English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Amharclannaíocht, na healaíona traidisiúnta agus an litríocht i measc fhaighteoirí Ghradam Markievicz 2024

Amharclannaíocht, na healaíona traidisiúnta agus an litríocht i measc fhaighteoirí Ghradam Markievicz 2024

Déanann an tAire Martin comhghairdeas leis na 10 n-ealaíontóirí is déanaí a ghnóthaigh Gradam Markievicz.

Suas le €25,000 bronnta ar gach ealaíontóir.

Tugann an dámhachtain ómós do Constance de Markievicz, ealaíontóir agus an chéad bhean a toghadh don Pharlaimint agus a ceapadh chun na Comh-Aireachta.

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, inniu (24 Deireadh Fómhair 2024) 10 bhfaighteoir nua Ghradam Markievicz do 2024.

Tionscadal oidhreachta tábhachtach de chuid Chlár Deich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023 is ea Gradam Markievicz. An aidhm atá aige ná tacú le healaíontóirí a gceird a fhorbairt agus sa deireadh thiar thall, ealaín iontach a tháirgeadh a aithníonn agus a chomórann ról na mban sa 20ú hAois agus ina dhiaidh.

Dúirt an tAire Martin:

“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na 10 bhfaighteoirí nua Ghradam Markievicz. Tá siad páirteach i ngrúpa de 52 ealaíontóir eile a bhfuil an dámhachtain seo faighte acu ó 2019. Is é aidhm an Ghradaim seo tacú le healaíontóirí ó gach cúlra agus seánra trí am a thabhairt dóibh le cruthú.

Is í seo an 6ú bliain den Ghradam seo atá á riar go stuama agus á cur chun cinn ag an gComhairle Ealaíon agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo arís as a saineolas agus a dtiomantas mar chomhpháirtithe tionscadail.

“Oidhreacht thábhachtach de Chlár Deich mBliana na gCuimhneachán a tháinig chun críche i mí na Nollag 2023 is ea Gradam Markievicz. Freagra ar thionchar suntasach na Dámhachtana agus ar an aiseolas dearfach agus ar an spéis leanúnach ó phobail na healaíona is ea leanúint den Ghradam isteach sa chéim nua de na Comóradh.”

Tá na 10 nGradam a fógraíodh inniu dírithe ar na healaíontóirí thíos:

Zoe Conway - Ealaíona Traidisiúnta

Muireann Nic Amhlaoibh - Ealaíona Traidisiúnta

Pea Dinneen - Ealaíona Amharclannaíochta

Laura Fitzgerald - Amharcealaíona

Megan Grehan - Litríocht (Béarla)

Katherine Lyons - Litríocht (Béarla)

Róisín Stack - Ealaíona Amharclannaíochta

Emma O'Halloran - Ceol

Áine Ní Laoghaire - Ealaíona Amharclannaíochta

Sinéad Diskin - Ealaíona Amharclannaíochta

Cuireadh tús le Gradaim Markievicz in 2019. Ó 2021, tá tacaíocht tugtha do suas le 10 n-ealaíontóir (ceachtar ealaíontóirí aonair a oibríonn ina n-aonar nó i gcomhar le daoine eile) gach bliain, suas le luach €25,000 in aghaidh an duine aonair nó an ghrúpa. Tá an Gradam á riar ag an gComhairle Ealaíon thar ceann an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán tríd an Aonad um Fhorais Chultúrtha agus Comórtha.

Dúirt Sinéad O’Reilly, Stiúrthóir na nEalaíon Comhcheangailte ag an gComhairle Ealaíon:

“Tá lúcháir orainn leanúint lenár dtacaíocht don tionscnamh tábhachtach seo i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, a thugann tacaíocht ríthábhachtach d’ealaíontóirí ar fud na hÉireann. Tugann an sparánacht ómós d’oidhreacht cheannródaíoch Constance de Markievicz, an chéad bhean a toghadh chuig parlaimint agus comh-aireacht na hÉireann araon. Ba mhaith linn comhghairdeas a dhéanamh le buaiteoirí na bliana seo, agus táimid ag súil go fonnmhar leis na saothair éagsúla agus nuálaíocha a thiocfaidh ó ealaíontóirí na bliana seo.”

Dúirt an tAire Martin leis:

“Ba mhór an pléisiúr bualadh leis na healaíontóirí atá ag fáil Gradam Markievicz 2024. Breathnaíodh go coitianta ar na healaíona mar spás sábháilte chun súil siar a chaitheamh ar imeachtaí casta san am atá thart. Tá sé oiriúnach go háirithe go n-úsáideann an Gradam seo, atá in ómós do Constance de Markievicz, meán na healaíne chun aghaidh a thabhairt ar ról na mban sa tréimhse réabhlóideach agus i mblianta tosaigh bhunú an Stáit - ról a ndearnadh neamhaird air agus nach raibh meas mór air.

“Táim ag tnúth le cloisteáil faoi dhul chun cinn bhuaiteoirí Ghradam Markievicz 2024 agus tá súil agam go mbeidh deis acu tríd an nGradam seo a scileanna a fhorbairt agus a bhfíor-acmhainneacht a aithint.”

CRÍOCH

Nótaí d'Eagarthóirí:

Cuireadh tús le Gradam Markievicz mar thionscnamh trí Shraith Chruthaitheach Chlár Deich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023.

Tugann an grúpa Gradaim seo líon iomlán na n-ealaíontóirí atá maoinithe faoin nGradam go 52, le leithdháileadh iomlán de bheagnach €1.2 milliún thar na 6 bliana ó 2019-2024.

Tá tuilleadh eolais faoin dámhachtain agus na tionscadail le fáil ar shuíomh Gréasáin na Comhairle Ealaíon

Anseo thíos gheofar roinnt sonraí ar na tograí rathúla ealaíontóirí a roghnaíodh do na gradaim.

Ealaíontóir/Dámhaí Foirm Ealaíne Tionscadal/Forbairt

Zoë Conway

Ealaín Traidisiúnta Píosa 18 nóiméad a chumadh don ghlór sa Ghaeilge, sa fhidil agus sa cheolfhoireann shiansach le léiriú i samhradh 2025 bunaithe ar shaothar an fhile Ghaelaigh, Máire Mhac an tSaoi, ‘Life, Love & Lullabies_Saol, Seac is Suantraí’. Scileanna scríbhneoireachta a fhorbairt don cheolfhoireann agus feabhas a chur ar thuiscint na Gaeilge.

Muireann Nic Amhlaoibh

Ealaín Traidisiúnta Cruthaigh corpán amhrán nua as dírbheathaisnéis agus scéalta Pheig Sayers (1873-1958). Scríobh liricí Gaeilge óna taithí saoil mar bhean Ghaeltachta, comhaimseartha leis an gCuntaois Markievicz. Cum aeir do na liricí. Déan an bailiúchán amhrán a shocrú agus a atáirgeadh.

Pea Dinneen

Amharclannaíocht Tacú le cleachtas leanúnach ag fiosrú ról na mban trasinscne in Éirinn. Cnuasach monológ trialacha a scríobh do mhná trasinscne le foilsiú agus forbairt a dhéanamh ar an dráma Cool Suburban Mam le léamh ag Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath 2025. Meantóireacht ar ealaíontóirí amharclainne tras luathghairme.

Laura Fitzgerald

Na hAmharcealaíona Taighde ar chartlann an scannánóra turgnamhach Éireannach, an t-ealaíontóir agus an file Flora Kerrigan, chun sraith scannán, beochan agus saothair téacs nua a léiriú. Oibriú leis an meantóir Dr Sarah Arnold agus Institiúid Scannán na hÉireann chun an obair seo a fhorbairt. An saothar nua seo a chur i láthair ag Lismore Castle Arts i mí Iúil 2025.

Megan Grehan

Litríocht (Béarla) Taighde agus forbairt ar leabhar cruthaitheach neamhfhicsin, scríofa i véarsaíocht chun ‘taibhreamh’ mhná na hÉireann a fhiosrú – gach rud is féidir leo a bhaint amach agus a bhfuil bainte amach acu, in ainneoin nó mar gheall ar an méid a bhaineann leis. Taighde a dhéanamh ar mhná na hÉireann a bhfuil dearmad déanta orthu, ag tosú le Dorothy Macardle, chun cosán a chruthú eadrainn.

Katherine Betsy Lyons

Litríocht (Béarla) Críochnaigh cuimhneachán faoi mhonarcha cniotála stairiúil i gConamara. Déan taighde agus agallaimh leis na mná a bhí ag obair ann. Scrúdaigh téamaí neamhspleáchas agus smacht airgeadais na mban in Éirinn go luath i lár an 20ú haois agus sa lá atá inniu ann.

Róisín Stack

Amharclannaíocht Scrúdú a dhéanamh ar ‘Lughnasa’ (1962) le Máire Mhic Néill mar shlí chun machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a gcuireann traidisiúin agus athbheochana féiniúlacht náisiúnta i bhfeidhm agus a neadaíonn sí. Féiniúlacht chultúrtha agus náisiúnachas a fhiosrú trí stair bhéil na mban. An taighde a úsáid chun taibhiú tras-indiúscartha comhaimseartha lasmuigh den láthair a fhorbairt.

Emma O'Halloran

Ceol Agallamh a dhéanamh ar ealaíontóirí mná Éireannacha faoina saolta agus a gcleachtais chruthaitheacha. Meantóireacht a fháil ó stiúrthóir mór le rá agus téacs a scríobh a spreag na comhráite seo. Comhoibriú le beirt cheoltóirí den scoth agus saothair nua á bhforbairt le haghaidh guthanna agus teaghráin faoin gcruthaitheacht agus faoi shaol na n-ealaíontóirí mná Éireannacha.

Áine Ní Laoghaire

Amharclannaíocht Chun doiciméadú a dhéanamh ar ról ban DJs na hÉireann sna 80í agus 90idí, ré ríthábhachtach do chomhionannas na mban, arna meantóireacht ag an Ollamh Samantha Parsley. Saothar amharclainne ilfhoirmeach nua a fhorbairt, le tacaíocht ó DJ Sally Cinnamon. Chun críoch a chur le ceardlann 2 sheachtain, le tacaíocht ó chomhoibrithe agus Blue Raincoat Theatre Co.

Sinéad Diskin

Amharclannaíocht Trí phíosa téatair ildisciplíneach a fhorbairt agus trí cheardlann a dhéanamh, scrúdófar an chaoi a ndeachaigh saol na mban san 20ú hAois i bhfeidhm ar mhná agus ar chailíní sa lá atá inniu ann agus tionchar a imirt orthu. Déanfar é seo trí chomhoibriú agus trí thurgnamh ag úsáid téacs focal ar fhocal, ceol agus rince.