English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Athbhreithniú ar na hImeachtaí Ainmnithe fógartha ag an Aire Martin

Iarrtar ar an bpobal aighneachtaí a chur isteach maidir leis na himeachtaí ar cheart saorchraoladh a dhéanamh orthu

Chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán tús inniu (10 Nollaig 2020) le comhairliúchán poiblí maidir leis na himeachtaí spórt agus eile a ainmneofar mar imeachtaí atá fíorthábhachtach don tsochaí.

Nuair a fhaigheann imeacht ainmniúchán mar imeacht atá fíorthábhachtach don tsochaí craoltar é, beo nó iarbheo, ar mhaithe le leas an phobail, ar chraoltóir cáilithe (RTÉ, Virgin Media agus TG4).

Dúirt an tAire Martin:

“Tá sé tábhachtach go mbeadh fáil ar bhonn saorchraolta ar imeachtaí náisiúnta a bhfuil tábhachtach ar leith leo d’Éirinn, le go bhféadfaidh muid ar fad taitneamh a bhaint astu. Cothaíonn imeachtaí spórt agus imeachtaí eile a bhfuil tábhachtach leo don náisiún, comhtháthú sóisialta, cruthaíonn siad spiorad pobail, spreagann siad rannpháirtíocht san imeacht féin agus músclaíonn siad mórtas cine. Má bhíonn costas ag baint leis na himeachtaí tábhachtacha seo beidh an dream nach bhfuil ar a gcumas íoc astu thíos leis agus ní beidh siad in ann páirt a ghlacadh sna himeachtaí ar bhealach atá cóir agus cothrom.”

Tugann an comhairliúchán deis do pháirtithe leasmhara a ndearcadh a léiriú maidir leis an liosta atá ann faoi láthair, agus moltaí a dhéanamh i dtaobh imeachtaí ba cheart a chur ar an liosta nó a bhaint de. Is féidir eolas breise a fháil ar shuíomh gréasáin an comhairliúcháin, maidir leis na critéir atá i gceist le go mbeadh imeacht cáilithe mar imeacht ainmnithe.

Is féidir freagraí a sheoladh chuig an Roinn;

  • tríd an suirbhé ar líne atá ar fáil anseo
  • trí chóip chrua de do chuid freagraí a chur chuig: Darragh Hogan, Athbhreithniú ar Chumhdach Mhórimeachtaí, An Rannóg Craoltóireachta agus Meán, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, 23 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, D02 TD30

Is é an dáta deireanach ar a nglacfar le tuairimí ná 14 Eanáir 2021.

Tá sé i gceist ag an Roinn an t-ábhar ar fad a sheolfar isteach a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne. Ní mór do fhreagróirí an t-ábhar atá faoi rún agus nach bhfuil cead a fhoilsiú a thabhairt le fios. Cuirfear i bhfeidhm forálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 1997 go 2014. Má tharlaíonn, i ndiaidh an athbhreithnithe, go nglacann an tAire cinneadh cur le liosta na n-imeachtaí ainmnithe, eiseoidh sí fógra maidir leis na himeachtaí breise atá i gceist aici a ainmniú agus iarrfaidh sí tuairimí maidir leis an liosta.

Nótaí

Go hiondúil chun ainmniúchán a bhaint amach iarann an AE go mbeadh sciar 5% de lucht féachana i gceist. Is é sin, líon na ndaoine a bhfuil deis acu breathnú ar imeacht áirithe, a thapaíonn an deis sin. Mar shampla bhí sciar 21% agus 17.7% lucht féachana ag Cluichí Ceannais Chraobhchomórtas Sinsir Idirchontae Chumann Lúthchleas Gael sa Pheil agus san Iománaíocht, sa tréimhse 2010 go 2015 agus 5.2% agus 4.2% ag An Grand National agus ag Corn na Náisiún ag Seó Capall Bhaile Átha Cliath sa tréimhse céanna.

Faoi Rialacha an AE, chun gur féidir imeacht a ainmniú mar imeacht atá fíorthábhachtach don tsochaí caithfidh an t-imeacht ar a laghad dhá chritéar díobh seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Tacaíocht choitianta a bheith ann don imeacht taobh istigh den tír, ní leor go mbeadh sé tábhachtach do lucht leanúna an spóirt nó an imeachta atá faoi chaibidil;
  • Tábhacht shainiúil shoiléir ó thaobh an chultúir a bheith leis an imeacht don mhórphobal, go háirithe ó thaobh féiniúlacht chultúir a spreagadh;
  • Go mbeadh baint ag an bhfoireann náisiúnta leis an imeacht i gcomhthéacs comórtais nó craobh atá tábhachtach go idirnáisiúnta;
  • Go raibh an t-imeacht saorchraolta ar an teilifís go dtí seo agus gur mheall sé lucht féachana mór.

Tá na himeachtaí atá ainmnithe faoi láthair faoin Ordú arna dhátú an 13 Márta leagtha amach mar seo a leanas:

Beo

  • Na Cluichí Oilimpeacha Samhraidh
  • Cluichí Ceannais Chraobhchomórtais Sinsir Idirchontae na hÉireann sa Pheil agus san Iománaíocht
  • Cluichí cáilithe na hÉireann ag baile agus as baile i gCraobhchomórtas Peile na hEorpa agus i gCorn Domhanda FIFA
  • Cluichí na hÉireann i gCraobhchomórtas Peile na hEorpa agus i gCorn Domhanda FIFA
  • Cluichí oscailte, Cluichí Leathcheannais agus Craobhchomórtais Peile na hEorpa agus Corn Domhanda FIFA
  • Cluichí na hÉireann i gCraobhchomórtais Chorn an Domhain sa Rugbaí
  • An Grand National agus Darbaí na hÉireann
  • Corn na Náisiún ag Seó Capall Bhaile Átha Cliath

Iarchurtha

  • Cluichí na hÉireann i gCraobhchomórtas Rugbaí na Sé Náisiún