English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire O’Donovan chun taisteal go SAM i gcomhair Cheiliúradh Lá Fhéile Pádraig

• An tAire Patrick O’Donovan le buaileadh leis na tionscail scannánaíochta agus cluichíochta

• An tAire chun freastal ar imeachtaí Lá Fhéile Pádraig in Seattle agus San Francisco agus chun a bheith i gceannas ar Shearmanas Saoránachta

• Turas le díriú ar infheistíocht isteach in Éirinn a mhéadú agus béim a chur ar ról na tíre mar mhórpháirtí trádála sna Stáit Aontaithe

Tá an tAire Ealaíon, Meán, Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, chun taisteal go Seattle agus San Francisco chun tionsclaíocht, cultúr agus spórt na hÉireann a chur chun cinn, chomh maith le hÉire a thaispeáint mar mhol suntasach idirnáisiúnta don infheistíocht isteach agus don turasóireacht araon, an tseachtain seo.

Tá mar aidhm leis an chuairt—atá ina chuid lárnach de chlár Lá Fhéile Pádraig an Rialtais—staid na hÉireann a dhaingniú mar phríomhshuíomh idirnáisiúnta do léiriúcháin scannánaíochta agus teilifíse agus mar mhol mór idirnáisiúnta d’fhorbairt cluichí. Cuirfear spórt agus cultúr na hÉireann ar taispeáint don domhan mhór i rith na cuairte chomh maith.

Buailfidh an tAire O’Donovan le mórchomhlachtaí forbartha cluichí agus bogearraí, stiúideónna scannánaíochta suntasacha agus cleachtóirí cultúir Éireannacha ar chósta thiar na Stát Aontaithe i rith na cuairte seachtaine. Tabharfaidh an tAire cuairt freisin ar CLG San Francisco, beidh sé i gceannas ar shearmanas saoránachta agus freastalóidh sé ar roinnt imeachtaí Lá Fhéile Pádraig in Seattle agus San Francisco.

Dúirt an tAire O’Donovan an méid seo roimh an mhisean:

“Tá an clár seo do Lá Fhéile Pádraig ina dheis ollmhór do Rialtas na hÉireann chun na dlúthcheangail, chultúrtha agus tionsclaíocha araon, idir ár náisiún, ár ndiaspóra agus ár mórpháirtithe ar fud an domhain a léiriú. Ní amháin go bhfuil sé seo tábhachtach do chomhlachtaí Éireannacha atá ag díol isteach i margadh SAM, ach tá sé tábhachtach d’Éirinn freisin, arb í an séú infheisteoir is mó sna Stáit Aontaithe í chomh maith lena bheith ina mórpháirtí trádála. Tá an-rath ar thionscail scannánaíochta agus forbartha cluichí na hÉireann le blianta beaga anuas, agus tá mé ag súil go mór le cruinnithe le geallsealbhóirí tábhachtacha sna Stáit Aontaithe chun plé a dhéanamh ar dheiseanna do chomhoibriú níos dlúithe amach anseo."

“Tá athbheochan domhanda i gcultúr na hÉireann ag tarlú faoi láthair—ár dteanga, ár scannánaíocht, ár gceol, ár n-ealaín agus ár spórt. An tseachtain seo beidh béim á cur agam ar an ról atá ag Cultúr Éireann i gcur chun cinn chultúr na hÉireann thar lear, agus beidh mé ag buaileadh le healaíontóirí, ceoltóirí agus lúthchleasaithe atá ag iompar lóchrann chultúr na hÉireann ar fud an domhain.”

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí:

Is deis ar leith é Lá Fhéile Pádraig chun leas na hÉireann a chur chun cinn timpeall an domhain agus chun Éire a chur chun cinn mar áit don infheistíocht, don chuartaíocht, don obair nó don staidéar. I mbliana, tabharfaidh 38 ionadaí an Stáit teachtaireacht na hÉireann chuig níos mó ná 90 cathair in 40 tír.

Díreofar teachtaireacht fhoriomlán Lá Fhéile Pádraig 2025 ar na mianta atá leagtha amach i gClár an Rialtais, le béim á leagan ar ionchais na hÉireann agus a tarraingteacht mar gheilleagar trádála beag oscailte, lenár rath eacnamaíoch fréamhaithe san oscailteacht seo agus inár dtoilteanas chun caidrimh a chothú.

Cuirfidh Airí infheistíocht na hÉireann thar lear chun cinn, in éineacht le comhoibriú taighde agus oideachais idirnáisiúnta, comhpháirtíochtaí idir comhlachtaí Éireannacha agus eachtracha a théann chun tairbhe don dá thaobh, agus an rath agus forás atá tagtha ar chomhlachtaí eachtracha a roghnaigh Éire mar cheanncheathrú s’acu san Eoraip.

Is deis gan chomparáid é clár Lá Fhéile Pádraig chun caidrimh a chothú le ceannairí polaitiúla agus gnó, cinnteoirí, agus páirtithe cultúrtha agus acadúla móra; chun ár gcur chuige comhsheasmhach prionsabálta tairbheach i leith gnóthaí eachtracha a chur in iúl; chun ealaíona, cultúr agus oidhreacht chomhaimseartha agus thraidisiúnta na hÉireann a cheiliúradh; agus chun béim a leagan ar éachtaí agus tionchar ár straitéis Éire Dhomhanda.