English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ag Athshamhlú ár Spásanna Poiblí faoin Aer

D'fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., scéim maoiniúcháin nua chun cabhrú le húdaráis áitiúla spásanna agus áiseanna poiblí a oscailt agus a chruthú do na healaíona, don chultúr agus d’fhéilte.

Scéim Spás Poiblí faoin Aer 2021 a thabharfar ar an scéim. Tabharfaidh an scéim seans do gach údarás áitiúil spásanna poiblí a chur in oiriúint, a fheistiú nó a fheabhsú ar bhealach éigin eile do ghníomhaíochtaí cultúrtha agus d’imeachtaí, de réir treoirlínte sláinte poiblí agus de réir riachtanas phobail áitiúla na n-ealaíon agus na siamsaíochta.

Tugtar cuireadh d’údaráis áitiúla tionscadail chaipitil a mholadh do spásanna faoin aer atá solúbtha, nuálach agus atá oiriúnach le húsáid ó cheann ceann na bliana. Go hidéalach, ba cheart do thionscadail dul i ngleic leis na dúshláin a chuireann COVID-19 romhainn agus tacú le téarnamh an earnáil chruthaitheach, chultúrtha, siamsaíochta agus na n-imeachtaí. Ba cheart féachaint chuige go seasfaidh na tionscadail seo an aimsir ó thaobh na sláinte agus na sábháilteachta de. Ba cheart do thionscadail torthaí tapa a chur ar fáil nó gníomhartha le buntáistí breise a chur ar fáil d'earnáil na turasóireachta agus an fháilteachais. Ba cheart dóibh a léiriú conas a thacaíonn siad leis an nGeilleagar Oíche, tosaíocht de chuid an Aire agus an Rialtais, chomh maith. Is féidir le gach údarás áitiúil cur isteach ar mhaoiniú €250,000 faoin scéim.

Téann an scéim nua i ngleic le Moladh 9 de Thuarascáil Thascfhórsa Téarnaimh na nEalaíon agus an Chultúir. Moladh go sonrach sa Tuarascáil go gcuirfeadh údaráis áitiúla spásanna ealaíonta ar fáil chun folláine a fheabhsú, spásanna ar féidir a úsáid ó cheann ceann na bliana. Rinneadh forbairt ar shonraí na scéime i gcomhar leis an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil agus le hionchur Fháilte Éireann.

Seo a leanas gnéithe de fhreagairt Chaipitil Ghéarchéim COVID:

• Cuirfear maoiniú ar fáil d’údaráis áitiúla;

• Is féidir le húdaráis áitiúla cur isteach ar dheontas €250,000 ar féidir a úsáid chun costais incháilithe a mhaoiniú ag ráta maoinithe 90%;

• Cuirfear maoiniú ar fáil do thionscadail a dhíríonn ar infreastruchtúr chun tacú leis na healaíona, leis an gcultúr, le gníomhaíochtaí cruthaitheacha, le himeachtaí siamsaíochta, le féilte agus leis an nGeilleagar Oíche.

• Ba cheart d’údaráis áitiúla dul i gcomhairle le Fáilte Éireann faoin tionscadal atá molta;

• Tá soláthar, cuir in oiriúint agus feabhsú spásanna poiblí faoin aer i lárionaid dhaonra i measc na tionscadail incháilithe;

• Ba cheart d’údaráis áitiúla a chinntiú go n-oireann na háiseanna a mholann siad do riachtanais agus do chúinsí áitiúla;

• Cuirfear gach deontas ar fáil ar bhonn sonraisc íoctha;

• Beidh an scéim i bhfeidhm ar feadh fad ghéarchéim COVID agus glacfar le hiarratais i rith na tréimhse seo;

• Is féidir le húdaráis áitiúla tionscadail chuí a mholadh láithreach.

Dúirt an tAire Martin:

“Tuigimid anois, níos mó ná riamh, an luach a bhaineann le spásanna comhroinnte, go mór mór dár gcuid ealaíontóirí, don chultúr i measc ár gcuid pobal agus le gur féidir le daoine teacht le chéile i dtimpeallacht shábháilte. Cur i bhfeidhm mholadh eile de chuid Thascfhórsa Téarnaimh na nEalaíon agus an Chultúir atá sa bheart seo agus tagann sé le tiomantas an rialtais don fholláine. Tá sé fíorthábhachtach go gcabhróidh an ciste le spásanna nua a oscailt ar fud na tíre, i sráidbhailte, i mbailte agus i gcathracha, chun acmhainní nua iontacha a chruthú d’fhéilte, don tsiamsaíocht agus d’imeachtaí cultúrtha.”

“Acmhainn ríthábhachtach atá i ngach údarás áitiúil in idirghábháil na n-ealaíon agus an chultúir le blianta fada anois. Aithníonn an Rialtas a gcomhoibriú agus a gcuid iarrachtaí sa fhreagairt náisiúnta do ghéarchéim COVID-19 agus táimid iontach buíoch díobh.

“Spreag an phaindéim nuálaíocht, go mór mór in earnálacha na n-ealaíon agus na siamsaíochta agus táim ag súil leis na réitigh chruthaitheacha agus shamhlaíocha a chuirfidh na húdaráis áitiúla ar fáil a fheiceáil mar fhreagairt don scéim seo.”

“Tagann an maoiniú seo chomh maith tar éis do Thascfhórsa Téarnaimh na nEalaíon agus an Chultúir aird ar leith a dhíriú le déanaí ar an ngá le spásanna poiblí faoin aer sa timpeallacht thógtha agus sa timpeallacht nádúrtha araon. Tá a fhios agam ón bplé a rinne an Tascfhóras Geilleagair Oíche gur dhírigh réimse leathan páirtithe leasmhara aird ar an gceist seo.”