An tAire Byrne le Cruinniú a Thionól le Feidhmeannaigh Spóirt maidir le dul i ngleic le Ciníochas agus Foréigean sa Spórt
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 8 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Ar an 9 Bealtaine 2023, reáchtálfaidh an tAire Stáit don Spórt agus don Chorpoideachas, Thomas Byrne TD, cruinniú le príomhcheannairí sa spórt chun aghaidh a thabhairt ar an mbealach is fearr chun dul i ngleic le heachtraí ciníochais agus foréigin sa spórt.
Buailfidh an tAire Byrne le ceannairí na dtrí eagraíocht spóirt is mó in Éirinn (an CLG, an FAI agus an IRFU) agus beidh an Dr Una May, Príomhfheidhmeannach Spórt Éireann, in éineacht leis.
Dúirt an tAire Byrne:
“Mar phobal spóirt, tá sé ríthábhachtach go léireoimid nach bhfuil áit ar bith ann don fhoréigean agus don chiníochas sa spórt. Cothaíonn spórt muintearas iontach inár bpobail agus ní féidir linn ligean d’eachtraí ciníochais agus foréigin an bonn a bhaint ó chumhacht dhearfach an spóirt."
"Táim ag tnúth le bualadh le roinnt de na feidhmeannaigh is mó le rá sa spórt inniu chun plé a dhéanamh ar an mbealach is fearr is féidir linn eachtraí ciníochais agus foréigin a chosc sa spórt agus chun machnamh a dhéanamh ar an mbealach is fearr is féidir linn aghaidh a thabhairt ar eachtraí den sórt sin, nuair a tharlaíonn siad ar mhí-ámharaí an tsaoil.””
CRÍOCH