English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Athbhreithniú ar Chlár Caipitil agus Trealaimh Spóirt 2020 arna fhoilsiú ag na hAirí Martin agus Byrne

Ar na moltaí tá:

• Fócas níos mó ar Ghníomhú ar son na hAeráide, Míchumas agus Cothromaíocht Inscne

• Fócas leanúnach ar thionscadail ina gcomhroinntear saoráidí le spóirt eile

• Infheistíocht bhreise i gceantair faoi mhíbhuntáiste

• Infheistíocht leanúnach i dtionscadail ina ndírítear ar rannpháirtíocht na mban

• Tús áite do thionscadail ina ndírítear ar mhíchumas

• Pointí breise a thabhairt feasta d’iarratais ina ndírítear ar an gcomhshaol

Foilsíodh Athbhreithniú na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar bhabhta 2020 den Chlár Caipitil agus Trealaimh Spóirt ar láithreán Gréasáin na Roinne inniu.

Is é an clár seo an phríomhfheithicil do thacaíocht an Rialtais chun áiseanna spóirt agus áineasa a fhorbairt agus chun trealamh neamhphearsanta spóirt a cheannach ar fud na tíre. Is é an aidhm rannpháirtíocht sa spórt a mhéadú ar fud gach cuid den phobal.

Tar éis gach babhta den Chlár, déantar athbhreithniú chun athruithe chun feabhais a aithint. Tugann an tAthbhreithniú a foilsíodh inniu léargas cuimsitheach ar gach gné de bhabhta 2020 lena n-áirítear sonraí staitistiúla ar an gcaoi a leithroinneadh an maoiniú. Ba é babhta 2020 an babhta ba mhó go dtí seo: leithdháileadh breis agus €166m ar chlubanna agus ar eagraíochtaí spóirt ar fud na tíre.

I measc na moltaí a rinneadh san Athbhreithniú a foilsíodh inniu tá tosaíocht leanúnach a thabhairt do thionscadail a roinneann saoráidí le spóirt eile agus tuilleadh infheistíochta i limistéir faoi mhíbhuntáiste. D’aithin an tAthbhreithniú réimsí nua freisin le díriú orthu, lena n-áirítear:

• pointí breise a thabhairt do thionscadail ina ndírítear ar bhearta maidir le gníomhú ar son na haeráide

• scóir imfhálaithe ag céim an mheasúnaithe a thabhairt do thionscadail ina ndírítear ar oiriúnuithe do dhaoine faoi mhíchumas

• sainchúram an chláir a leathnú chun iarratais ar uasghrádú ar linnte snámha a áireamh ann

• méadú ar thairseacha do dheontais chaipitil ag an leibhéal áitiúil agus réigiúnach araon

• tús áite a thabhairt d'iarratais ó cheantair ina bhfuil fás suntasach ag teacht ar an daonra.

Ag labhairt dó ar fhoilsiú an Athbhreithnithe dúirt an tAire Martin,

“Tá sé spreagúil go bhfuil roinn ar leith ar Ghníomhú ar son na hAeráide san Athbhreithniú agus táim ag tnúth le béim níos mó a fheiceáil ar an ngné sin nuair a osclófar babhta nua den Chlár. Léiríonn an tAthbhreithniú freisin gur éirigh go maith leis na bearta a tugadh isteach chun díriú ar rannpháirtíocht na mban agus ba mhaith liom go leanfaí den fhócas seo i mbabhtaí amach anseo. Tá fíordhifríocht á déanamh i bpobail ar fud na hÉireann a bhuíochas don leibhéal maoinithe is airde riamh a fuaireamar don bhabhta deireanach. Déanfaidh mé mo dhícheall an infheistíocht seo a choinneáil sna blianta amach romhainn.”

Dúirt an tAire Byrne,

"Tá rannpháirtíocht ghníomhach sa spórt ríthábhachtach dár bhfolláine fhisiciúil agus mheabhrach. Chun a chinntiú go mbeidh an rannpháirtíocht chomh mór agus is féidir, tá sé ríthábhachtach go mbeadh saoráidí agus trealamh cuí spóirt ar fáil a fhreagraíonn d’éileamh an phobail. Áitím ar gach eagraíocht spóirt, club agus scoil a cháilíonn don chlár tús a chur lena gcuid ullmhúcháin ionas go mbeidh siad faoi réir nuair a thosóidh babhta 2023 den Chlár ag glacadh le hiarratais.”

“Táim meáite go leanfaidh an Clár dá fhócas ar rannpháirtíocht na mban agus ina leith sin, fáiltím roimh aitheantas san Athbhreithniú go bhfuil sé riachtanach ionadaíocht 40% ar a laghad de gach inscne a bhaint amach i mballraíocht Bhoird na gComhlachtaí Náisiúnta Rialaithe Spóirt roimh dheireadh 2023. Breathnófar ar chloígh nó nár chloígh an Comhlacht Náisiúnta Rialaithe i dtrácht leis an gceanglas maidir le cothromaíocht inscne agus leithdháiltí deontais á bhfaomhadh feasta.

Leag an bheirt Aire béim ar an ngá atá le heagraíochtaí nár chuir isteach ar mhaoiniú roimhe seo clárú ar chóras iarratais ar líne na Roinne (OSCAR). Is féidir é seo a dhéanamh ar shuíomh Gréasáin na Roinne ag www.sportscapitalprogramme.ie

Déanfar “Treoir maidir le hIarratas a Dhéanamh” do bhabhta 2023 den Chlár a ullmhú anois chun na moltaí atá san Athbhreithniú a chur i bhfeidhm. Fógróidh na hAirí na dátaí cruinne óna nglacfar le hiarratais nua sna seachtainí amach romhainn.

Gheofar an t-athbhreithniú 2020 iomlán le híoslódáil ag anseo