English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Chéad Chruinniú den Choiste Comhairleach um Ionadaíocht agus Scéalta na mBan laistigh de bhailiúcháin na bhForais Náisiúnta Cultúir

An Chéad Chruinniú den Choiste Comhairleach um Ionadaíocht agus Scéalta na mBan laistigh de bhailiúcháin na bhForais Náisiúnta Cultúir

Cuireann an tAire Martin fáilte roimh phlé fiúntach agus spéisiúil

Measfar Músaem Náisiúnta na mBan mar chuid d’obair an Choiste

Inniu, (an 8 Bealtaine 2024), tionóladh an chéad chruinniú den Choiste Comhairleach nua a dhíríonn ar ionadaíocht agus scéalta na mban i gcomhthéacs na bhforais náisiúnta cultúir agus na mbailiúcháin náisiúnta.

Le blianta beaga anuas léiríodh a thábhachtaí is atá sé ionadaíocht a dhéanamh ar shaolta agus ar eispéiris na mban agus ar an tionchar suntasach a bhí acu ar imeachtaí i ngach gné dár nua-stair. Trí scéalta a insint nár chualathas go dtí seo, gheobhaimid tuiscint níos fiúntaí, barántúla agus níos caolchúisí ar an am atá caite agus ar a chastacht ar fad. Thacaigh rannpháirtíocht chultúrtha, imeachtaí poiblí, taispeántais, gníomhaíochtaí for-rochtana, agus iarrachtaí cruthaitheacha go léir le taifead a dhéanamh ar eispéiris agus rannpháirtíocht na mban agus iad a chur i láthair.

Ag teacht le Lá Idirnáisiúnta na mBan, cheap an tAire Martin Coiste Comhairleach nua chun scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a chuirtear eispéiris agus guthanna éagsúla na mban i láthair, go háirithe mná a imeallaíodh go stairiúil, i gcomhthéacs na bhforais náisiúnta cultúir agus na mbailiúcháin náisiúnta.

Tá an coiste ag tabhairt faoi chlár suntasach oibre, ina bhreithneoidh siad samhlacha dea-chleachtais laistigh den bheartas cultúrtha go hidirnáisiúnta, ina thabharfaidh siad faoi chomhairliúchán leathan poiblí, ina thacóidh siad leis na forais náisiúnta cultúir agus iad ag athbhreithniú na mbailiúcháin náisiúnta, agus ina bhreithneoidh siad roghanna indéanta chun cur i láthair tiomnaithe a fhorbairt do scéalta na mban. Is í buaic obair an choiste ná moltaí sonracha a dhéanamh chun cabhrú leis an Rialtas cur le léiriú eispéiris, rannpháirtíocht agus guthanna na mban in eagraíochtaí cultúrtha na hÉireann agus laistigh de na bailiúcháin náisiúnta.

Ag labhairt tar éis an chruinnithe, dúirt an tAire Martin:

Bhunaigh mé an Coiste Comhairleach seo chun gníomhartha a mholadh a chabhróidh leis an Rialtas éachtaí, eispéiris agus glórtha na mban a chur in iúl ar an mbealach is éifeachtaí, i gcomhthéacs ár bhForais Náisiúnta Cultúir agus na mBailiúcháin Náisiúnta. D’iarr mé ar an gCoiste freisin féachaint an bhféadfaí Músaem Náisiúnta na mBan a fhorbairt. Tugann na comhaltaí neart taithí agus saineolas éagsúil chuig a róil, rud a thacóidh le breithniú a dhéanamh ar ábhair chasta íogaire, go cuimsitheach agus go tuisceanach. Táim an-bhuíoch as a rannpháirtíocht chuiditheach agus a ndíograis, agus guím gach rath orthu i gclár oibre a bheidh uaillmhianach agus tábhachtach.

Dúirt an Cathaoirleach Dr Sandra Collins:

Táim ag súil go mór le hoibriú leis an gCoiste ar an gclár oibre leathan agus uaillmhianach atá os ár gcomhair. Tá cúram tábhachtach ar an gCoiste Comhairleach seo, agus táim ag tnúth lena bheith ag obair le comhghleacaithe a chuireann léargas, eagna agus taithí iontach ar fáil. Tá suim ar leith agam sa chomhairliúchán poiblí atá beartaithe againn agus deimhin a dhéanamh de go dtógann ár moltaí ar dhea-chleachtais agus ar thaithí agus ar shaineolas ár gCoiste agus an phobail páirtithe leasmhara.

Nótaí don Eagarthóir:

Tá an Dr Sandra Collins, Leabharlannaí na hOllscoile sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus iar-Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, ina cathaoirleach ar an gcoiste comhairleach. Áirítear air comhaltaí ó fhorais náisiúnta cultúir in Éirinn agus thar lear, staraithe, saineolaithe sa staidéar inscne agus comhionannais, ionadaithe ó Chomhairle Náisiúnta na mBan in Éirinn agus ó ranna Rialtais ábhartha, agus iad siúd a bhfuil raon taithí agus saineolais eile acu. Seo a leanas na comhaltaí a ceapadh ar an gCoiste Comhairleach:

• An Dr Sandra Collins, Leabharlannaí na hOllscoile, COBÁC (Cathaoirleach)

• An Dr Mary McAuliffe, Stiúrthóir Staidéar Inscne COBÁC

• Áine Kerr, Fiontraí agus Ionadaí ar son na mBan sa Cheannaireacht

• Lynn Scarff, Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann

• Annie Fletcher, Stiúrthóir Mhúsaem Nua-Ealaíne na hÉireann

• Sara Lammens, Ard-Stiúrthóir Leabharlann Ríoga na Beilge

• An Dr Zélie Asava, Scríbhneoir agus Saineolaí ar Chine, Inscne agus Ionadaíocht

• Oein DeBhairduin, Oifigeach Forbartha Bhailiúcháin Chultúir an Lucht Siúil in Ard-Mhúsaem na hÉireann

• Chandrika Narayanan-Mohan, Scríbhneoir agus Comhairleoir Cultúir

• Colm O’Callaghan, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Amharclann an Gheata

• An Dr Síobhra Aiken, Roinn na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste

• Orla O’Connor, Stiúrthóir Chomhairle Náisiúnta na mBan in Éirinn

• Sinéad Copeland, Príomhoifigeach sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

• Jane Anne Duffy, Príomhoifigeach, An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige

• Rosemary Collier, Ceann Sheirbhísí Oidhreachta agus Seachadtha Oibreacha Caipitil, Oifig na nOibreacha Poiblí