Scoláireachta DEIS Gaeltachta

• Os cionn 800 scoláireacht Gaeltachta ar fáil do scoláirí i 2025

• Scoláireacht do chúrsa trí sheachtaine ar fiú suas go €950 nó 85% táillí iomlána an chúrsa í

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, agus Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne TD, inniu go bhfuil ciste €900,000 ceadaithe acu chun leathnú suntasach a dhéanamh ar an gciste scoláireachta do lucht freastail iar-bhunscoileanna DEIS na tíre chun freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht le linn an tsamhraidh i 2025.

Cuireadh tús leis an Scéim DEIS Gaeltachta in 2019 tráth go raibh 50 scoláireacht ar fáil faoin Scéim. Faoin gciste breise atá ceadaithe, beidh os cionn 800 scoláire in aghaidh na bliana as iar-bhunscoileanna DEIS ar fud na tíre in ann tairbhe a bhaint as tréimhse foghlama sa Ghaeltacht.

Is fiú suas le €950 nó 85% de tháille iomlán an chúrsa an scoláireacht do chúrsa trí seachtaine a chuirfear ar fáil faoin gciste. Beidh an scéim á riar ar son na Roinne ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB) mar atá á dhéanamh ó 2019.

Dúirt an tAire Martin:

“Tá an-éileamh ar an scéim DEIS Gaeltachta ó bunaíodh é in 2019, tráth go raibh 50 scoláireacht le fáil, agus tá ríméad orainn a fhógairt gur níos mó ná 800 scoláireacht a bheidh ann i 2025. Tá tábhacht nach beag leis an an scéim seo agus níos mó deiseanna á gcruthú do dhaoine óga seans nach bhfaigheadh an deis de ghnáth freastal ar chúrsa samhraidh. Ní hamháin gur chun leasa na Gaeilge agus na Gaeltachta an scéim seo ach chun leasa an phobail trí chéile mar a bhaineann sé le hionchuimsiú sóisialta.”

Dúirt an tAire Stáit Byrne:

“Mar thoradh ar an ardú suntasach ar an gciste DEIS Gaeltachta, beidh seans ag thart ar 800 scoláire in aghaidh na bliana ó iar-bhunscoileanna DEIS lasmuigh den Ghaeltacht freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht. Is cúis áthais dúinn an méadú atá á fhogairt ar luach gach scoláireachta ó €850 go €950 do chúrsa trí seachtaine. Is aitheantas an t-ardú ar luach na scoláireachta ar an ngá atá leis an mbearna idir táillí an chúrsa agus an scoláireacht féin a líonadh. Tá tábhacht faoi leith le bearta mar seo i dtéarmaí inrochtaineachta, comhionannais agus cuimsitheachta.”

Bunaíodh an ciste DEIS Gaeltachta in 2019 tráth ar cuireadh €50,000 ar fáil chun deis a thabhairt do lucht freastail iar-bhunscoileanna DEIS na tíre freastal ar cheann de na cúrsaí Gaeilge atá aitheanta ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Tá an-eileamh ar an scéim scoláireachtaí le blianta anuas. De thoradh an bheartais atá fógartha, beidh thart ar 800 scoláireacht in aghaidh na bliana ar fáil in áit an 400 a bhí ann le blianta beaga anuas.

Tá an chéim seo i gcomhréir leis an ngealltanas faoi leith sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 maidir le hearnáil na gcoláistí Gaeilge. Tá na socruithe ina leith chun an beart a chur chun feidhme idir lámha cheana féin ag an GRETB agus iad ag súil le fógra faoin gcistíocht nua a sheoladh go luath chuig na scoileanna.

Táthar ag súil le go dtosóidh an GRETB ag glacadh le hiarratais ar na scoláireachtaí DEIS Gaeltachta ó thús na míosa seo chugainn.

Fágann an beartas seo agus cinn eile a fógraíodh níos túisce i mbliana go mbeidh níos mó ná €6m á infheistiú feasta ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán go bliantúil san earnáil seo ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta.