English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Leibhéal is Airde Bunchistithe Riamh do Chomhlachtaí Spóirt in 2024

Fógraíonn an tAire Catherine Martin agus an tAire Thomas Byrne an infheistíocht is mó riamh, ar fiú beagnach €30 milliún í, i dtacaíocht bhunchistithe d’eagrais spóirt

In 2024 cuirfear an méid is airde Buninfheistíochta riamh isteach sna Ceanneagraíochtaí Náisiúnta Rialaithe Spóirt agus sna Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt

Infheistíocht €17.3m do 58 gCeanneagraíocht Náisiúnta Rialaithe Spóirt

Infheistíocht €11.4m do 29 gComhpháirtíocht Áitiúla Spóirt

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, agus an tAire Stáit le freagracht as Spórt agus Corpoideachas, Thomas Byrne, inniu go gcuirfear an infheistíocht is airde riamh de beagnach €30 milliún i dtacaíocht bhunchistithe d’eagrais spóirt, trí Spórt Éireann, do 2024.

Tá €17.3 milliún á infheistiú i gCeanneagraíochtaí Náisiúnta Rialaithe Spóirt (NGBanna) i mbliana, ar méadú é sin de €1.3 milliún ar fhigiúr 2023.

Tá méadú €1 milliún tagtha ar an infheistíocht i líonra na gComhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt (LSPanna), agus infheistíocht iomlán de €11.4 milliún á leithdháileadh ar fud na 29 LSP.

Is é seo an leibhéal is airde Buninfheistíochta riamh sna NGBanna agus na LSPanna, ar méadú de beagnach €11.9m é thar saolré an Bheartais Náisiúnta Spóirt 2018-2027.

Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D.:

“Tá na Ceanneagraíochtaí Náisiúnta Rialaithe Spóirt agus na Comhpháirtíochtaí Náisiúnta Spóirt ag croílar spórt na hÉireann agus tá ról ríthábhachtach acu agus ár n-aidhm á baint amach maidir le rannpháirtíocht sa spórt a mhéadú ar fud an daonra. Tacóidh an infheistíocht shuntasach seo, ar fiú beagnach €30 milliún í, le cláir agus gníomhaíochtaí tábhachtacha thar raon leathan spórt ar fud na tíre.

Tá léirithe ag earnáil an spóirt gur earnáil acmhainneach bhríomhar í, atá i gcónaí ag cur deiseanna méadaithe ar fáil do dhaoine chun páirt a ghlacadh sa spóirt in ainneoin na dúshláin a bhí ann le blianta beaga anuas. Le hinfheistíocht mhéadaithe ón Rialtas sa bhunchistiú do 2024, agus le blianta anuas, cabhrófar le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach ár n-eagras spóirt a chinntiú.”

Agus é ag labhairt inniu ag fógra infheistíochta bunchistithe 2024, dúirt an tAire Stáit le freagracht as Spórt agus Corpoideachas, Thomas Byrne T.D.:

“Tá méadú de 60% tagtha ó 2018 i leith ar bhunchistiú foriomlán sna Ceanneagraíochtaí Náisiúnta Rialaithe Spóirt, ó €10.8 milliún an bhliain sin, go €17.3 milliún in 2024. Sa mhéadú leanúnach i mbunchistiú do chomhlachtaí spóirt, léirítear tiomantas an Rialtais i leith tacú le spórt na hÉireann, agus cinnteofar gur féidir le comhlachtaí spóirt leanúint ar aghaidh ag cur deiseanna fiúntacha ar fáil do gach duine páirt a ghlacadh sa spórt, de réir ár mBeartais Náisiúnta Spóirt."

"Timpeall na tíre, tá obair iontach ar siúl ag Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt chun tacú le rannpháirtíocht sa spórt agus sa ghníomhaíocht fhisiciúil, ag an leibhéal áitiúil. Leis an bpacáiste maoinithe €11.4 milliún a fógraíodh inniu, tacófar go leanúnach le líonra na 29 gComhpháirtíocht Áitiúla Spóirt ina n-obair áitiúil. Tacófar leis an infheistíocht €1 milliún, i leith Oifigeach Rannpháirtíochta sa Spórt do Dhaoine faoi Mhíchumas ag an leibhéal áitiúil, le hobair fhiúntach chuimsitheach atá á tabhairt faoi ag ár gComhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Spórt Éireann, an Dr. Úna May:

“Léirítear leis an leibhéal is airde infheistíochta riamh atá ann i mbliana agus i rith Shaolré an Bheartais Náisiúnta Spóirt tiomantas marthanach an Rialtais i leith tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt earnála láidre spóirt. Cuireann Spórt Éireann fáilte roimh an infheistíocht bhreise seo agus tá muinín againn go leanfaidh na NGBanna, na LSPanna agus na Comhlachtaí Maoinithe ar aghaidh ag imirt róil ríthábhachtaigh agus muid ag dul isteach i gcéimeanna déanacha Bheartas Náisiúnta Spóirt an Rialtais.”

Dúirt Cathaoirleach Spórt Éireann John Foley:

“Ar son bhord Spórt Éireann ba mhaith liom fáilte a chur roimh an infheistíocht bharrthábhachtach seo lena tacófar le forbairt leanúnach spóirt in Éirinn. Tá tacaíocht níos fearr ná riamh á fáil ag ár NGBanna, LSPanna agus Comhlachtaí Maoinithe chun cuspóirí leathana an Rialtais a thabhairt i gcrích agus léirítear tábhacht an spóirt sa tsochaí go follasach i bhfógra an lae inniu.”

Nótaí

Is féidir teacht ar shonraí faoi mhaoiniú a leithdháileadh i leith NGBanna, LSPanna agus eagras spóirt aonair eile Item was unpublished or removed.

Leis an infheistíocht mhéadaithe seo is féidir le Spórt Éireann tacú le mórchuid na NGBanna le méadú costais maireachtála do 2024 chomh maith le hinfheistíocht leanúnach spriocdhírithe i roinnt réimsí ar leith.

Cuireadh tuilleadh feabhais ar an infheistíocht le soláthar pacáiste tacaíochta bhreise aonuaire ón Rialtas, ar fiú €1.7m é. Bhítear ag súil, leis an mhaoiniú seo a cuireadh ar fáil don Roinn i Nollaig 2023, go n-aithneofar costais mhéadaithe a bhaineann le soláthar spóirt le blianta beaga anuas, agus go gcinnteofar gur féidir le NGBanna agus LSPanna tús a chur le 2024 i staid láidir airgeadais.

Na NGBanna siúd nach bhfuil an sprioc bainte amach acu maidir le cothromaíocht inscne 40% ar a mboird, ní bheidh cead acu ach 50% dá leithdháileadh maoinithe ó Spórt Éireann a tharraingt anuas go dtí go mbaineann siad an sprioc 40% amach. Leanfaidh Spórt Éireann ar aghaidh ag tabhairt tacaíochta do NGBanna i leith an sprioc 40% a bhaint amach agus déanfaidh siad monatóireacht agus tuairisciú ar an dul chun cinn ina leith.