‘All Right, All Night’ – tionscnamh agus feachtas sábháilteachta do dhaoine óga faoin nGeilleagar Oíche
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 19 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 19 Meán Fómhair 2024
Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas Idirghabhála Fianaisigh ‘All Right, All Night’ feasacht a ardú ar thacaíochtaí oiliúna nua chun oideachas a chur ar dhaoine óga agus tacú leo an fód a sheasamh, labhairt amach agus a bheith sábháilte agus iad ag sóisialú tráthnóna agus oíche.
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., €170,000 mar thacaíocht mhaoinithe do “All Right, All Night”, tionscnamh nua sábháilteachta, oideachais agus oiliúna ina ndírítear ar dhaoine óga.
Tacaíonn an tionscnamh seo leis an moladh a d’eascair ón bhFóram Óige um Gheilleagar Oíche agus Gníomh 34 ó Item was unpublished or removed ina leagtar béim ar cheist na sábháilteachta poiblí san oíche agus ina moltar bealaí ina bhféadfadh struchtúir reatha tacú le bearta sábháilteachta agus iad a fheabhsú i suíomhanna geilleagair oíche.
Chuir an Roinn maoiniú €240,000 ar fáil in 2023 chun tacú le forbairt an chláir oiliúna agus oideachais seo a dhear an tOllamh Louise Crowley ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, go sonrach do dhaoine óga 16-24 bliana d’aois. Bunaíodh an clár oiliúna ar fhianaise agus ar thaighde a bailíodh trí cheardlanna a reáchtáladh le mic léinn tríú leibhéal agus forbraíodh é bunaithe ar eispéiris an fhoréigin ghnéasaigh agus an chiaptha i measc daoine óga a bhfeiceann siad go minic agus/nó a mbíonn taithí acu orthu agus iad ag sóisialú san oíche, fiú i measc a bpiarghrúpaí. Tá sé mar aidhm ag seoladh fheachtas an lae inniu daoine a spreagadh chun cláraithe don oiliúint seo agus tacú le timpeallacht oíche níos sábháilte. Táthar ag súil go gcuirfear an oiliúint seo ar thart ar 1870 duine óg in 2024/2025.
Tá an maoiniú a fógraíodh inniu ag tacú le sraith ceardlanna oiliúna píolótacha saincheaptha agus cláir oideachais do dhaoine óga, a sheachadfar i suíomhanna scoile, agus i suíomhanna eile lasmuigh den bhaile, amhail clubanna spóirt agus grúpaí óige. Trí na ceardlanna, gheobhaidh rannpháirtithe tuiscint shoiléir ar éagsúlacht na n-eispéireas, agus ar an gcaoi sin cuirfear meas agus cuimsitheacht chun cinn. Forbróidh rannpháirtithe raon scileanna praiticiúla maidir lena bheith sábháilte, a gcairde a choinneáil sábháilte, agus conas idirghabháil chuiditheach, shábháilte agus éifeachtach a dhéanamh nuair a fheiceann siad iompar achrannach. Seachadfar sraith clár oiliúna don oiliúnóir freisin chun cur le cumas chun tuilleadh ceardlann a sholáthar.
Cabhróidh an cur chuige srathach foghlama le rannpháirtithe iompar do-ghlactha a aithint agus a dhúshlán a thabhairt dó trína ndúchas a spreagadh chun idirghabháil a dhéanamh chomh maith lena chinntiú go bhfuil an cumas acu é sin a dhéanamh go sábháilte agus go héifeachtach agus iad ag sóisialú tráthnóna agus oíche.
Beidh tuilleadh taighde, bailiú sonraí agus forbairt cúrsa ar líne mar chodanna dílse den tionscnamh píolótach freisin.
Agus an tionscnamh píolótach nua á fhógairt aici, dúirt an tAire Martin:
“Sa chlár oiliúna seo tacaítear lenár gcuspóirí maidir le Geilleagar Oíche atá sábháilte agus cuimsitheach. Mhol an Fóram Óige um Gheilleagar Oíche an clár seo a fhorbairt, leag na daoine óga béim ar an ngá atá le clár oiliúna agus oideachais mar seo. Fáiltím go mór roimh an tionscnamh seo, a chuideoidh le timpeallacht oíche shábháilte dhearfach a chur chun cinn do dhaoine óga agus na scileanna a theastaíonn uathu a fhorbairt chun tacú lena chéile. Tá súil agam go gcláróidh daoine óga agus ceannairí óige don oiliúint seo agus go scaipfidh siad teachtaireacht na sábháilteachta agus na cuimsitheachta. Tá an tionscnamh seo mar chuid de shraith tionscnamh sábháilteachta atá á gcur i bhfeidhm chun tacú leis an nGeilleagar Oíche agus tógann sé ar an obair a rinne mo Roinnse roimhe seo le hionaid agus le húinéirí clubanna chun oiliúint leochaileachta a chur ar fáil don fhoireann agus iarrachtaí ó chlár FSS um Shábháilteacht Oíche chun sábháilteacht a chur chun cinn sa Gheilleagar Oíche”.
Dúirt an tOllamh Louise Crowley ó COC:
“Is léir go bhfuil fonn ar dhaoine óga dul i mbun gnímh tar éis forbairt an chláir phíolótaigh seo a thacóidh lena rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí geilleagair oíche a spreagadh. Is deis ríthábhachtach í seo do dhaoine óga eolas agus scileanna a fhorbairt agus a chothú chun todhchaí níos measúla, níos sábháilte agus níos cothroime a chinntiú. Trí oideachas agus cumasú, is féidir le ceardlanna fianaiseach cur le cumas chun aitheantas níos fearr a thabhairt do neamh-inghlacthacht gach cineál ciaptha, gnéaschiaptha agus foréigin agus an cumas eispéireas sábháilte agus measúil a éileamh do chách, rud a chumasóidh freagairt na sochaí ina hiomláine ar fhíorathrú cultúrtha a chur i bhfeidhm.”
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí:
Tá sé mar aidhm ag Item was unpublished or removed, a foilsíodh i Meán Fómhair 2021, Geilleagar Oíche níos sábháilte, éagsúla agus níos cuimsithí a chruthú. Bhreathnaigh an Tascfhórsa ar cheist na sábháilteachta poiblí agus mhol siad bealaí ina bhféadfadh struchtúir reatha tacú le bearta sábháilteachta agus iad a fheabhsú.
Mar thacaíocht do Ghníomh 5 i dTuarascáil an Tascfhórsa, reáchtáladh dhá cheardlann in 2022, i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Éagsúlachta, Lán-Pháirtithe agus Óige agus an Oifig Náisiúnta Rannpháirtíochta. Cuireadh ardán ar fáil sna fócasghrúpaí do dhaoine óga chun a dtuairimí a roinnt faoin nGeilleagar Oíche agus thug siad deis dóibh moltaí inláimhsithe a sholáthar maidir le conas an Geilleagar Oíche a fheabhsú do dhaoine óga.
Bíonn go leor daoine buartha faoi cheist na sábháilteachta i gcomhthéacs an Gheilleagair Oíche. Luaigh daoine óga an clár oiliúna d’fhianaisigh i gcoláistí tríú leibhéal go sonrach agus bhraith siad gur cheart go mbeadh rochtain ag níos mó daoine óga air. Ba bhac suntasach é an baol ciaptha nó ionsaithe maidir le taitneamh a bhaint as gníomhaíochtaí oíche. Cuireadh €240,000 ar fáil in 2023 chun an clár a fhorbairt agus is toradh díreach ar an bpróiseas seo é tionscnamh an lae inniu, rud a fhágann go gcuirfear an clár ar fáil do líon mór daoine óga ar fud na tíre.
Cuirfear maoiniú €170,000 ar fáil chun tacú le:
• Ceardlanna píolótacha ar an láthair do dhaoine óga, ag baint úsáid as an ábhar cúrsa oiliúna saincheaptha ina ndírítear go sonrach ar dhaoine óga agus iad ag sóisialú tráthnóna agus oíche ar fud na hÉireann. Beidh gnéithe saindeartha ag gach spriocghrúpa chun a réaltachtaí a léiriú. Scrúdóidh siad scileanna sábháilte trí chásanna agus trí phiarfhoghlaim i ngrúpaí beaga;
• Clár ‘Oiliúint a Chur ar an Oiliúnóir’ chun cumas a thógáil chun teacht ar an oiread daoine óga agus is féidir;
• Feachtas náisiúnta meán sóisialta chun feasacht a ardú agus chun cláraithe d’oiliúint “All Right All Night” a spreagadh; agus
• Beidh taighde, bailiú sonraí agus forbairt cúrsa ar líne le rolladh amach go náisiúnta mar chodanna dílse den tionscnamh píolótach freisin.
Eolas faoi Chlár Idirghabhála Fianaiseach COC
Reáchtáladh clár píolótach Idirghabhála Fianaiseach i COC, faoi stiúir an Ollaimh Louise Crowley, in 2016 le mic léinn Dlí, Altranais agus Cnáimhseachais agus Síceolaíochta Feidhmí COC agus tá sé ar fáil go forleathan anois ar fud na hEarnála Tríú Leibhéal.
Cuirtear oideachas sa chlár ar rannpháirtithe chun gach cineál naimhdis, ciaptha agus foréigin a aithint, agus cuireann sé ar a gcumas idirghabhálacha sábháilte agus éifeachtacha a dhéanamh. Léirítear go soiléir ann nach bhfuil aon leibhéal drochúsáide inghlactha, agus sainordaíonn sé freagracht chomhchoiteann chun caighdeán níos fearr a éileamh, trí gach cineál fuatha ban, mealltóireachta, tuairimí gnéasaithe, gnéaschiaptha agus ionsaí gnéis a aithint agus a ndúshlán a thabhairt dóibh. Léiríonn sonraí tionchair chlár 2021-22 an rath a bhí ar an oiliúint i measc na mac léinn a ghlac páirt; ó críochnaíodh é creideann 99% gur féidir leo difríocht a dhéanamh maidir le gnéaschiapadh agus foréigean ar an gcampas, thuairiscigh 98% go raibh tuiscint mhaith acu ar cad is gnéaschiapadh agus foréigean ann agus thuairiscigh 100% go raibh cumas maith acu idirghabháil a dhéanamh i gcás bagrach nó contúirteach.
Mar gheall ar an bhfonn sóisialta do fhreagairt na sochaí ar fad ar thionchar uafásach an chiaptha gnéis agus an fhoréigin, leathnaíodh an clár Idirghabhála Fianaiseach chuig scoileanna dara leibhéal, clubanna spóirt agus ionaid oibre, ag aithint na hacmhainne atá ann do na spásanna comhroinnte seo chun comhráite agus gníomhartha a éascú ar son athraithe.
Tá Clár Idirghabhála Fianaiseach COC oiriúnaithe ón Tionscnamh Idirghabhála (Fenton, Mott, McCartan, & Rumney, 2014) a cruthaíodh in Ollscoil Iarthar Shasana, a mhaoinigh Sláinte Phoiblí Shasana.
Tá taithí leathan ag an Ollamh Louise Crowley, agus an Bainisteoir Cláir Céline Griffin agus cáil bainte amach acu as ceardlanna agus oiliúint shaincheaptha a chruthú agus a sheachadadh a chuireann oiliúint ar rannpháirtithe chun gníomhartha gnéaschiaptha agus foréigin a thuiscint agus a aithint níos fearr, chun idirghníomhaíochtaí agus caidrimh ómósacha a fhorbairt agus chun tacú le forbairt na scileanna riachtanacha chun iad a chumasú a n-acmhainneacht mar fhianaisigh a chothú agus a ghníomhachtú chun timpeallacht shábháilte agus ómósach a éileamh trí idirghabhálacha sábháilte agus éifeachtacha.