An t-ábhar breise atá le cur leis an dlí nua atá beartaithe chun sábháilteacht ar líne agus na meáin a rialú curtha i láthair ag an Aire Martin
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 9 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
Áirítear ar an forálacha nua atá curtha leis an Scéim Ghinearálta maidir leis an mBille um Shábháilteacht ar Líne agus na Meáin:
- An reachtaíocht i ndáil leis an mbealach a ndéantar seirbhísí craoltóireachta teilifíse chomh maith le seirbhísí físeán ar éileamh a rialú a thabhairt cothrom le dáta
- Coimisiún na Meán a mhaoiniú le tobhach tionscail
- Forálacha breise don tsábháilteacht ar líne, lena n-áirítear ceann maidir le féidearthacht dliteanais choiriúil ar an ardbhainistíocht as neamhchomhlíontacht
- Uasteorainn a shocrú ag €20m nó 10% den láimhdeachas, cibé acu is airde, i ndáil le smachtbhannaí airgeadais féideartha faoi neamhchomhlíontacht.
D'fhoilsigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., inniu an Scéim Ghinearálta chríochnaithe maidir leis an mBille um Shábháilteacht ar Líne agus na Meáin.
Cheadaigh an Rialtas an Scéim Ghinearálta an 9 Eanáir 2020.
Inniu, cuireadh forálacha breise leis a bhaineann le maoiniú Choimisiún na Meán, seirbhísí meán closamhairc a rialú, tairseacha uachtair do smachtbhannaí airgeadais, tobhach léiriúcháin ábhair a bhunú, agus dliteanas coiriúil don ardbhainistíocht faoin gcreat rialála do shábháilteacht ar líne.
Tá cead an Rialtais faighte ag an Aire Martin ar an Scéim Ghinearálta chríochnaithe agus dúirt sí:
"Tá áthas orm dul chun cinn a fheiceáil maidir leis an bpíosa reachtaíochta tábhachtach seo. I measc nithe eile, tabharfar creat rialála cóir agus comhréireach isteach leis an mBille um Shábháilteacht ar Líne agus na Meáin do shábháilteacht ar líne, ina gcuimseofar rialú seirbhísí áirithe ar líne, lena n-áirítear cuideachtaí meán sóisialta."
Lean an tAire Martin uirthi:
"Faoin gcreat rialála do shábháilteacht ar líne, beidh ar sheirbhísí ar líne rialáilte bearta a chur i bhfeidhm a thabharfaidh cosaint do leanaí agus don phobal i gcoitinne ó réimsí éagsúla d'ábhar ar líne a d'fhéadfadh a bheith díobhálach a fheiceáil. Áirítear ar na réimsí sin cibearbhulaíocht agus ábhar áirithe a chuireann neamhoird itheacháin, féindochar nó féinmharú chun cinn.
Maoiniú Choimisiún na Meán
Tá sé beartaithe leis an Scéim Ghinearálta gníomhaíochtaí rialála Choimisiún nua na Meán a mhaoiniú trí thobhaigh tionscail a thabhairt isteach. Cé go mbeidh níos mó craoltóirí traidisiúnta teilifíse agus raidió ag íoc tobhaigh le Coimisiún na Meán seachas le hÚdarás Craolacháin na hÉireann, tiocfaidh seirbhísí físeán ar éileamh agus seirbhísí ar líne ainmnithe faoi údarás Choimisiún na Meán agus mar thoradh air sin, beidh siad faoi réir tobhaigh tionscail chomh maith.
Dúirt an tAire Martin chomh maith:
“Is cur chuige coitianta é úsáid tobhaigh tionscail i measc rialtóirí in Éirinn agus cuideoidh le neamhspleáchas Choimisiún na Meán a chinntiú. Ina theannta sin, tá sé ríthábhachtach go mbeifear ábalta an tsamhail maoiniúcháin a chur in oiriúint. Cuirfidh an tsamhail atá beartaithe, thar aon ní eile, ar chumas an Rialtóra an tobhach a leasú agus freagra a thabhairt ar chúinsí a bheidh ag athrú."
Creat rialála do sheirbhísí meán closamhairc
Leagtar amach sa Scéim Ghinearálta creat rialála do sheirbhísí meán closamhairc. I gcomhréir le Treoir leasaithe na Seirbhísí Meán Closamhairc, cinnteoidh an creat seo comhréiteach rialála níos mó i ndáil le seirbhísí teilifíse agus seirbhísí físeán ar éileamh mar RTÉ Player, Apple TV agus an rannóg scannán sa Google Play Store.
Leag an tAire Martin béim ar an tábhacht a bhaineann le cur leis an ról atá ag Coimisiún na Meán agus scóip na seirbhísí atá faoi réir rialála:
“Le blianta fada anuas, ba é an gnáthrud rialáil nach raibh dian a chur i bhfeidhm ar sheirbhísí físeán ar éileamh. Déanfar rialáil níos cuí ar na seirbhísí seo mar thoradh ar an mBille um Shábháilteacht ar Líne agus na Meáin agus cinnteoidh go mbeidh siad faoi réir oibleagáidí rialála den chineál céanna mar chraoltóirí teilifíse."
Tairseacha Uachtair do Cheaduithe Airgeadais Riaracháin
Ceadaíodh úsáid a bhaint as Smachtbhannaí Airgeadais Riaracháin mar chead féideartha (faoi réir chead na hArd-Chúirte agus aon achomhairc) mar chuid d'fhoilseachán an 9 Eanáir. Socraíonn foráil eile an tairseach uachtair do smachtbhannaí airgeadais riaracháin ag €20m nó 10% den láimhdeachas, cibé ceann is airde. Nuair a bhí an tairseach seo á shocrú, breithníodh bearta eile den chineál céanna atá i bhfeidhm faoi reachtaíocht eile mar an tAcht um Chosaint Sonraí 2018 agus an reachtaíocht chuí i ndáil leis an mBanc Ceannais.
Thug an tAire Martin le fios:
"I roinnt cásanna, beidh ról ag Coimisiún na Meán i ndáil le roinnt cuideachtaí áirithe a rialáil agus bunófar Ceanncheathrú Eorpach in Éirinn ar bhonn AE-uile. Áiríonn sé sin roinnt de mhórchuideachtaí an domhain mar Apple, YouTube agus Facebook. Ar an gcúis sin, ní mór do smachtbhannaí airgeadais féideartha feidhmiú ina mbaic chuí agus a bheith leordhóthanach le cuideachtaí den mhéid seo a stopadh ag baint leas geilleagrach as gnóthachan den scála seo mar thoradh ar neamhchomhlíonadh."
Tobhach Léirithe Ábhair a Bhunú
Tá sé i gceist leis an Scéim Ghinearálta tobhach léirithe ábhair a thabhairt isteach ar sheirbhísí meán closamhairc a bhunaítear in Éirinn agus orthu sin atá bunaithe i mBallstáit AE eile ach arb iad lucht féachana na hÉireann an sprioc atá acu. Coimisiún na Meán a dhéanfadh an tobhach a riar agus ní dhéanfadh an tAire na forálacha ábhartha a thionscnamh go dtí go mbeadh a chuid taighde déanta ag Coimisiún na Meán agus inmharthanacht á léiriú aige.
Dúirt an tAire Martin chomh maith:
“D'fhéadfadh tobhach léirithe ábhair, i measc nithe eile, tacú le hábhar Éireann de chaighdeán ard a léiriú. Sula dtugtar isteach é áfach, tabharfar faoi thaighde lena léiriú go mbeadh an tobhach leasmhar go leor agus go gcuirfí tacaíocht cheart ar fáil chun ábhar Éireannach a léiriú.”
Nótaí don Eagarthóir:
Scéim Ghinearálta - Forálacha an 9 Eanáir
Cheadaigh an Rialtas an Scéim Ghinearálta an 9 Eanáir 2020 agus áirítear ar na forálacha:
- Dílscaoileadh Údarás Craolacháin na hÉireann agus Coimisiún Meán ildaoine a bhunú, lena n-áirítear Coimisinéir don tSábháilteacht ar Líne;
- Creat rialála daingean a bhunú le dul i ngleic leis an scaipeadh agus leis an méadú atá ar chatagóirí sainithe áirithe d'ábhar díobhálach ar líne, a mbeidh maoirseacht le déanamh ag an gCoimisinéir don tSábháilteacht ar Líne air;
- Cumhachtaí comhlíontachta agus smachtbhannaí le bronnadh ar Choimisiún na Meán ar sheirbhísí ar líne ainmnithe lena n-áirítear an cumhach le smachtbhannaí airgeadais riaracháin a chur i bhfeidhm a lorg; agus,
- Go mbeidh Seirbhísí Ardáin Roinnte Físeán le tabhairt faoi dhlí na hÉireann faoin gcreat rialála don tsábháilteacht ar líne, agus ag cur codanna de Threoir leasaithe na Seirbhísí Meán Closamhairc i bhfeidhm dá réir.
Treoir leasaithe na Seirbhísí Meán Closamhairc a chur i bhFeidhm
Chomh maith le córas rialála do sheirbhísí físeán ar éileamh a thabhairt isteach, déanfar foráil do na nithe seo a leanas sa Scéim Ghinearálta mar chuid de chur i bhfeidhm Threoir leasaithe na Seirbhísí Meán Closamhairc:
- Ceanglas a chur ar sheirbhísí físeán ar éileamh clárú le Coimisiún na Meán d'fhonn liosta cothrom le dáta de na seirbhísí sin atá le coinneáil a chur i dtoll a chéile;
- Dualgas a bheith ar sheirbhísí físeán ag brath ar éileamh cuóta 30% de Shaothair Eorpacha a chomhlíonadh agus suntasacht a leithéid d’ábhar ina gcuid catalóga a chinntiú;
- Dualgas a bheith ar sheirbhísí proifisiúnta físeán ag brath ar éileamh ábhar nuachta agus cúrsaí reatha a chur ar fáil chun na caighdeáin iriseoireachta chéanna a éilíonn craoltóirí teilifíse a bhaint amach;
- Níos mó solúbthachta a thabhairt isteach faoina féidir le seirbhísí craoltóireachta teilifíse úsáid a bhaint as an am fógraíochta atá ar fáil dóibh, ag ardú ó suas go dtí 20% san uair gach uair suas go dtí 20% den am sna tréimhsí idir 06.00 go dtí 18:00 agus ón 18:00 go dtí 24:00;
- Foráil d'fhonn tobhach a thabhairt isteach ar sheirbhísí meán closamhairc a chuireann seirbhísí ar fáil in Éirinn chun léiriú ábhair closamhairc in Éirinn a chistiú, faoi réir tuilleadh taighde agus moltaí ó Choimisiún na Meán agus Ordú Tosach Feidhme ón Aire.
Dliteanas Coiriúil ar an Ardbhainistíocht
Áirítear sa Scéim Ghinearálta chríochnaithe foráil a chuirfidh ar chumas an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí féachaint le dliteanas coiriúil a bheith ar shealbhóirí poist chumhachtaigh i seirbhís ar líne ainmnithe sa chás is go dteipeann ar an tseirbhís ar líne ainmnithe cloí le fógra rabhaidh ón gCoimisinéir don tSábháilteacht ar Líne.
An Chéad Chéim Eile
Cuireadh an Scéim Ghinearálta chríochnaithe ar aghaidh inniu chuig Oifig an Ard-Aighne chun go mbeidh siad ábalta leanúint de dhréachtadh sonraithe an Bhille. Cuireadh an Scéim Ghinearálta chríochnaithe ar aghaidh chomh maith chuig an gComhchoiste Oireachtais cuí le grinnscrúdú réamhreachtach a dhéanamh uirthi.
Lena chinntiú go mbeifear ag cloí le dlí an AE maidir le rialáil ar sheirbhísí ar líne, cuirfear an Coimisiún Eorpach ar an eolas maidir le roinnt forálacha atá sa Scéim Ghinearálta chríochnaithe. Beidh deis ag an gCoimisiún Eorpach, agus ag Ballstáit, ráitis a thabhairt nó tuairimí mionsonraithe a thabhairt ar an Scéim Ghinearálta sula n-achtaítear í. D'fhéadfadh an Coimisiún Eorpach cosc a chur i bhfeidhm an Bhille bheartaithe má mheasann sé nach bhfuil sé ag cloí le dlí na hEorpa.
Tuilleadh Ábhar Léitheoireachta
Is féidir an Scéim Ghinearálta ar an mBille um Shábháilteacht ar Líne agus na Meáin beartaithe a fháil anseo.
Is féidir an anailís tionchair rialála ar an mBille um Shábháilteacht ar Líne agus na Meáin beartaithe a fháil anseo.
Is féidir na hiarscríbhinní atá leis an anailís tionchair rialála ar an mBille um Shábháilteacht ar Líne agus na Meáin beartaithe a fháil anseo.
Is féidir físghrafaicí míniúcháin maidir le sábháilteacht ar líne a fháil anseo.
Is féidir teacht ar an bPreasráiteas ón 9 Eanáir anseo.
Tuilleadh eolais anseo.