English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Aird an domhain ar Éirinn agus Cluiche Ceannais Shraith Europa ag tarlú i mBaile Átha Cliath

Na milliúin duine chun coimhéad ar an mhórimeacht sa phríomhchathair ar an teilifís

Níos mó ná 20,000 duine ó thar lear chun cuairt a thabhairt ar an chathair agus an staid

Rinne Baile Átha Cliath óstáil ar imeacht taispeántais an chomórtais don uair is déanaí in 2011

Ghlac Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Thomas Byrne, an tAire Stáit don Spórt, an Corpoideachas agus an Ghaeltacht, an deis chun fáilte a chur roimh fhoirne agus lucht leanúna Bayer 04 Leverkusen ón Ghearmáin agus Atalanta BC ón Iodáil go Baile Átha Cliath an tseachtain seo.

Roghnaíodh Baile Átha Cliath chun Cluiche Ceannais Shraith UEFA Europa 2024 a óstáil, a tharlóidh ar Dé Céadaoin, 22 Bealaine, leis an chic tosaigh ag a 8in. Is é Cluiche Ceannais Shraith UEFA Europa an deireadh de cheann de na comórtais chlub is mó le rá sa pheil agus is cinnte go mbeidh cluiche iomaíoch peile i gceist, rud a bheidh mar thaispeántas spreagúil do chách.

Is cúis áthais don Roinn í tacú le hóstáil an imeachta seo i gcomhar le comhpháirtithe in UEFA, an FAI, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, An Garda Síochána, Aerfort Bhaile Átha Cliath, an tÚdarás Náisiúnta Iompair, agus comhpháirtithe eile.

Tar éis an fhógra i mí Dheireadh Fómhair ó UEFA gur éirigh le hÉirinn agus an Ríocht Aontaithe ina gcomhthairiscint chun EURO 2028 a óstáil, cuireann an t-imeacht seo deis iontach ar fáil don staid óstach, agus dár bpríomhchathair, chun ár gcumas a léiriú maidir le himeachtaí spóirt iomráiteacha a óstáil.

Dúirt an tAire Catherine Martin:

"Fáiltím roimh UEFA agus Cluiche Ceannais Shraith Europa go Baile Átha Cliath don imeacht spóirt iontach seo, a dhéanfaidh leas mór d’Éirinn. Tá mé ag súil go mór leis an imeacht mór le rá seo, a spreagfaidh rannpháirtíocht sa spórt i measc na n-óg agus daoine de gach aois. Níor buadh Bayer Leverkusen fós sa séasúr stairiúil seo, tá Atalanta in iomaíocht ag barr Serie A, agus is cinnte go mbeidh sé ina thaispeántas draíochtúil do lucht leanúna iomlán na peile."

Dúirt an tAire Thomas Byrne:

"Agus Éire ag tnúth le EURO 2028 a chomh-óstáil leis an Ríocht Aontaithe, is rud gálanta é ár bpríomhchathair a fheiceáil curtha i láthair an domhain i mbliana, agus muid ag óstáil Chluiche Ceannais Shraith UEFA Europa. Ionas gur féidir le hÉirinn mórimeachtaí idirnáisiúnta spóirt a mhealladh agus rath s’acu a chinntiú, tugtar faoi obair agus ullmhúchán suntasach thar roinnt blianta. Ba mhaith liom a lua go bhfuil Baile Átha Cliath in ann Cluiche Ceannais Shraith UEFA Europa a óstáil mar gheall ar thacaíocht agus ról Rialtas na hÉireann, Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus gníomhaireachtaí agus údarás stáit. Tá súil agam go mbainfidh lucht leanúna na peile, sa bhaile agus thar lear, sult as an cluiche ceannais iontach seo.”

CRÍOCH